7. Bannaí Rialtas na hÉireann

2016
€m
2015
€m
Bannaí Ráta Sheasta 101,418 101,500
Bannaí Ráta Chomhlúthaigh 19,534 22,534
Bannaí Amúchta 693 1,052
121,645 125,086

Bannaí Ráta Chomhlúthaigh – Nótaí Gealltanais CÉRB a Ghlanadh:
Tar éis leachtú na Corparáide Éireannaí um Réiteach Banc (“CÉRB”) an 7 Feabhra 2013, agus an chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Banc Ceannais na hÉireann (BCÉ) maidir le bannaí Rialtais fadtéarmacha a chur in ionad na nótaí gealltanais a soláthraíodh don CÉRB a bhí faoi úinéireacht stáit, cuireadh na nótaí gealltanais ar ceal agus cuireadh ocht mbanna nua Státchiste le Ráta Comhlúthach ina n-ionad. Eisíodh suim iomlán €25.03 billiún do BCÉ an 8 Feabhra 2013, agus aibíochtaí idir 25 bliain agus 40 bliain ag gabháil leis na bannaí.

I mí na Nollag 2016, cheannaigh agus chealaigh an Ghníomhaireacht €3 billiún (2015 €2 billiún) de na Bannaí Ráta Chomhlúthaigh. Ceannaíodh na bannaí ó BCÉ, rud a laghdaigh iomlán ainmniúil gan íoc na mBannaí Ráta Chomhlúthaigh go dtí €19.53 billiún (2015 €22.53 billiún). Tá sé i gceist ag BCÉ íosmhéid na n-urrús sin a dhíol de réir an sceidil seo a leanas: 2016-2018 (€0.5 billiún in aghaidh na bliana), 2019-2023 (€1 billiún in aghaidh na bliana), agus 2024 ar aghaidh (€2 billiún in aghaidh na bliana) go dtí go ndíoltar gach banna.

Ar an dá lá, 16 Feabhra 2017 agus 3 Bealtaine 2017, cheannaigh agus chealaigh an Ghniomhaireacht €500 milliún de Bhannaí Státchiste Ráta Chomhlúthaigh.

< NÓTA 6

NÓTA 8 >