18. Cuntas Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Díbhinní nár Éilíodh)

Nuair atá ús dlite ar dhliteanas banna, íocann an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán leis an nGníomhaire Íocaíochta, a eisíonn í ansin don sealbhóir cláraithe. Léiríonn an t-iarmhéid i gcuntas na ndíbhinní nár éilíodh ús ar iasachtaí aibithe, a d’aischuir an Gníomhaire Íocaíochta leis an nGníomhaireacht agus nach bhfuil éilithe fós ag na sealbhóirí cláraithe. Cothaíonn an Gníomhaire Íocaíochta cúlchnap airgid, thar ceann na Gníomhaireachta, a úsáidtear chun éilimh a íoc le linn na bliana.

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí 2016
€'000
2015
€'000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2,519 2,549
Fáltais / (Íocaíochtaí) d’Ús nár Éilíodh 67 (30)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann 2,586 2,519

< NÓTA 17

NÓTA 19 >