5. Ioncam oibriúcháin

2016
€'000
2015
€'000
Gnóthú speansas ó GNBS 7.2 46,697 53,495
Gnóthú speansas ó CISÉ 7.2 10,428 8,686
Gnóthú speansas ó CBSÉ 7.2 4,213 3,634
Ioncam urrús faoi chumhdach sócmhainne 279 289
Ioncam eile 675 253
62,292 66,357

Tá sé de cheanglas ar an nGníomhaireacht seirbhísí agus córais tacaíochta agus ghnó a sholáthar mar aon le foireann a shannadh chuig cuid de na feidhmeanna faoi reachtaíocht fhorordaithe mar seo a leanas:

  • Do GNBS faoi ailt 41 agus 42 d’Acht na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009. Ba é costas na seirbhísí sin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2016 ná €46.7m (2015: €53.5m).
  • Do CBSÉ faoi alt 10 den Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, 2014. Ba é costas na seirbhísí sin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2016 ná €3.6m (2015: €3.6m).

Ina theannta sin, faoi alt 48 den an tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014, glanfar speanais na Gníomhaireachta maidir le CISÉ ó CISÉ.

Eisítear Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne faoin Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne, 2001, arna leasú ag an Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne (Leasú), 2007. Sa chás go mainníonn banc atá cláraithe mar fhoras creidmheasa morgáiste sainithe nó mar fhoras creidmheasa poiblí sainithe faoin Acht (arna leasú), foráiltear leis an Acht (arna leasú) nach mór don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas, (i) iarracht a dhéanamh soláthraí seirbhísí eile a fháil chun na cistí cuí sócmhainní a bhainistiú, (ii) comhlacht corpraithe eile a fhostú chun a bheith ina mháthairaonán i leith na gcistí cuí, nó, (iii) na cistí a bhainistiú léi féin. Faigheann an Ghníomhaireacht ioncam urrús faoi chumhdach sócmhainne i gcomaoin, atá bunaithe ar shuim ainmniúil gach banna in eisiúint faoi chumhdach sócmhainne.

Cuimsíonn ioncam eile, go príomha, gnóthú táillí áirithe foirne ar iasacht, táillí áirithe riaracháin agus táillí gairmiúla áirithe.

< NÓTA 4

NÓTA 6 >