14. Suimeanna iníoctha: méideanna a bheidh dlite laistigh de 1 bhliain amháin

Nóta 2017
€000
2016
€000
Suimeanna iníoctha 2,714 2,678
Príomh-Chiste 1,541 -
Fabhruithe 7,504 8,669
Ioncam iarchurtha - 158
Soláthairtí eile 16 126 498
11,885 12,003

Cuimsíonn fabhruithe teidlíochtaí saoire bliantúla de €1.7m (2016: €1.6m) a saothraíodh ach nach raibh tógtha ar dháta an tuairiscithe.

Bhain ioncam iarchurtha le préimh aisiompaithe ar íocaíochtaí cíosa ar áitreabh léasach (nóta 18). Tá luach na préimhe aisiompaithe spréite thar shaolré an léasa. Is é ba thoradh leis an mbeart seo ioncam de €2.0m a chuirfear do shochar an Ráitis ar Ioncam agus Caiteachas ar bhonn bliantúil sa tréimhse Eanáir 2013 go hAibreán 2017.

< NÓTA 13

NÓTA 15 >