21. An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

Chomhlíon an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta ag feidhmiú mar an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta i gcomhréir le Cuid 4 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (arna leasú) 2014, feidhmeanna maoinithe agus comhairlithe maidir le tionscadail infheistíochta poiblí ar leith. Ba í GBCN a chlúdaigh costais na seirbhísí seo, arna cúiteamh ag an Údarás Stáit iomchuí lena mbaineann na tionscadail.

Thabhaigh GBCN, ag feidhmiú mar GAFN, na costais seo a leanas:

1-Ean-16
go 31-Noll-16
€'000
27-Ean-15
go 31-Noll-15
€'000
Táillí comhairliúcháin 1,606 1,909
Táillí dlí 522 950
Costais tionscadail eile - 9
2,128 2,868

Seo a leanas na suimeanna atá infhaighte ó Údaráis Stáit amhail ar dháta an tuairiscithe:

2016
€'000
2015
€'000
An Roinn Oideachais 424 59
An Roinn Dlí agus Cirt 12 183
Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin - 33
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 125 84
An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil 60 -
621 359

Déantar suimeanna aisíoctha a chur ar ais chuig Ciste Bhanc Taisce an Phoist i gcomhréir le halt 30 d’Acht GBCN 2014. Amhail an 31 Nollaig 2016, tá €2.8 (2015: €0.5m) dlite do Chiste Bhanc Taisce an Phoist.

Bhí méid iomlán de €2.3m (2015: €0.1m) sa bhanc ag GNBS, ag breitheamh mar GAFN, amhail an 31 Nollaig 2016. Níl sé seo san áireamh san iarmhéid airgead sa bhanc mar atá léirithe sa ráiteas maidir leis an staid airgeadais.

Níl an caiteachas agus an aisíocaíocht thuas san áireamh sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas ná sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais ar leathanaigh 78 agus 79.

< NÓTA 20

NÓTA 22 >