17. Cuntas Iasachtaí Náisiúnta (Foirceannadh)

Nuair a bhíonn Iasacht Náisiúnta, Stoc nó Banna Rialtais le fuascailt, bíonn an tsuim iomlán gan íoc iníoctha leis an sealbhóir. Aistrítear aon suimeanna nach n-éilíonn an sealbhóir ar dháta na fuascailte chuig an gcuntas seo trí íocaíocht ón Státchiste. Dá bhrí sin, is ón gcuntas sin a fhreastalófar ar aon éilimh amach anseo a dhéanfar i dtaca leis na hiasachtaí aibithe seo. Áirítear sa chuntas seo freisin iarmhéideanna a bhí i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann agus na Roinne Airgeadais mar Ghníomhairí Íocaíochtaí i leith íocaíochtaí fuascailte nár glacadh leo, agus a aistríodh chuig an nGníomhaireacht.

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí 2016
€'000
2015
€'000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 3,121 3,075
Fáltais ón Státchiste 115 707
Fáltais ó Chuntas an Bhainc Ceannais 63 63
Íocaíochtaí le Cuntas an Bhainc Ceannais (63) (69)
Íocaíochtaí le Fuascailt ar Iasachtaí Náisiúnta (65) (655)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann 3,171 3,121

< NÓTA 16

NÓTA 18 >