17. Dliteanais theagmhasacha

Déantar foráil san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014 do dhliteanais Choimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean (an “Coimisiún”) a aistriú go dtí an GBCN (mar rialtóir agus bainisteoir an CISÉ) ar dháta comhdhéanta an CISÉ agus ina dhiaidh, agus luaitear ann go bhfuil an GBCN (mar rialtóir agus bainisteoir an CISÉ) freagrach as oibleagáidí an Choimisiúin a chomhlíonadh faoi aon dliteanas den sórt sin. Chuige sin, tá dlíthíocht ar bun i Nua Eabhrac i leith an cheannaigh ghiaráilte thar barr amach den Tribune Company. Tá níos mó ná 5,000 geallsealbhóir de chuid an Tribune Company, lena n-áirítear an Coimisiún, i gceist leis an dlíthíocht. I mí Eanáir 2017 rinne Breitheamh de Chúirt Dúiche Nua Eabhrac an t-éileamh a dhíbh. Tá an gearánaí ag féachaint le hachomharc a thaisceadh le Dara Cúirt Chuarda Achomhairc na Stáit Aontaithe. Ar an dáta tuairiscithe, tá oibleagáid féideartha ach éiginnte ar an GBCN (mar rialtóir agus bainisteoir an CISÉ) i leith an cháis sin agus mar sin de níl aon fhoráil aitheanta. Anuas air sin, ní féidir meastachán iontaofa a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh eis-sreabhadh acmhainní ann agus níl sé praiticiúil meastachán a dhéanamh ar an éifeacht airgeadais, más ann, ar an GBCN de thoradh an cháis ar an CISÉ.

< NÓTA 16

NÓTA 18 >