18. Gealltanais

Sna blianta 1991, 2007 agus 2012, rinne an Ghníomhaireacht comhaontuithe léasa ar feadh tréimhsí éagsúla go 2017, go 2026 agus go 2027 i ndáil le cóiríocht oifige ag Foirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, D02XN96.

Is ionann an t-ollchostas bliantúil cíosa faoi na léasanna oibriúcháin sin i 2016 agus €2.8m, gan préimh aisiompaithe ar fiú €0.5m in aghaidh na bliana í san áireamh agus a bhaineann leis an ioncam iarchurtha a áirítear i nóta 14 agus i nóta 15.

Seo a leanas na híoschíosanna ainmniúla todhchaí is iníoctha faoi léasanna oibriúcháin dochealaithe:

2016
€'000
2015
€'000
Laistigh d’aon bhliain amháin 2,075 2,793
Faoi cheann dhá bhliain go cúig bliana 6,893 7,245
Thar 5 bliana 7,420 9,143
16,388 19,181

< NÓTA 17

NÓTA 19 >