11. Sócmhainní doláimhsithe

Costais
bhogearraí
€000
Costas:
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2017 1,242
Suimiúcháin ar chostas 664
Diúscairtí (746)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2017 1,160

Amúchadh Carntha:
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2017 (64)
Amúchadh don bhliain (227)
Táille bearnúcháin (746)
Diúscairtí 746
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2017 (291)
Glanluach Leabhar amhail an 31 Nollaig 2017 869
Glanluach Leabhar amhail an 31 Nollaig 2016 1,178

In 2016 chuir an Ghníomhaireacht tús le tionscadal nua a chur chun feidhme i dtaca le córas nua bainistithe státchiste agus rinneadh costais €746k a chaipitliú mar shócmhainn inláimhsithe bhogearra. I gcomhréir leis an gcreat rialachais tionscadal, rinneadh athbhreithniú le linn 2017 as ar tháinig cinneadh ón lucht bainistíochta deireadh a chur le cur chun feidhme an tionscadail sin. Mar thoradh air sin, tá muirear bearnúcháin de €764k aitheanta ag an nGníomhaireacht. Tá na socrúcháin chun an tionscadal a dhúnadh ar siúl go leanúnach.

Déantar sócmhainní tríú páirtí a mheas ag costas lúide amúchadh carntha agus aon chaillteanais bhearnaithe charntha (nóta 4.6).

Déantar amúchadh a áireamh bunaithe ar shaolré ionchais na sócmhainní doláimhsithe mar a leanas:

Bogearraí ríomhaire    5 bliana

< NÓTA 10

NÓTA 12 >