15. Bainistíocht riosca airgeadais

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as bainistíocht riosca na Punainne Lánroghnaí. Maidir leis an bpunann faoi Threoir, tá sé de chúram ar an nGníomhaireacht treoracha an Aire Airgeadais a fheidhmiú agus urrúis ábhartha a luacháil i gcomhair ráitis airgeadais an Chiste.

Is é euro bunairgeadra an Chiste. Is in euro a thugtar na torthaí tomhaiste agus na rioscaí punainne monatóirithe.

I ngnáthchúrsa a chuid gníomhaíochtaí, déanann an Ciste bainistiú gníomhach ar raon éagsúil rioscaí airgeadais, lena n-áirítear riosca infheistíochta, riosca margaidh, riosca creidmheasa agus riosca leachtachta.

Sainmhíníonn Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca na Gníomhaireachta caighdeáin agus sainmhínithe íosta, éigeantacha, ardleibhéil bainistíocht riosca a bhaineann le gach cuid den Ghníomhaireacht agus ar fud gach catagóir riosca. Ansin, cuirtear na caighdeáin seo i bhfeidhm trí na mionpholasaithe agus mionghnáthaimh a rialaíonn bainistíocht catagóirí aonair agus / nó próisis bainistíochta riosca.

Tá Creatlach Bainistithe Riosca na Gníomhaireachta faoi réir mhúnla na dtrí-líne-cosanta, agus tá a struchtúr eagraíochtúil agus a struchtúr coiste riosca ailínithe d’fhonn úinéireacht agus cuntasacht shoiléir a bhunú ó thaobh bainistiú riosca de.

Ag an gcéad líne chosanta, is iad Aonaid Ghnó agus Feidhmeanna Corparáideacha na Gníomhaireachta go príomha atá freagrach as rioscaí a bhainistiú ar bhonn laethúil, ag cur san áireamh lamháltas agus fonn riosca na Gníomhaireachta, agus i gcomhréir lena cuid beartas, nósanna imeachta, rialuithe agus srianta.

Tá an dara líne, lena gcuimsítear Bainistíocht Riosca, Comhlíonadh agus feidhmeanna rialaithe eile de chuid na Gníomhaireachta, neamhspleách ar oibriúcháin agus ar an mbainistíocht líne thosaigh, agus is é an ról atá aici aon chinntí a mbíonn tionchar acu ar neamhchosaint na heagraíochta ar riosca a cheistiú agus eolas cuimsitheach sothuigthe ar rioscaí a sholáthar.

Soláthraíonn an Fheidhm Iniúchta Inmheánaigh, ar cuid den tríú líne chosanta í, deimhniú neamhspleách, réasúnach, riosca-bhunaithe do phríomhpháirtithe leasmhara maidir le stóinseacht chóras bainistíochta riosca GBCN, maidir lena rialachas agus maidir le dearadh agus éifeachtacht oibríochtúil thimpeallacht an rialaithe inmheánaigh.

Comhtháthaíonn na trí líne chosanta uile ag leibhéal na Gníomhaireachta. Tacaíonn roinnt Coistí agus fochoistí Riosca de chuid GBCN leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna maidir le bainistíocht riosca.

Coistí Ghníomaireachta:
Coiste Infheistíochta GBCN

Ar an gCoiste Infheistíochta tá comhaltaí neamhfheidhmiúcháin agus is iad atá freagrach as straitéis infheistíochta an Chiste a mhaoirsiú. Tá cur síos ar ról an Choiste i Nóta 14.2.

Coiste Riosca na Gníomhaireachta (CRG)

Déanann CRG athbhreithniú ar na próisis sainaitheanta agus measúnaithe riosca ina n-iomláine atá ag an nGníomhaireacht. Leagann sé síos caighdeán maidir le monatóireacht chruinn thráthúil ar rioscaí criticiúla agus déanann athbhreithniú ar thuairiscí ar aon sárú ábhartha ar theorainneacha riosca agus ar leorgacht aon bhearta a bheadh molta.

Coiste Iniúchóireachta na Gníomhaireachta

Cuidíonn an Coiste Iniúchóireachta leis an nGníomhaireacht ina maoirsiú ar chaighdeán agus ar shláine ráitis airgeadais na Gníomhaireachta agus déanann athbhreithniú agus monatóireacht ar éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, an phróisis iniúchta inmheánaigh agus na feidhme comhlíontachta, agus déanann athbhreithniú agus breithmheas ar aon aschuir ón iniúchóir reachtúil.

Chumaiscadh an CRG agus Coiste Iniúchóireachta na Gníomhaireachta ar 1 Feabhra 2017.

Coistí Bainistíochta:
Coiste Bainistíocht Punainne (CBP)

Áirítear an CBP leis an gcéad líne chosanta ar a bhfuil comhaltaí sinsearacha den fhoireann infheistíochta Ciste. Is iad príomhfheidhmeanna an CBP moltaí infheistíochta a mheas agus a dhéanamh le Coiste Infheistíochta na Gníomhaireachta agus maoirseacht bhainistíochta a dhéanamh ar infheistíochtaí an Chiste. Trí phróiseas infheistíocht inmheánach an Chiste, féachtar lena chinntiú go luacháiltear go hiomlán gach deis infheistíochta i dtéarmaí tráchtálachta, acmhainn tionchar eacnamaíochta agus cuibhiúlacht i gcomhthéacs foriomlán an Chiste.

An Coiste Bainistíochta Riosca Fiontair (CBRF)

Is coiste bainistíochta é an CBRF a dhéanann maoirsiú ar fhorfheidhmiú fhonn riosca foriomlán na Gníomhaireachta agus ar lucht ardbhainistíochta agus iad ag bunú córas iomchuí (lena n-áirítear beartais, nósanna imeachta agus teorainneacha riosca) lena chinntiú go ndéantar rioscaí fiontair a shainaithint, a thomhas, a mhonatóiriú, a rialú agus a thuairisciú go héifeachtach.

Coiste Riosca Creidmheasa Contrapháirtí (CRCC)

Maoirsíonn agus comhairlíonn an CRCC an CBRF maidir le neamhchosaint ar riosca creidmheasa contrapháirtí. Soláthraíonn sé clár rioscaí agus sonraí maidir le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa contrapháirtí ábhartha don CBRF. Foirmlíonn sé, cuireann i bhfeidhm agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh Bheartas Bainistíochta Riosca Creidmheasa Contrapháirtí na Gníomhaireachta agus cinntíonn go ndéantar gach beart is iomchuí maidir le sárú ar bith

Coiste Riosca Margaidh agus Leachtachta (CRML)

Maoirsíonn agus comhairlíonn MLRC an CBRF maidir le neamhchosaint ar rioscaí margaidh agus leachtachta. Soláthraíonn sé clár rioscaí maidir le neamhchosaintí ar riosca margaidh agus leachtachta agus tugann sonraí don CBRF. Foirmlíonn sé, cuireann i bhfeidhm agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh Bheartais Bainistíochta Riosca Margaidh agus Leachtachta GBCN agus cinntíonn go ndéantar gach beart is iomchuí maidir leis an mBeartas ábhartha, nó maidir le sárú ar bith.

Coiste Riosca Oibríochtúil agus Rialaithe (CROR)

Is coiste bainistíochta é an CROR a dhéanann athbhreithniú ar an gcreatlach riosca oibríochtúil agus ar na beartais riosca oibríochtúil bhainteacha agus molann don CBRF iad lena bhfaomhadh. Faireann, athbhreithníonn agus ceistíonn an CROR rioscaí oibríochtúla GBCN agus tugann tuairisc ar bhainistiú rioscaí oibríochtúla don CBRF.

15.1 Riosca margaidh

Riosca infheistíochta is ea an riosca go n-imíonn feidhmíocht infheistíochta ó na straitéisí ábhartha. Tá acmhainn oscailte ag an nGníomhaireacht i leith riosca infheistíochta mar a bhfuil sí toilteanach gach rogha fhéideartha seachadta a bhreithniú agus an rogha is dóichí go n-éireoidh léi a phiocadh agus, lena chois sin, leibhéal inghlactha luacha atá coigeartaithe de réir riosca a chur ar fáil.

D’fhéadfadh brabús níos lú ná mar is féidir nó caillteanais iarbhír chaipitil ar bhunchaiteachas a bheith mar thoradh ar aon diall ó mhandáidí ábhartha infheistíochta. Is den ríthábhacht, mar sin de, go gcomhtháthaítear go hiomlán bainistíocht leanúnach riosca infheistíochta i ngníomhaíochtaí agus i gcuspóirí an Chiste. Cé go bhféadann riosca infheistíochta teacht aníos mar gheall ar phróisis measúnú inmheánach nó monatóireachta nach bhfuil stóinsithe go leor, féadann réimse foinsí seachtracha bheith taobh thiar de fosta amhail forbairtí diúltacha maicreacnamaíocha nó margaidh, athruithe gan choinne sa reachtaíocht, tearcfheidhmiú infheistíochtaí aonair nó calaois.

Áirítear le Riosca Infheistíochta na fo-chatagóirí seo a leanas:

  • Riosca próiseas infheistíochta: Riosca brabús níos lú ná mar is féidir a thabhú nó caillteanais chaipitil mar gheall ar phróisis measúnaithe nó faofa moltaí infheistíochta nó monatóireachta ina dhiaidh sin nach bhfuil stóinsithe go leor;
  • Riosca tionchair eacnamaíochta: Riosca nach mbainfear amach cuspóir tionchar eacnamaíochta na straitéise infheistíochta;
  • Riosca caillteanas buan caipitil: Riosca cailleadh rialaithe infheistíochta nó go bhduil margaí neamhleachtach ag am fágáil an infheistíocht; agus
  • Riosca comhchruinniú punainne: Riosca a bhaineann le ró-chomhchruinniú mar gheall ar bheith ag gabháil do straitéis infheistíochta - lena n-áirítear earnáil eacnamaíochta / tionscail, tíreolaíochta, contrapháirtí etc.

Tá Polasaí Riosca Infheistíochta GBCN infheidhme maidir leis an gCiste.

15.2 Riosca margaidh

Is é atá i gceist le riosca margaidh an riosca go luaineoidh luach cóir nó sreafaí airgid amach anseo ionstraime airgeadais de bharr athruithe ar phraghsanna an mhargaidh. Áirítear le fochatagóirí riosca margaidh riosca ráta, riosca malairte eachtraí, riosca praghas margaidh.

Tá glactha ag an gCiste le Straitéis Aistrithe Punainne Domhanda, atá ceaptha le leachtacht leordhóthanach a sholáthar chun ligean don Chiste aistriú go punann atá dírithe ar Éirinn, ar aon dul le sainordú an CISÉ.

Úsáideann an Ciste díorthaigh chun a neamhchosaint ar airgeadra eachtrach, ráta úis agus rioscaí praghsanna eile a bhainistiú. Áirítear leis an hionstraimí a úsáidtear malairtí ráta úis, réamhchonarthaí, todhchaíochtaí agus roghanna. Ní fheidhmíonn an Ciste cuntasaíocht fhálaithe.

i) Riosca ráta úis

Is é is riosca ráta úis ann an riosca go mbeadh tionchar diúltach ag gluaiseachtaí rátaí úis ar luach bunionstraim airgeadais nó tionchar ar shreafaí airgid an Chiste.

Neamhchosaint ar ráta úis

Leagtar amach sa tábla seo a leanas luach na n-urrús lena bhfabhraítear ús seasta sa phunann lánroghnach agus a bhí neamhchosanta ar riosca athruithe sa luach cóir amhail an 31 Nollaig:

Urrúis lena bhfabhraítear ús seasta 2016
€m
2015
€m
A thiocfaidh in aibíocht laistigh de bhliain amháin 415 1
A thiocfaidh in aibíocht idir bliain amháin agus cúig bliana 1,296 292
A thiocfaidh in aibíocht tar éis cúig bliana 391 265
Iomlán na n-infheistíochtaí lena bhfabhraítear ús seasta 2,102 558

Léirítear sa tábla seo sciar na n-urrús airgeadais atá neamhchosanta ar riosca athruithe sa luach cóir de thoradh athruithe i rátaí úis. Chun críocha nochta, tá sócmhainní lena bhfabhraítear ús seasta ar áireamh sa neamhchosaint ar riosca praghais agus sa neamhchosaint ar riosca ráta úis araon. Ní léirítear sa tábla seo neamhchosaint fhéideartha ar bith ar athruithe i rátaí úis a bhaineann le hinfheistíochtaí a shealbhaítear i gcistí infheistíochta.

Mar aon leis na hurrúis lena bhfabhraítear ús sa tábla thuas, tá airgead infheistíochta i seilbh an Chiste freisin, lena n-áirítear airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim dar suim €0.4bn (2015: €1.7bn)(Nóta 12) agus cistí leachtacha dar suim €1.0bn (2015: €1.5bn). Sócmhainní lena bhfabhraítear ús atá sna sócmhainní sin. Luaineoidh sreafaí airgid na sócmhainní sin sa todhchaí de réir athruithe i rátaí úis an mhargaidh.

Anailís íogaireachta

Léirítear san anailís íogaireachta thíos mar a rachfaí i bhfeidhm ar ghlansócmhainní trí athruithe san athróg bhainteach riosca a d’fhéadfadh, ar bhonn réasúnach, titim amach ar an dáta tuairiscithe. Tá cinneadh déanta ag an lucht bainistíochta go bhféadfadh, ar bhonn réasúnach, luainiú 50 bonnphointe i rátaí úis titim amach, nuair a chuirtear san áireamh an timpeallacht eacnamaíochta ina bhfeidhmíonn an Ciste.

Léirítear sa tábla thíos an tionchar ag méadú 50 bonnphointe i rátaí úis ar urrúis an Chiste a bhfuil ús seasta ag dul leo amhail 31 Nollaig. Bheadh tionchar comhionann ach malartach ar na méideanna atá ar taispeáint ag laghdú rátaí úis den mhéid céanna. Go príomha, is de thoradh laghdú i luach cóir urrúis ráta seasta atá an tionchar. Glactar leis san anailís seo gur ann 
do chuar líneach ráta úis agus go mbíonn gach athróg eile tairiseach.

Tionchar ar Ghlansócmhainní punainne lánroghnaí 2016 2015
Laghdú €m (11) (3)
% laghdú -0.13% -0.04%
ii) Riosca malairte eachtraí

Is é is riosca malairte eachtraí ann an riosca go rachadh gluaiseachtaí i rátaí malairte i bhfeidhm ar bhunluach sócmhainní, dliteanas agus ionstraimí díorthacha a ainmnítear in airgeadra eile seachas an euro. Athróidh luach reatha sreafaí airgid de réir mar a athróidh rátaí malairte agus féadann sé seo dul i bhfeidhm ar shreafaí airgid amach anseo fosta.

Tá ceangaltais amuigh ag an gCiste i leith infheistíochtaí réadmhaoine agus cothromais phríobháidigh dar luach USD 198m agus JPY 16m amhail an 31 Nollaig 2016 (USD 181m agus JPY 16m amhail an 31 Nollaig 2015).

Bainistíocht riosca malairte eachtraí

Féachann an Ciste a riosca airgeadra eachtraigh a bhainistiú trí úsáid a bhaint as réamhchonarthaí i malairt eachtrach agus malairtí trasairgeadra. Mar gheall ar ghluaiseachtaí sa ráta malairte, déanann an brabús / caillteanas ar na réamhchonarthaí i malairt eachtrach fritháireamh ar an athrú i luach infheistíochtaí an Chiste nach bhfuil ainmnithe in euro.

Neamhchosaint ar riosca malairte eachtraí

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na luachanna sócmhainní sa Phunann Lánroghnach a bhí neamhchosanta ar riosca airgeadra roimh an bhfálú airgeadra agus ina dhiaidh. Maidir le sealúchais i gcistí infheistíochta, tugann sé mionsonraí ar bhonnairgeadra an chiste iomchuí. Nuair is cuí, bainistíonn an Ghníomhaireacht an neamhchosaint a chruthaíonn bun-infheistíochtaí ciste le cois a bhunairgeadra.

Airgeadra
áitiúil
2016
m
Bonn
Airgeadra
2016
€m
Neamhchosaint
Ghlan
2016
€m
Dollar SAM 2,953 2,801 483
Punt Shasana 268 313 24
Coróin na Sualainne 9 1 1
Dollar Shingeapór 1 1 1
Coróin na Danmhairge 80 11 0
Won na Cóiré Theas 1 0 0
Dollar na hAstráile 5 3 (1)
Yen na Seapáine 967 8 (2)
Franc na hEilvéise 3 3 (2)
Dollar Hong Cong 11 1 (3)
Coróin na hIorua 4 0 (4)
Dollar na Nua-Shéalainne - - (5)
Dollar Cheanada 2 2 (10)
Iomlán 3,144 482
Airgeadra
áitiúil
2016
m
Bonn
Airgeadra
2016
€m
Neamhchosaint
Ghlan
2016
€m
Dollar SAM 2,087 1,917 538
Eile* Various 35 28
Punt Shasana 47 63 14
Dollar Hong Cong 447 53 39
Dollar Cheanada 29,446 23 23
Dollar na hAstráile 630 18 18
Yen na Seapáine 169 10 10
Franc na hEilvéise 28 19 9
Coróin na Sualainne 36 8 8
Coróin na hIorua 53 35 6
Won na Cóiré Theas 59 6 (0)
Dollar Nua na Téaváine 19 2 (2)
Rand na hAfraice Theas 7 6 (6)
Real na Brasaíle 1,067 8 (15)
Iomlán 2,203 670

*Cuimsíonn ‘Eile’ roinnt airgeadraí éagsúla, lena n-áirítear Ringgit na Malaeisia, Rupian na hIndinéise agus Baht na Téalainne.

Anailís Íogaireachta

Leagtar amach sa tábla thíos an tionchar ar ghlansócmhainní ag lagú, atá féideartha ar bhonn réasúnach, an euro in aghaidh dhollar SAM faoi 5% (2015: 5%) amhail 31 Nollaig 2016. Glacann an anailís seo leis go bhfanfadh na hathróga eile, go háirithe rátaí úis, tairiseach.

Tionchar ar Ghlansócmhainní punainne lánroghnaí 2016 2015
Laghdú €m (140) (27)
% laghdú -1.73% -0.34%

Bheadh tionchar comhionann ach malartach ag neartú an euro in aghaidh dhollar SAM ar na méideanna atá ar taispeáint thuas.

iii) Riosca Praghas Margaidh

Is é is riosca praghas margaidh ann an riosca mar gheall ar athrú i luach sócmhainní de thoradh athruithe i bpraghsanna urrús nach mbaineann le hathruithe i rátaí úis ná rátaí malairte, amhail gnáthscaireanna agus tráchtearraí.

Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh

Is ionann an luach sócmhainní sa phunann lánroghnach a bhí neamhchosanta ar riosca praghais margaidh ag an 31 Nollaig agus luach na n-infheistíochtaí mar atá leagtha síos sa tábla seo a leanas:

Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh 2016
€m
2015
€m
Infheistíochtaí Luaite 5,188 3,989
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach 48 17
Infheistíochtaí Neamhluaite 1,069 572
Infheistíochtaí Réadmhaoine 189 236
Infheistíochtaí Gnáthscair Phríobháideach 469 367
Infheistíochtaí Bonneagar 41 30
Infheistíochtaí Foraoiseachta 26 -
Infheistíochtaí Fuinnimh 130 125
Infháltais fhadtéarmacha - 18
Sócmhainní ionstraim dhíorthach 9 2
Sócmhainní iomlána airgeadais FVTPL 7,169 5,356

Dliteanais ionstraim dhíorthach

(48)

(1)
Billí Státchiste 33 450
Nochta go hiomlán ar riosca praghas margaidh 7,154 5,805

Neamhchosanta ar riosca praghas margaidh
Taiscí agus Airgead 394 1,281
Iasachtaí agus infháltais 461 395
Neamhchosanta go hiomlán ar riosca praghas margaidh 855 1,676
Iomlán Sócmhainní agus Dliteanais Airgeadais na Punainne Lánroghnaí 8,009 7,481
Bainistíocht riosca praghas margaidh

Tá anailís gheografach ar phunann lánroghnach an Chiste atá neamhchosanta ar riosca praghas margaidh á léiriú thíos. Léirítear infheistíochtaí Ciste bunaithe ar a dtír ionchorpraithe iomchuí. Déanann an Ghníomhaireacht faireachán ar an riosca praghas margaidh, rud ar gné dhílis é den phunann infheistíochta, trí rochtain iomlán thráthúil a chinntiú ar fhaisnéis ábhartha ó Bhainisteoirí Infheistíochta an Chiste. Buaileann an Ghníomhaireacht go rialta leis na Bainisteoirí Infheistíochta agus déanann sí athbhreithniú ar fheidhmíocht infheistíochta ag gach cruinniú.

Anailís de réir rangú geografach 2016
€m
2015
€m
An Eoraip 3,503 3,229
Meiriceá Thuaidh 1,920 1,635
Éire 1,035 752
An Áise-an tAigéan Ciúin 106 66
Margaí atá ag teacht chun cinn 590 123
Iomlán 7,154 5,805
Neamhchosaint

Leagtar amach sa tábla seo a leanas comhchruinniú shócmhainní agus dhliteanais infheistíocht lánroghnach an Chiste atá neamhchosanta ar riosca praghas margaidh de réir cineál ionstraime ar an dáta tuairiscithe.

Infheistíochtaí ciste cothromais agus bainistithe 2016
€m
2015
€m
Infheistíochtaí cothromais trádáilte ar an malartán 335 1,091
Infheistíochtaí cothromais neamhliostaithe 884 758
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach 48 17
Cistí Infheistíochta Neamhluaite 829 387
Cistí infheistíochta luaite ceannoscailte 1,473 806
Iomlán infheistíochtaí ciste cothromais agus bainistithe 3,569 3,059

Urrúis fiachais:
Urrúis fiachais trádáilte ar an malartán 1,941 581
Urrúis fiachais eile 211 185
Cistí infheistíochta luaite ceannoscailte 1,439 1,500
Infháltas fadtéarmach - 18
Iomlán na n-urrús fiachais 3,591 2,284

Billí Státchiste


33


450

Iomlán na sócmhainní infheistíochta 7,193 5,793

Sócmhainní / (dliteanais) díorthacha
Roghanna innéacs gnáthscaireanna liostaithe (0) 11
Roghanna gnáthscaireanna neamhliostaithe (1) -
Réamhchonarthaí airgeadra eachtraigh (46) 2
Todhchaíochtaí airgeadra eachtraigh 9 (1)
Babhtáilí mainneachtana creidmheasa (1) -
Iomlán na sócmhainní / (dliteanais) díorthacha (39) 12

Iomlán 7,154 5,805
Anailís íogaireachta

Leagtar amach sa tábla thíos an tionchar ar ghlansócmhainní na punainne lánroghnaí ag lagú, atá féideartha ar bhonn réasúnach, praghsanna margaidh faoi 5% amhail 31 Nollaig 2016. Is ar bhonn infheistíocht aonair a dhéantar na meastacháin. Glacann an anailís seo leis go bhfanfaidh na hathróga eile, go háirithe rátaí úis, tairiseach.

Tionchar ar Ghlansócmhainní punainne lánroghnaí 2016 2015
Laghdú €m (358) (290)
% laghdú -4.4% -3.7%

15.3 Riosca creidmheasa

Tagann riosca creidmheasa aníos as an riosca nach n-éireoidh le hiasachtóir ná le contrapháirtí oibleagáid a chomhlíonadh agus is caillteanas príomhshuime nó leas airgeadais is toradh dó.

Is as infheistíochtaí in urrúis fiachais a thagann an príomhriosca creidmheasa ar a bhfuil an Ciste neamhchosanta. Chomh maith leis sin, bíonn an Ciste faoi réir riosca creidmheasa contrapháirtí ar airgead agus coibhéisí airgid, iarmhéideanna dlite ó bhróicéirí, trádáil táirgí díorthacha, trádáil agus infháltais eile agus iasachtaí agus infháltais.

Bainistíocht riosca creidmheasa

Is é an cuspóir atá le riosca creidmheasa a bhainistiú íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag mainneachtain chreidmheasa ar shócmhainní airgeadais an Chiste. Féachann an Ciste le maolú a dhéanamh ar a neamhchosaint ar riosca creidmheasa contrapháirtí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar mhéid a neamhchosanta creidmheasa ar chontrapháirtithe agus ar an acmhainneacht creidmheasa atá ag contrapháirtithe. Roghnaítear contrapháirtithe bunaithe ar a bhfeiliúnacht fhoriomlán, a neart airgeadais, ar a dtimpeallacht rialála agus ar chúinsí ar leith.

D’fhonn smacht a chur ar neamhchosaint an Chiste i gcás mainneachtana, déantar infheistíochtaí ar fud réimse earnálacha tionscail agus eisitheoirí ar mhaithe le comhchruinnithe riosca creidmheasa a laghdú.

Déanann Bank of New York Mellon, Caomhnóir Domhanda an Chiste, urrúis an Chiste a shealbhú i gcuntais leithscartha, nuair is féidir é, ar mhaithe le híoslaghdú a dhéanamh ar an mbaol go laghdóidh luach na n-urrús atá á sealbhú ag an gCaomhnóir Domhanda. I gcás chliseadh Chaomhnóir Domhanda an Chiste, d’fhéadfadh sé go mbeadh lagú sealadach ar chumas an Chiste na hurrúis a aistriú. Is comhalta de mhórmhalartán urrús é Caomhnóir Domhanda an Chiste. Bhí rátáil chreidmheasa fhadtéarmach A1 aige le Moodys an 31 Nollaig 2016. Déanann an Gníomhaireacht monatóireacht ar na rátálacha creidmheasa agus ar leorgacht chaipitil a chaomhnóra ar bhonn rialta.

Ar an 31 Nollaig 2016, bhí €139m á shealbhú le Banc Ceannais na hÉireann (2015: €1,169m)agus €255mleis an gCaomhnóir Domhanda (2015: €112m) (Nóta 12).

Is ionann an neamhchosaint dhíreach ar riosca creidmheasa sa phunann lánroghnach ag an 31 Nollaig 2015 agus luach anonn na n-urrús airgeadais mar atá leagtha amach thíos.

Tagairt 2016
€m
2015
€m
Airgead agus coibhéisí airgid (i) 427 1,731
Iarmhéid dlite ó bhróicéirí (ii) 39 -
Urrúis fiachais (iii) 2,151 766
Iasachtaí agus infháltais (iv) 461 395
Suimeanna infhaighte trádála agus suimeanna infhaighte eile (v) 61 396
Sócmhainní díorthacha (vi) 9 12
Iomlán 3,148 3,300
i) Airgead agus coibhéisí airgid

Is le Banc Ceannais na hÉireann agus leis an gCaomhnóir Domhanda, a bhfuil rátáil AAA (2015 AAA) agus A1 (2015 A1) acu faoi seach, bunaithe ar rátálacha Moody’s, go príomha atá airgead agus coibhéisí airgid an Chiste á sealbhú.

ii) Iarmhéideanna dlite ó bhróicéirí

Is ionann iarmhéideanna dlite ó bhróicéirí agus cuntais éarlaise, comhthaobhacht airgid thirim i gcomhair urrús iasachta agus idirbhearta díolachán nár íocadh fós. Meastar riosca creidmheasa an chontrapháirtí a bhaineann le hidirbhearta nár íocadh fós a bheith beag mar gheall ar an tréimhse ghearr íocaíochta atá i gceist agus ardcháilíocht creidmheasa na mbróicéirí a úsáideadh. Amhail an 31 Nollag 2016, bhí €39m dlite ó bhróicéirí.

iii) Urrúis fiachais

Ar an 31 Nollaig, bhí infheistíocht déanta ag an gCiste in urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a raibh an rátáil* sheachtrach seo a leanas acu:

Rátáil Sheachtrach 2016
€m
2015
€m
2016
%
2015
%
Aa1 go Aa3 / AAA go AA 191 116 10% 15%
A1 go A3 / A+ go A- 504 229 23% 30%
Baa1 go Baa3 / BBB+ go BBB- 992 385 46% 50%
Ba1 go Ba3 / B+ go BB- 225 - 10% 0%
B1 go B3 / B+ go B- 77 - 4% -
Caa1 go Caa3 / CCC+ go CCC- 6 - 0% -
Gan rátáil sheachtrach 156 36 7% 5%
2,151 766 100% 100%

*Nuair nach mbíonn rátáil chreidmheasa Moody ar fáil, úsáidtear rátáil Standard and Poor.

iv) Iasachtaí agus infháltais
Gníomhaireacht 2016
€m
2015
€m
2016
%
2015
%
Gan rátáil sheachtrach 461 395 100% 100%

Athbhreithnítear riosca creidmheasa iasachtaí agus infháltais mar chuid den phróiseas athbhreithniú bearnúcháin.

v) Infháltais trádála agus eile

Is é atá anseo go príomha méideanna atá dlite laistigh de bhliain ó díoladh infheistíochtaí cothromais phríobháideacha.

vi) Díorthaigh

Leagtar amach sa tábla thíos anailís ar shócmhainní díorthacha nár íocadh fós amhail 31 Nollaig:

2016 Luach cóir
€m
Barúlach
Comhlán
barúlach
€m
Luach cóir
%
Méid
barúlach
%
Trádáilte ar an malartán 9 1,973 100% 100%
Iomlán 9 1,973 100% 100%
2015 Luach cóir
€m
Barúlach
Comhlán
barúlach
€m
Luach cóir
%
Méid
barúlach
%
Trádáilte ar an malartán 10 1,283 83% 44%
OTC - déthaobhach eile 2 1,632 17% 56%
Iomlán 12 2,915 100% 100%
Feabhsúcháin chreidmheasa chomhthaobhacha agus eile, agus a dtionchar airgeadais

Maolaíonn an Ciste riosca creidmheasa díorthach agus comhaontuithe díolachán agus athcheannaigh droim ar ais trí mháistir-comhaontuithe glanluachála agus cúlbhannaí a shealbhú i bhfoirm airgid agus urrúis inmhargaidh.

Díorthaigh

Déantar idirbhearta díorthacha ar mhalartán (trí bhróicéir) nó trí mháistir-chomhaontuithe glanluachála de chuid an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Bhabhtálacha agus Díorthaigh (ISDA). De réir mháistir-chomhaontuithe glanluachála ISDA i gcúinsí áirithe, m.sh. nuair a tharlaíonn eachtra creidmheasa amhail mainneachtain, déantar gach idirbheart de chuid an chomhaontaithe a scor, meastar luach an scoir agus níl dlite ná iníoctha ach glanluach aonair i leith ghlanadh gach idirbheart.

Tagann ionstraimí airgeadais díorthacha lena ngintear riosca creidmheasa contrapháirtí chun cinn ó réamhchonarthaí an Chiste i malairt eachtrach agus óna chonarthaí babhtála trasairgeadra. Ní dhearnadh réamhchonarthaí an Chiste i malairt eachtrach ach amháin le contrapháirtithe ceadaithe laistigh de theorainneacha sainithe. D’fhonn maolú a dhéanamh ar na rioscaí creidmheasa a thagann as idirbhearta díorthacha, déanann an Ciste, i gcásanna áirithe, Iarscríbhinní Tacaíochta Creidmheasa (ITCanna) lena chontrapháirtithe margaidh. I gcás ITCanna, is gá do chontrapháirtithe comhthaobhacht a thaisceadh in imthosca sonraithe.

Déantar réamhchonarthaí i malairt eachtrach agus babhtálacha trasairgeadra a shocrú trí Shocraíocht Leantach Nasctha (SLN), áit a réamh-mheaitseáiltear trádálacha roimh dháta na socraíochta le laghdú a dhéanamh ar an mbaol go mainneoidh an tsocraíocht.

D’fhéadfadh riosca socraíochta a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an Chiste, is é sin an riosca nach n-íocfaidh contrapháirtí ar dháta socraíochta leis an gCiste téarmaí comhaontaithe idirbhirt.

Maidir le formhór na n-idirbheart, maolaíonn an Ciste an riosca seo trí shocraíochtaí a dhéanamh trí bhróicéir lena chinntiú nach socraítear trádáil ach nuair a chomhlíonann an dá pháirtí a n-oibleagáidí socraíochta de réir conartha.

15.4 Riosca leachtachta

Is é atá i gceist le riosca leachtachta an fhéidearthacht, thar thréimhse shonrach ama, nach mbeidh go leor airgid ag an gCiste chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite. Áirítear le fochatagóirí riosca leachtachta maoiniú riosca leachtachta, athmhaoiniú riosca, riosca comhchruinniú aibíocht agus riosca leachtachta margaidh.

Is é beartas an Chiste maidir le leachtacht a bhainistiú a chinntiú, a oiread agus is féidir, go mbeidh go leor leachtachta i gcónaí aici, faoi dhálaí normálta agus faoi bhrú araon, gan caillteanais doghlactha a thabhú ná gan clú an Chiste a chur i mbaol.

Tá an Beartas um Bainistíocht Riosca Leachtachta infheidhme i dtaca leis an gCiste. Leagtar amach sa Bheartas seo na caighdeáin íosta inghlactha a chaithfidh siad siúd atá freagrach as idirbheartaíochtaí cisteáin arb iad is cúis le riosca leachtachta laistigh den Ghníomhaireacht a chomhlíonadh.

Meastar infheistíochtaí an Chiste in urrúis liostaithe a bheith inréadaithe toisc go trádáiltear iad ar mhórmhalartáin stoic.

Áirítear le sócmhainní airgeadais an Chiste infheistíochtaí cothromais neamhliostaithe, atá, go hiondúil, neamhleachtach. Lena chois sin, sealbhaíonn an Ciste infheistíochtaí i gcistí infheistíocht neamhliostaithe, a d’fhéadfadh bheith faoi réir srianta fuascailte. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an Ciste in ann cuid dá infheistíochtaí sna hionstraimí seo a leachtú in am i gcomhair cloí lena riachtanais leachtachta.

Amhail an 31 Nollaig 2016 is i sócmhainní inréadaithe a bhí bunús infheistíocht an Chiste.

15.5 Riosca oibríochtúil

Is é is riosca oibríochtúil ann, riosca a bhaineann le caillteanas mar gheall ar phróisis, daoine agus córais inmheánacha easnamhacha nó ar theip orthu nó mar gheall ar imeachtaí seachtracha a rachadh i bhfeidhm ar chumas an Chiste a straitéis ghnó a fheidhmiú. Áirítear le fochatagóirí riosca oibríochtúil, riosca a bhaineann le daoine, le rialachas, tríú páirtí, bainistíocht leanúnach ghnó agus riosca dlí agus comhlíontachta.

Tá Creat Bainistíochta Riosca Oibríochtúil agus Féinmheasúnacht Riosca agus Rialála infheidhme sa Ghníomhaireacht ina hiomláine. Is é cuspóir an Chreata a chinntiú go mbainistítear riosca oibríochtúil ar dhóigh chuí, chomhtháite ar fud na heagraíochta. Leagtar amach sa Chreat an straitéis, na próisis, critéir riosca, rialuithe agus struchtúir rialachais atá ar bun chun rioscaí oibríochtúla a bhainistiú laistigh den Ghníomhaireacht.

Leagtar amach sa Chreat fosta modheolaíocht an phróisis Riosca agus Féinmheasúnachta Rialaithe ina gcuirtear síos ar an bpróiseas le haghaidh sainaithint leorga agus thráthúil, measúnú, plé leo, monatóireacht agus tuairisciú i leith na rioscaí a thagann de bharr ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Is fochoiste den Choiste Riosca Oibríochtúil agus Rialaithe é Coiste Bainistíochta um Leanúnachas Gnó GBCN. Is é ról an choiste seo cur chuige cuí, comhleanúnach a chinntiú i leith bainistíocht leanúnachais ghnó ar fud na Gníomhaireachta agus ról tacaíochta a thabhairt ó thaobh bunú, feidhmiú, monatóireacht agus feabhsú gníomhaíochtaí bainistíochta i leanúnachas gnó.

Déantar an measúnú ar leorgacht na rialuithe agus na bpróiseas atá ar bun ag soláthraithe seirbhíse an Chiste maidir le riosca oibríochtúil trí phlé rialta leis na soláthraithe seirbhíse bainteacha agus trí athbhreithniú ar thuairiscí ar rialuithe inmheánacha Rialuithe Eagraíochta Seirbhíse (SOC 1) na soláthraithe seirbhíse, má tá a leithéid ar fáil. Athbhreithníonn an Ghníomhaireacht na torthaí a chuirtear ar fáil i dtuairisc SOC 1 ar rialuithe inmheánacha an chaomhnóra ar bhonn bliantúil.

15.6 Bainistíocht chaipitil

Níl an Ciste faoi réir riachtanais chaipitil arna gcur i bhfeidhm go seachtrach.

15.7 Luachanna córa na nIonstraimí Airgeadais

i) Samhlacha luachála

Faightear go díreach ó mhalartán ar a dtrádáiltear an hionstraimí luachanna córa sócmhainní agus dliteanais airgeadais a thrádáiltear i margaí gníomhacha a fhéadann an Ciste a rochtain ar dháta an tomhais. Maidir le gach ionstraim airgeadais eile, socraíonn an Ciste luachanna córa trí úsáid teicnící eile luachála.

Maidir le hionstraimí airgeadais a thrádálann go hannamh agus ar beag a dtrédhearcacht praghais, níl an luach cóir chomh hoibiachtúil agus tá breithiúnais éagsúla de dhíth, ag brath ar leachtacht, éiginnteacht tosca margaidh, toimhdí praghsála agus rioscaí eile a théann i bhfeidhm ar an ionstraim ar leith.

Tomhaiseann an Ciste luachanna córa trí úsáid an ordlathais luacha chóir seo a leanas a léiríonn suntas na n-ionchur a úsáidtear nuair a bhíonn tomhais á ndéanamh:

  • Leibhéal 1: Ionchuir ar phraghsanna luaite margaidh (neamhchoigeartaithe) i margaí gníomhacha d’ionstraimí chomhionanna.
  • Leibhéal 2: Ionchur seachas praghsanna luaite atá san áireamh laistigh de Leibhéal 1 atá inbhraite go díreach (is é sin, mar phraghsanna) nó go hindíreach (is é sin, díorthaithe ó phraghsanna). Áirítear leis an gcatagóir seo ionstraimí a luacháiltear trí úsáid; praghsanna luaite margaidh i margaí gníomhacha d’ionstraimí den chineál céanna; praghsanna luaite d’ionstraimí comhionanna nó den chineál céanna i margaí a meastar iad a bheith éighníomhach; nó teicnící luachála eile ina bhfuil gach ionchur suntasach inbhraite go díreach nó go hindíreach ó shonraí margaidh.
  • Leibhéal 3: Ionchuir atá dobhraite. Áirítear leis an gcatagóir seo gach ionstraim ina gcuimsítear an teicníc luachála ionchuir nach bhfuil bunaithe ar shonraí inbhraite agus a bhfuil tionchar suntasach ag na hionchuir dhobhraite ar luacháil na hionstraime. Áirítear leis an gcatagóir seo ionstraimí atá bunaithe ar luach ar phraghsanna inbhraite ar ionstraimí ach a bhfuil coigeartuithe nó toimhdí suntasacha de dhíth ina leith le difríochtaí idir na hionstraimí a léiriú.

D'fhéadfadh sé go n-áireofaí le teicnící luachála glanluach reatha agus samhlacha sreabhadh airgid thirim, comparáid le hionstraimí cosúla dá bhfuil praghsanna inbhreathnaithe margaidh agus samhlacha luachála eile. Áirítear le toimhdí agus ionchuir a úsáidtear i dteicnící luachála rátaí úis saor ó riosca agus tagarmharcála, réimsí difríochta chreidmheasa agus préimheanna eile a úsáidtear le meastacháin a dhéanamh ar rátaí lascaine, praghsanna bannaí agus cothromas, rátaí malairte airgeadra eachtraigh, innéacsanna cothromais, iolraigh agus iolraigh ioncaim agus luaineachtaí agus comhghaolta praghsanna a raibh súil leo.

Is é cuspóir teicnící luachála tomhas luacha chóir a shocrú a léiríonn an praghas a gheofaí chun an tsócmhainn a dhíol nó a íoctar chun an dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe margaidh ar dháta an tomhais.

Úsáidtear sa Chiste samhlacha tomhais a aithnítear go forleathan chun luach cóir ionstraimí coitianta simplí airgeadais nach n-úsáideann ach sonraí margaidh inbhraite a shocrú agus ar beag breith bainistíochta agus meastacháin a bhíonn de dhíth ina leith. Is iondúil go mbíonn praghsanna inbhraite agus samhlacha d’ionchuir ar fáil sna margaí airgeadais i gcomhair fiachais liostaithe agus urrúis cothromais, díorthaigh a thrádáiltear i malartán agus díorthaigh shimplí OTC. De thairbhe praghsanna inbhraite agus samhlacha d’ionchuir a bheith ar fáil, laghdaítear an gá atá le breithiúnas bainistíochta agus meastachán agus laghdaítear an éiginnteacht a bhaineann le socrú luachanna córa. Tá éagsúlacht ag baint le hinfhaighteacht praghsanna inbhraite agus ionchur ag brath ar na táirgí agus na margaí agus is minic athruithe i gceist bunaithe ar imeachtaí sainiúla agus dálaí ginearálta sna margaí airgeadais.

ii) Creat luachála

Tá creat rialú bainistíochta fadbhunaithe ag an gCiste i gcomhair tomhas luachanna córa. An Coiste Luachála (“an Coiste”) a mhaoirsíonn an próiseas luachála, is coiste bainistíochta é atá freagrach as forbairt phróisis agus ghnáthaimh an Chiste, déanann siad athbhreithnithe ar bhonn tréimhsiúil ar na gnáthaimh seo agus measann siad a bhfeidhmiú comhleanúnach. Ar an gCoiste tá an Príomhoifigeach Airgeadais agus Feidhmiúcháin, Príomhoifigeach Riosca, Stiúrthóir CISÉ agus pearsanra eile de chuid na bainistíochta sinsearaí.

Déantar sainmhíniú ar na próisis agus gnáthaimh luachála ag brath ar an gcineál ionstraime. Nuair a úsáidtear eolas tríú páirtí chun luach cóir a thomhas, déantar agus doiciméadaítear athbhreithnithe le tacú leis na luachálacha a thagann dá bharr. Áirítear leis sin:

  • a dheimhniú go bhfaomhann an Ciste an tseirbhís bhróicéara nó phraghsála lena úsáid i bpraghsáil an chineál ionstraime airgeadais iomchuí;
  • a thuiscint mar a shocraítear an luach cóir agus a mhéad a léiríonn sé idirbhearta iarbhír margaidh;
  • nuair a úsáidtear ionstraimí den chineál céanna chun luach cóir a thomhas, mar a choigeartaítear na praghsanna seo chun tréithe na hionstraime a léiriú faoi réir tomhais; agus
  • má fhaightear roinnt luachana ar an ionstraimí airgeadais chéanna, mar a shocraítear luach cóir trí úsáid na luachana sin.

Ina theannta sin, déantar athbhreithniú seachtrach neamhspleách ar an ann do na staideanna infheistíochta atá san áireamh i bPunann Lánroghnach an CISÉ, agus a luacháil, amhail an 31 Nollaig.

Déantar anailís sa tábla thíos ionstraimí airgeadais a thomhaistear ag luach cóir ar an dáta tuairiscithe de réir an leibhéil san ordlathas luacha chóir. Tá na méideanna bunaithe ar na luachanna a aithnítear sa ráiteas ar staid airgeadais. Tá gach tomhas luacha chóir thíos athfhillteach.

2016 Leibhéal 1
€m
Leibhéal 2
€m
Leibhéal 3
€m
Iomlán
€m
Sócmhainní agus dliteanais airgeadais ag
luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas
i) Cothromais agus Cistí Bainistithe
Gnáthscaireanna Luaite 335 - - 335
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach - - 48 48
Gnáthscaireanna Neamhluaite - - 0 0
Cistí Infheistíochta Luaite 2,912 - - 2,912
Cistí Infheistíochta Neamhluaite - 829 - 829
Scaireanna thosaíochta in-chomhshóite - - 29 29
ii) Urrúis Fiachais
Urrúis Fiachais Neamhliostaithe - 166 44 210
Urrúis Fiachais Liostaithe 1,941 - - 1,941
Iasacht in-chomhshóite - - 1 1
iii) Comhpháirtíochtaí Teoranta / Iontaobhais
Infheistíochtaí Réadmhaoine - - 189 189
Infheistíochtaí Gnáthscair Phríobháideach - - 469 469
Infheistíochtaí Foraoiseachta - - 41 41
Infheistíochtaí Fuinnimh - - 26 26
Infheistíochtaí Bonneagar - - 130 130
iv) Sócmhainní Airgeadais Díorthach
Todhchaíochtaí 9 - - 9
5,197 995 977 7,169

v) Dliteanais Airgeadais Díorthach
Roghanna Cothromais (0) (1) - (1)
Conarthaí i Malairt Eachtrach - (46) - (46)
Babhtáilí mainneachtana creidmheasa - (1) - (1)
Iomlán 5,197 947 977 7,121

Billí Státchiste

33

-

-

33
5,230 947 977 7,154
2015 Leibhéal 1
€m
Leibhéal 2
€m
Leibhéal 3
€m
Iomlán
€m
Sócmhainní agus dliteanais airgeadais ag
luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas
i) Cothromais agus Cistí Bainistithe
Gnáthscaireanna Luaite 1,091 - - 1,091
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach - - 17 17
Gnáthscaireanna Neamhluaite - - 0 0
Cistí Infheistíochta Luaite 2,306 - - 2,306
Cistí Infheistíochta Neamhluaite - 387 - 387
Infháltais Fhadtéarmacha - - 18 18
ii) Urrúis Fiachais
Urrúis Fiachais Neamhliostaithe - 160 25 185
Urrúis Fiachais Liostaithe 581 - - 581
iii) Comhpháirtíochtaí Teoranta / Iontaobhais
Infheistíochtaí Foraoiseachta - - 236 236
Réadmhaoin - - 367 367
Gnáthscair Phríobháideach - - 30 30
Bonneagar - - 125 125
iv) Sócmhainní Airgeadais Díorthach
Roghanna Cothromais 11 - - 11
Conarthaí i Malairt Eachtrach - 2 - 2
3,989 567 800 5,356

v) Dliteanais Airgeadais Díorthach
Todhchaíochtaí (1) - - (1)
Iomlán 3,988 567 800 5,355

Billí Státchiste

450

-

-

450
4,438 567 800 5,805

Léirítear sa tábla a leanas réiteach cuntas ó na hiarmhéideanna tosaigh go dtí na hiarmhéideanna deiridh i leith meastacháin luacha chóir i Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir:

Iomlán
€m
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2016 800
Iomlán gnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó i gcaillteanas 62
Ceannacháin 289
Díolacháin (174)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2016 977
Iomlán
€m
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2015 606
Iomlán gnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó i gcaillteanas 91
Ceannacháin 229
Díolacháin (126)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2015 800

< NÓTA 14

NÓTA 16 >