8. Infheistíochtaí faoi Threoir

Sealbhaíonn an Ghníomhaireacht Infheistíochtaí faoi Threoir faoi réir treoracha arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais de bhun alt 43 d’Acht GBCN 2014. Ní mór sealbhú agus bainistiú na nInfheistíochtaí faoi Threoir, feidhmiú na gceart vótála agus na gceart eile a ghabhann leis na hInfheistíochtaí faoi Threoir ag an nGníomhaireacht agus diúscairt na nInfheistíochtaí faoi Threoir ag an nGníomhaireacht a dhéanamh de réir aon treoracha arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais.

8.1 Luacháil na nInfheistíochtaí faoi Threoir

2016
Aonaid
Milliúin
2015
Aonaid
Milliúin
Luacháil
(€)
2016
In Aghaidh
an Aonaid
Luacháil
(€)
2015
In Aghaidh
an Aonaid
2016
€m
2015
€m
Banc na hÉireann (BoI)
Gnáthscaireanna1 4,512 4,512 0.234 0.338 1,056 1,525

Bainc-Aontas Éireann (AIB)
Gnáthscaireanna2 2,711 2,711 4.277 4.5138 11,595 12,236

Iomlán shócmhainní na n-
infheistíochtaí faoi threoir


12,651


13,761

Airgead (Nóta 12)

215

240
Iasacht CBSÉ (Nóta 14.3) 25 -
Iomlán na n-infheistíochtaí faoi
threoir

12,891

14,001

8.2 Gluaiseacht luacháil na n-infheistíochtaí faoi threoir

Banc na hÉireann 2016
€m
2015
€m
Luacháil tosaigh 1,525 1,412
(Caillteanas) / gnóthachan infheistíochta le linn na tréimhse (469) 113
Luacháil Deiridh 1,056 1,525
Bainc-Aontas Éireann 2016
€m
2015
€m
Luacháil tosaigh 12,236 11,711
Fuascailt scaireanna tosaíochta - (1,700)
(Caillteanas) / gnóthachan infheistíochta le linn na tréimhse (641) 2,225
Luacháil Deiridh 11,595 12,236
i) Luacháil infheistíochtáí faoi threoir scaireanna AIB

Agus luacháil an Chiste ar AIB á cinneadh aige, rinne EY breithniú ar roinnt modheolaíochtaí luachála, lenar áiríodh luacháil a bhí bunaithe ar thorthaí cuideachtaí inchomparáide, anailís ar chuideachtaí inchomparáide agus anailís ar idirbhearta ar fasaigh iad.

Bhíothas den tuairim go raibh anailís ar chuideachtaí inchomparáide ar an modheolaíocht ba chuí maidir leis na Gnáthscaireanna in AIB a luacháil. Mar chuid den anailís sin, baineadh úsáid as iolraí margaidh a bhí inchomparáide agus ar fáil go poiblí - mar shampla, an leabharluach inláimhsithe i gcoibhneas leis an toradh ar chothromas - ar mhaithe le luach a chur ar na gnáthscaireanna. Rinne EY breithniú ar iolraí eile freisin amhail an praghas i gcoibhneas an tuillimh agus an praghas i gcoibhneas an leabharluacha.

Cé go raibh méadú sa ghlanluach de réir na leabhar ar AIB thar an bhliain, tá an luach níos ísle ag 31 Nollaig 2016 mar gheall ar laghdú sa luacháil phiarghrúpa.

Ba chóir a thabhairt faoi deara gurb ann do roinnt íogaireachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don luacháil ar AIB, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Féideartha IPO de scaireanna AIB i 2017;
  • Athruithe i meon agus i ndearcadh infheisteoirí i leith na mbanc agus san ionchas atá ann don tionscal baincéireachta agus don mhórgheilleagar intíre agus do mhórgheilleagar na hEorpa;
  • Athruithe ar fheidhmíocht airgeadais agus ionchas AIB. Tá AIB neamhchosanta go mór ar gheilleagar intíre na hÉireann. D’fhéadfadh cinneadh na Ríochta Aontaithe maidir leis an Aontas Eorpach a fhágáil tionchar a imirt ar na téarmaí faoina mbeidh geilleagar na hÉireann ag feidhmiú agus ar an méid a leanfaidh sreabhadh na hinfheistíochta isteach ar aghaidh.

Dá bhfanfadh na tosca eile uile mar atá, m.sh. gluaiseacht 1% i luacháil an phiarghrúpa inchomparáide, bheadh athrú de thart ar €104.3m i luacháil na nGnáthscaireanna in AIB amhail an 31 Nollaig 2016 (2015: €122.4m).

  • Tá luacháil na scaireanna in BoI bunaithe ar phraghsanna luaite.
  • Mar gheall ar an méid gnáthscaireanna atá ag an gCiste in AIB (99.9%), cheap an Ghníomhaireacht EY chun luach cóir neamhspleách a chur ar na hinfheistíochtaí.

< NÓTA 7

NÓTA 9 >