7. Sócmhainní agus dliteanais airgeadais lánroghnacha

7.1 Struchtúr an chiste agus aistriú

Tar éis don CISF a bheith bunaithe i mí na Nollag 2014, tá infheistiú déanta ag an gCiste ar bhonn tráchtála ar bhealach ceaptha chun tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus fostaíocht in Éirinn. Le linn 2016, chuir an CISF Straitéis Aistrithe Punainne Domhanda (SAPD) i bhfeidhm, a rinne punann leachtachta den Phunann Domhanda atá á bainistiú go coimeádach agus a chuirfidh airgead tirim ar fáil chun deiseanna infheistíochta a chistiú de réir mar a thagann siad chun cinn.

Is ionann an Phunann Lánroghnach Iomlán agus €8.1bn, a bhfuil €1.4bn de á infheistiú sa Phunann Éireannach agus €6.7bn á infheistiú sa Phunann Dhomhanda. Amhail an 31 Nollaig 2016, bhí €2.6bn san iomlán geallta don Phunann Éireannach.

7.2 Luacháil Lánroghnach Punann

Infheistíochtaí ag FVTPL 2016
€m
2015
€m
Gnáthscaireanna Luaite 335 1,091
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach 48 17
Gnáthscaireanna Neamhluaite 0 0
Ionstraimí Fiachais Luaite 1,941 581
Ionstraimí Fiachais Neamhluaite 210 185
Infheistíochtaí Réadmhaoine 189 236
Infheistíochtaí Gnáthscair Phríobháidigh 469 367
Infheistíochtaí Foraoiseachta 41 30
Infhiestíochta Fuinnimh 26 -
Infheistiohtaí Bonneagar 130 125
Cistí Infheistíochta Luaite 2,912 2,306
Cistí Infheistíochta Neamhluaite 829 387
Scaireanna in-chomhshóite tosaíochta 29 -
Iasacht in-chomhshóite 1 -
Infháltais Fhadtéarmacha - 18
Gnóthachan Neamhréadaithe ar Roghanna Cothromais - 11
Gnóthachan Neamhréadaithe ar Thodhchaíochtaí 9 -
Gnóthachan Neamhréadaithe ar Chonarthaí i Malairt Eachtrach - 2
Iomlán Infheistíochtaí ag FVTPL 7,169 5,356

Iasachtaí agus infháltais
Fiachas Eile 366 300
Bannaí Eile 95 95
Iomlán na n-iasachtaí agus na n-infháltas 461 395

Dliteanais airgeadais
Caillteanas Neamhréadaithe ar roghanna cothromais (1) -
Caillteanas Neamhréadaithe ar babhtáil mainneachtana creidmheasa (1) -
Caillteanas Neamhréadaithe ar Thodhchaíochtaí - (1)
Caillteanas Neamhréadaithe ar Chonarthaí i Malairt Eachtrach (46) -
Iomlán na ndliteanas airgeadais (48) (1)

Airgead agus infheistíochtaí eile
Billí Státchiste 33 450
Airgead Tirim 394 1,281
Iomlán an airgid agus na gcoibhéisí airgid 427 1,731

Iomlán sócmhainní agus dliteanais airgeadais lánroghnacha

8,009

7,481

Suimeanna infhaighte trádála agus suimeanna infhaighte eile

61

396
Iarmhéid dlite ó bhróicéirí 39 -
Iarmhéid dlite le bróicéirí - (15)
Dliteanais eile (18) (5)

Iomlán glansócmhainní lánroghnacha

8,091

7,857

< NÓTA 6

NÓTA 8 >