7. Costais na Gníomhaireachta

7.1. Costais na Gníomhaireachta

Nóta 2016
€'000
2015
€'000
Costais Foirne
Costais fostaíochta 81,481 82,920
Athrú ar sheirbhís reatha scéime pinsin le sochar sainithe 9.5 13,120 15,737
Costas pinsin CCSP 7.5 26 36
94,627 98,693
Costais oibriúcháin eile
Costais oibriúcháin eile 13,726 12,349
Táillí gairmiúla 3,551 3,966
Dímheas 10 1,737 1,707
Amúchadh 11 64 -
19,078 18,022
Costas ghlan úis scéim pinsin sochar-sainithe 9.5 384 475
Costais Iomlána na Gníomhaireachta 114,089 117,190

Áirítear le costais fostaíochta luach saothair agus costais eile a bhaineann leis an bhfoireann. Ar na costais oibriúcháin eile, tá costais teicneolaíochta, costais áitíochta, costais seirbhísí gnó agus speansais taistil na foirne.

Faoin ordú a eisíodh don Ghníomhaireacht faoi Ionstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 115 de 2010, tharmlig an tAire Airgeadais roinnt feidhmeanna córais bhaincéireachta chuig an nGníomhaireacht. Cúlghaireadh an tarmligean sin le héifeacht ón 5 Lúnasa 2011 faoi I.R. Uimh. 395 de 2011 agus ó shin i leith, tá baill foirne na Gníomhaireachta, a bhfuil baint acu le feidhmeanna córais bhaincéireachta a sholáthar, ar iasacht ag an Roinn Airgeadais. Ar ordú an Aire, leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag freastal ar na costais foirne bhainteacha agus ar na costais a bhain le comhairleoir gairmiúil a thabhaítear. Tabhaíodh costais comhairleoirí gairmiúla de €394k ina leith sin in 2016 (2015: €78k).

7.2. Speansais na Gníomhaireachta d’fheidhmeanna sonraithe

Nóta 2016
€'000
2015
€'000
An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát 19,376 15,674
Maoiniú agus Bainistiú Fiach 11,461 10,132
An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 9,457 9,149
Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn 5 10,428 8,686
RÉnua 5,304 6,233
56,026 49,874

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

5

46,697

53,495
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 5 4,213 3,634
Roinn Comhairleach Scairshealbhú agus Airgeadais 2,761 2,426
Coigeartú pinsin* 8.1 4,392 7,761
58,063 67,316
Speansais Iomlána 114,089 117,190

* Is ionann an coigeartú pinsin agus an difear idir an soláthar le haghaidh costais phinsin sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais agus na ranníocaíochtaí pinsin iarbhír a rinneadh.

7.3. Luach saothair agus costais

Táillí agus speansais chomhaltaí na Gníomhaireachta

Is é an tAire Airgeadais a chinneann luach saothair chomhaltaí na Gníomhaireachta agus tá sé leagtha amach thíos:

Táillí chomhaltaí na Gníomhaireachta 2016
2015
Willie Walsh (Cathaoirleach)1 - -
Maeve Carton 30,000 30,000
Brendan McDonagh (D’éirigh as 24 Deireadh Fómhair 2016) 22,500 30,000
Martin Murphy 30,000 30,000
Mary Walsh 30,000 30,000
Susan Webb 30,000 30,000
Táillí na Gníomhaireachta 142,500 150,000

1 Baineann luach saothair de €45,000 in aghaidh na bliana le post an Chathaoirligh. Tharscaoil Cathaoirleach na Gníomhaireachta an luach saothair a bhí dlite dó le haghaidh 2016 agus 2015.

Oibríonn Derek Moran agus Robert Watt ar an nGníomhaireacht de bhrí oifige ina gcáil mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi seach. Oibríonn Conor O’Kelly de bhrí oifige mar Phríomhfheidhmeannach ar an nGníomhaireacht. Ní bhfuair siad aon luach saothair i leith a gcomhaltais.

Tá speansais a tabhaíodh i leith chomhaltaí an Gníomhaireachta leagtha amach thíos:

Comhalta na Gníomhaireachta Taisteal
Cóiríocht
agus lena
mbaineann
speansais
Iomlán 2016
Iomlán 2015
Brendan McDonagh 6,519 2,255 8,774 23,109

Déantar speansais cheadaithe a aisíoc le comhaltaí na Gníomhaireachta ar bhonn deimhnithe. Baineann speansais le costais taistil agus chóiríochta chun freastal ar chruinnithe de chuid na Gníomhaireachta in oifigí na Gníomhaireachta i mBaile Átha Cliath.

Táillí agus speansais chomhaltaí an Choiste Infheistíochta

Is é an tAire Airgeadais a chinneann luach saothair chomhaltaí an Choiste Infheistíochta agus tá sé leagtha amach thíos:

Táillí chomhaltaí an Choiste Infheistíochta 2016
2015
Richard Leonard 20,000 16,750
John Herlihy (D’éirigh as 30 Aibreán 2016) 6,667 16,750
Mark Ryan (Ceaptha 18 Iúil 2016) 9,127 -
Táillí an Choiste Infheistíochta 35,794 33,500

Is ionann luach saothair na gcomhaltaí seachtracha agus €20,000 sa bhliain. Ní fhaigheann Brendan McDonagh agus Susan Webb, mar bhaill den Ghníomhaireacht, aon luach saothair breise i leith a mballraíocht den Choiste Infheistíochta. Ní fhaigheann Julie Sinnamon, ceaptha ina cáil mar sheirbhíseach poiblí, aon luach saothair i leith a ballraíochta.

Tá speansais a tabhaíodh i leith chomhaltaí an Choiste Infheistíochta leagtha amach thíos:

Comhalta an Choiste Infheistíochta Taisteal
Cóiríocht
agus lena
mbaineann
speansais
Iomlán 2016
Iomlán 2015
Richard Leonard 1,928 793 2,721 2,464

Déantar speansais cheadaithe a aisíoc le comhaltaí an Choiste Infheistíochta ar bhonn deimhnithe. Baineann speansais le costais taistil agus chóiríochta chun freastal ar chruinnithe de chuid an Choiste Infheistíochta in oifigí na Gníomhaireachta i mBaile Átha Cliath.

Luach Saothair an Phríomhfheidhmeannaigh
Conor O'Kelly (a ceapadh an 5 Eanáir 2015) 2016
2015
Tuarastal 480,000 476,364
Sochair incháinithe 4,911 2,183
Ranníocaíochtaí Fostóirí le Pinsin 86,400 85,090

Cuimsíodh i luach saothair Conor O’Kelly tuarastal bunúsach agus sochair inchánacha (árachas sláinte). Ní bhfuair Conor O’Kelly íocaíocht lánroghnach fheidhmíocht-bhainteach i leith 2016.

Scéim iomarcaíochta deonaí

Ní raibh aon Scéim Iomarcaíochta Deonaí (‘VRS’) ann in 2016. In 2015, ghlac 29 ball foirne de chuid na Gníomhaireachta páirt i scéim VRS le costais de €1.4m inchurtha i leith íocaíochtaí reachtúla agus iomarcaíochta.

Saoire Gharraíodóireachta

Cuireadh 3 ball foirne de chuid na Gníomhaireachta ar saoire gharraíodóireachta le linn 2016 (2015: 3) le costas inchurtha in 2016 de tuairim is €0.1m (2015: €0.1m). Ar an meán, mhair saoire gharraíodóireachta na 3 ball foirne 2 mhí (2015: 2 mhí). Rinneadh na cinntí maidir leis an 3 ball foirne a chur ar saoire gharraíodóireachta ar bhonn cás ar chás agus rinneadh measúnú, inter alia, ar ról an duine sin sa Ghníomhaireacht agus fostóir nua an duine sin.

Costais Foirne Eile

In 2016, rinne íocaíochtaí coinneála dar suim iomlán de €0.1m le triúr ball foirne (2015: €0.1m le ceathrar bhall foirne amháin). Rinneadh na híocaíochtaí seo ar bhonn teoranta agus eisceachtúil chun saineolas agus taithí eochairbhaill foirne i réimsí gnó criticiúla a choinneáil. Táthar tar éis stad a chur leis an gcleachtas mar a ndéantar conarthaí fostaíochta ina bhfuil foráil le haghaidh íocaíochtaí coinneála. Níl aon socrú coinneála déanta ó bhí lár 2014 ann agus ní mhairfidh aon socrú dá leithéid níos faide ná 2017.

7.4. Nochtaí maidir le hoifigigh sannta do GNBS

Scéim Iomarcaíochta Deonaí

Ar an dáta tuairiscithe ghlac 41 fostaí sannta do GNBS páirt i VRS (2015: 50 fostaí). Aithníodh in 2016 costais de €3.9m (2015: €3.6m) a bhaineann leis an VRS. Bhí costais de €1.7m (2015: €1.3m) inchurtha i leith íocaíochtaí reachtúla agus íocaíochtaí iomarcaíochta eile, bhain €0.8m (2015: €1.0m) leis an “scéim choinneála” nua1, agus €1.4m (2015: €1.3m) do shaoire gharraíodóireachta.

1 Níl feidhm leis an scéim choinneála ach amháin i gcúinsí ina bhfuil baill foirne déanta iomarcach, ina bhfuil gach caighdeán feidhmíochta bainte amach acu, agus ina bhfuil an tréimhse atá riachtanach chun sainordú reachtúil GNBS a chomhlíonadh curtha isteach acu le GNBS.

Saoire gharraíodóireachta

Cuireadh 41 ball foirne sannta do GNBS ar saoire gharraíodóireachta le linn 2016 (2015: 50) mar chuid den VRS. Ní costas incriminteach don Ghníomhaireacht atá i gceist leis an tsaoire gharraíodóireachta, ach cuid den chostas foriomlán tuarastail a bheadh tabhaithe ag an nGníomhaireacht cibé cinneadh a bheadh déanta maidir leis na baill foirne lena mbaineann a chur ar saoire gharraíodóireachta. Mhair an tsaoire gharraíodóireachta don 39 ball foirne, faoin VRS, 3 mhí ar an meán (2015: 3 mhí) agus do 2 bhall mhair sí 6 mhí. Chomh maith leo siúd ar glacadh leo don VRS, cuireadh 7 ball foirne (2015: 15) ar saoire gharraíodóireachta le linn 2016, lenar bhain costas inchurtha 2016 de €0.2m (2015: €0.3m). Ar an meán, mhair saoire gharraíodóireachta an 7 ball foirne 2 mhí (2015: 2 mhí). Rinneadh na cinntí maidir leis an 7 ball foirne a chur ar saoire gharraíodóireachta ar bhonn cás ar chás agus rinneadh measúnú, inter alia, ar ról an duine sin sa Ghníomhaireacht agus 
fostóir nua an duine sin.

7.5. Aoisliúntas

Bronntar teidlíochtaí aoisliúntais na foirne faoi scéim sochair shainithe aoisliúntais a bunaíodh faoi alt 8 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Aistrítear ranníocaíochtaí chuig ciste a bhainistítear go seachtrach. Cinntear ranníocaíocht na Gníomhaireachta bunaithe ar chomhairle achtúire neamhspleách I ndiaidh athbhreithniú achtúireach i 2016, coinníodh ranníocaíocht na Gníomhaireachta ag leibhéal 14.2% (2015: 14.2%) faoin gcéad den tuarastal i ndáil le daoine a raibh ballraíocht acu sa Scéim. B’ionann ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta leis an scéim sochair shainithe don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2016 agus €9.1m (2015: €8.5m).

Foráiltear do dhliteanais a eascraíonn faoin scéim sochair shainithe faoi na socruithe thuas, seachas do theidlíochtaí a eascraíonn i leith sheirbhís bhaill faoi leith na Gníomhaireachta a earcaíodh ó réimsí eile laistigh den earnáil phoiblí. Shainigh an tAire Airgeadais an Ghníomhaireacht mar an t-eagras ceadaithe chun críocha Scéim na hEarnála Poiblí (Aistriú Seirbhíse) an 7 Aibreán 1997. Forálann an t-ainmniúchán seo do ranníocaíochtaí a íoc as an Státchiste, i measc nithe eile, mar agus nuair atá sochair dlite i gcomhair íocaíochta mar is iondúil, i leith réamhsheirbhís iarfhostaithe sa tseirbhís phoiblí a bhí fostaithe ag an nGníomhaireacht. Ní dhearnadh aon fhoráil d’íocaíocht na dteidlíochtaí sin a mhaoiniú.

Rinne an Ghníomhaireacht ranníocaíocht freisin de €26k (2015: €36k) le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta do roinnt fostaithe nár bhaill den scéim sochair shainithe iad in 2016.

< NÓTA 6

NÓTA 8 >