8. Maoiniú Chlár AE / CAI

Rinne clár AE / CAI d’Éirinn soláthar do thacaíocht sheachtrach €67.5 billiún ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (“CAI”), ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (“EFSM”), ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (“EFSF”) agus d’iasachtaí déthaobhacha eile. Ba i mí an Mhárta 2014 a rinneadh an eisíocaíocht deiridh €0.80 billiún ón EFSM faoin gclár.

Tar éis comhaontú idir ballstáit AE agus iasachtóirí déthaobhacha i mí na Nollag 2014, rinne an Ghníomhaireacht aisíocaíochtaí luatha idir Nollaig 2014 agus Márta 2015, dar suim rud beag níos mó ná €18 billiún san iomlán (lena n-áirítear níos mó ná €9 billiún d’íocaíochtaí in 2015). Rinneadh na haisíocaíochtaí sin le comhaontú CAI agus níor tabhaíodh aon phionós ná muirear. Dá thoradh seo, comhlíonadh gach dualgas sceidealaithe aisíocaíocht bunairgid CAI a bhí le bheith dlite idir Iúil 2015 agus Eanáir 2021.

Is iad seo a leanas na dliteanais gan íoc faoi Chlár AE / CAI ag deireadh 2016, lena n-áirítear tionchar na n-idirbheart fálaithe airgeadra:

Iasachtóir 2016
€m
Ualaithe
Meán
Iarmharach
Aibíocht
Blianta
2015
€m
Ualaithe
Meán
Iarmharach
Aibíocht
Blianta
An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta 4,354 5.0 bliain 4,348 6.0 bliain
An tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais 18,411 16.1 bliain 17,881 17.1 bliain
An Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM) 22,500 10.1 bliain 22,500 11.1 bliain
Státchiste na Ríochta Aontaithe 4,033 3.2 bliain 4,018 4.2 bliain
Ríocht na Danmhairge 400 3.6 bliain 400 4.6 bliain
Ríocht na Sualainne 600 3.6 bliain 600 4.6 bliain
Iomlán 50,298 49,747

Léirítear thuas na síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSF a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2013. Cé gur comhaontaíodh síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSM in 2013 freisin, socrófar na dátaí athbhreithnithe aibíochta nuair a bheidh siad ag druidim ar a mbundátaí aibíochta. Le linn 2015, bhain iasacht EFSM amháin an dáta aibíochta amach agus rinneadh an dáta aibíochta sin a shíneadh. Dá réir sin, ní léiríonn aibíocht na n-iasachtaí EFSM atá nochta ach amháin na síntí aibíochta a comhaontaíodh go dtí seo. Ní mheastar go mbeidh ar Éire ceann ar bith de na hiasachtaí a fuair sí ó EFSM a athmhaoiniú roimh an mbliain 2027.

Léiríonn an t-athrú ar an dliteanas gan íoc leis an EFSF idir deireadh 2015 agus deireadh 2016 an íocaíocht den chorrlach réamh-íoctha de €530 milliún a baineadh ón tarraingt anuas bhunaidh in 2011. I mí Iúil 2015 fuarthas íocaíocht iomlán de €555 milliún ón EFSF arb ionann agus an corrlach réamh-íoctha de €530 milliún, €70 milliún de thoradh carntha ar infheistíocht lúide €45 milliún dlite do na Ballstáit is Ráthóirí. Tá an toradh ar infheistíocht de €70 milliún léirithe san Ús Faighte agus Ioncam Eile agus an €45 milliún mar chuid de Ús Íoctha sa Ráiteas maidir le Fónamh d’Fhiachas.

< NÓTA 7

NÓTA 9 >