6. Cánachas ar an bPunann Lánroghnach

Tá ioncam agus brabús an Chiste díolmhaithe ó Cháin Chorparáide na hÉireann de réir alt 230(1) agus 230 (1A) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, arna leasú. Mar sin féin, féadfaidh an Ciste bheith faoi dhliteanas i leith cánacha i ndlínsí thar lear nach bhfuil lándíolúintí ó cháin ar fáil iontu.

Féadfaidh díbhinní agus ús bheith faoi réir cánacha siarchoinneálacha do-aisghabhála eachtracha arna bhforchur ag an tír óna bhfaightear an t-ioncam infheistíochta. Leithdháiltí ioncaim agus gnóthachain a fhaigheann an Ciste óna chuid infheistíochtaí i gcistí réadmhaoine agus gnáthscair phríobháidigh, féadfaidh siad bheith faoi réir cánacha siarchoinneálacha eachtracha freisin. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Ciste bheith faoi réir cánacha eachtracha breise a bhíonn iníoctha gach bliain ar infheistíochtaí áirithe réadmhaoine agus cothromais phríobháidigh, agus iad bunaithe ar a luachanna sócmhainní ag an dáta tuairiscithe.

Tá na cánacha eachtracha a ndearnadh soláthar dóibh leagtha amach thíos:

2016
€m
2015
€m
Athéileamh cánach siarchoinneálaí 0 2
Cánacha eachtracha ar ioncam 10 (8)
Glanchostas Cánach 10 (6)

Fuair an Ciste €0.3m (tréimhse ón 22 Nollaig 2014 go 31 Nollaig 2015: €1m) ó athéilimh chánach siarchoinneála i dtaca le hathéilimh chánach a cuireadh isteach don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2016. Fuair an Ciste aisíocaíocht de €13m ó na Stáit Aontaithe i dtaca le CNP le linn 2016.

< NÓTA 5

NÓTA 7 >