16. Bainistíocht riosca airgeadais - Punann faoi Threoir

16.1 Luachanna córa na nIonstraimí Airgeadais

i) Creat luachála

Is faoi threoir an Aire Airgeadais a dhéantar gach infheistíocht agus diúscairt a bhaineann leis an bPunann faoi Threoir. Maidir leis an bpunann faoi threoir, tá sé de chúram ar an nGníomhaireacht treoracha an Aire Airgeadais a chur i bhfeidhm agus urrúis ábhartha a luacháil i gcomhair ráitis airgeadais an Chiste.

Ós rud é nach bhfágann gnáthshealúchas scaireanna 99.9% an Chiste i mBainc Aontas Éireann ach 0.1% de chomhlúthacht shaor, d’iarr an Ghníomhaireacht ar chomhlacht seachtrach luach neamhspleách cóir margaidh a sholáthar de shealúchas an Chiste amhail an 31 Nollaig 2016 d’fhonn an infheistíocht seo a luacháil ar aon dul le prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo.

Luacháladh gnáthshealúchas scaireanna an Chiste i mBanc na hÉireann ag a phraghas bainteach luaite margaidh amhail an 31 Nollaig 2016.

Déanann Bank of New York Mellon, Caomhnóir Domhanda an Chiste, infheistíochtaí an Chiste i mBanc na hÉireann agus i mBainc Aontas Éireann a shealbhú. I gcás chliseadh Chaomhnóir Domhanda an Chiste, d’fhéadfadh sé go mbeadh lagú sealadach ann ar chumas an Chiste na hurrúis a aistriú. Is comhalta de mhórmhalartán urrús é Caomhnóir Domhanda an Chiste agus bhí rátáil chreidmheasa fhadtéarmach A1 aige le Moody’s an 31 Nollaig 2016. Déanann an Ghníomhaireacht monatóireacht ar na rátálacha agus ar leorgacht creidmheasa ar bhonn rialta agus athbhreithníonn na torthaí atá i dtuairisc SOC 1 ar rialuithe inmheánacha an Chaomhnóra Dhomhanda ar bhonn rialta

Sa tábla thíos tá anailís ar ionstraimí airgeadais ag luach cóir ar an dáta tuairiscithe de réir an leibhéil san ordlathas luacha chóir. Tá na méideanna bunaithe ar na luachanna aitheanta sa Ráiteas ar Staid Airgeadais. Tá gach tomhas luacha chóir thíos athfhillteach.

2016 Leibhéal 1
€m
Leibhéal 2
€m
Leibhéal 3
€m
Iomlán
€m
Bainc-Aontas Éireann - 11,595 - 11,595
Banc na hÉireann 1,056 - - 1,056
1,056 11,595 - 12,651
2015 Leibhéal 1
€m
Leibhéal 2
€m
Leibhéal 3
€m
Iomlán
€m
Bainc-Aontas Éireann - 12,236 - 12,236
Banc na hÉireann 1,525 - - 1,525
1,525 12,236 - 13,761
Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh

Is ionann an luach sócmhainní sa Phunann faoi Threoir a bhí neamhchosanta ar riosca praghas margaidh an 31 Nollaig 2015 agus luach na n-infheistíochtaí mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas:

2016
€m
2015
€m
Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh
Bainc-Aontas Éireann 11,595 12,236
Banc na hÉireann 1,056 1,525
Sócmhainní iomlána airgeadais FVTPL 12,651 13,761

Gan neamhchosaint ar riosca praghas margaidh
Airgead Tirim 215 240
Iasacht CBSÉ 25 -
Gan neamhchosaint go hiomlán ar riosca praghas margaidh 240 240

Iomlán na nInfheistíochtaí faoi threoir 12,891 14,001

< NÓTA 15

NÓTA 17 >