11. Aistrithe

11.1 Sócmhainní a dhí-aithin CNP

Ón 22 Nollaig 2014, is é atá i gCoimisiún CNP coimisinéir aonair (Príomhfheidhmeannach, GBCN) a gceanglaítear air le hAcht GBCN 2014 gach rud is indéanta go praiticiúil a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’aistriú aon sócmhainní atá fágtha arna rialú le dlí eachtrach. Ní mór aistriú dlíthiúil na sócmhainní seachtracha a dhéanamh i gcomhar leis an gcontrapháirtí iomchuí. 
Tá an próiseas beagnach críochnaithe, agus tá roinnt bheag sócmhainní eachtracha nach bhfuil aistrithe ó CNP go Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn faoi 31 Nollaig 2015. Rinne Coimisiún CNP na sócmhainní a bhí ag CNP a dhí-aithint cheana, agus ar aon dul le caighdeáin tuairiscithe chuntasaíochta, aithnítear agus cuirtear i láthair iad i ráitis airgeadais an Chiste.

Liostaítear miondealú thíos ar na sócmhainní a bhí fágtha faoi úinéireacht dhlíthiúil CNP amhail an 31 Nollaig, faoi mar a léirítear i Ráitis Airgeadais an Chiste:

2016
€m
2015
€m
Punann lánroghnach
Sócmhainní 0.4 1
Iomlán Na Sócmhainní a shealbhaítear go dlíthiúil in CNP 0.4 1

11.2 Aistrithe chuig an Státchiste

De réir treorach ón Aire Airgeadais, aistríodh €1.6bn chuig an Státchiste ón bPunann faoi Threoir an 19 Márta 2015.

De réir treorach ón Aire Airgeadais, aistríodh €1.9bn chuig an Státchiste ón bPunann faoi Threoir an 18 Nollaig 2015. Baineann an tsuim seo leis na fáltais ó fhuascailt scaireanna tosaíochta AIB agus le díbhinní bainteacha. Faoi threoir an Aire Airgeadais úsáideadh €0.2bn den airgead tirim seo chun Nótaí Gealltanais EBS an Aire a fhuascailt agus cuireadh an chuid eile ar ais sa Státchiste.

2016
€m
2015
€m
Aistrithe chuig an Státchiste an 19 Márta 2015 - 1,634
Aistrithe chuig an Státchiste an 18 Nollaig 2015 - 1,866
- 3,500

11.3 Aistrithe ón Státchiste

Ar an 6 Samhain 2015, aistríodh €335m ón Státchiste chuig an gCiste (Nóta 14.1).

An Státchiste a thug an €335m i gcomhair Ciste nua Ceangailteachta laistigh den Phunann Lánroghnach. Tá an Ciste Nua Ceangailteachta curtha in áirithe i gcomhair Infheistíochta i dtionscadail a fheabhsaíonn ceangailteacht fhisiciúil, fhíorúil nó fuinnimh na hÉireann.

2016
€m
2015
€m
Aistrithe ón Státchiste - 335

< NÓTA 10

NÓTA 12 >