19. Páirtithe gaolmhara

An tAire Airgeadais

Ceapann an tAire Airgeadais seisear comhaltaí de chuid na Gníomhaireachta de réir alt 3A den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, arna leasú.

Príomhphearsanra bainistíochta

Is iad comhaltaí na Gníomhaireachta a rialaíonn an Ghníomhaireacht agus is é an Príomhfheidhmeannach agus an Foireann Feidhmiúcháin Bainistíochta a bhainistíonn agus a stiúrann riarachán agus gnó na Gníomhaireachta. Nochtar i Nóta 7 táillí a íocadh le príomhphearsanra bainistíochta.

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

De réir ailt 41 agus 42 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009, soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do GNBS, mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna GNBS. Déantar cur síos ar ghnóthú speansas ó GNBS i nóta 5.

Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

De réir alt 10 den Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 2014, soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do CBSÉ mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna CBSÉ. Déantar cur síos ar ghnóthú speansas ó CBSÉ i nóta 5.

< NÓTA 18

NÓTA 20 >