20. An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

Chomhlíon an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta ag feidhmiú mar an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta i gcomhréir le Cuid 4 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (arna leasú) 2014, feidhmeanna maoinithe agus comhairlithe maidir le tionscadail infheistíochta poiblí ar leith. Ba í GBCN a chlúdaigh costais na seirbhísí seo, arna cúiteamh ag an Údarás Stáit iomchuí lena mbaineann na tionscadail.

Thabhaigh GBCN, ag feidhmiú mar GAFN, na costais seo a leanas:

2017
€000
2016
€000
Táillí proifisiúnta 3,154 1,606
Táillí dlí 229 522
3,383 2,128

Seo a leanas na suimeanna atá infhaighte ó Údaráis Stáit amhail ar dháta an tuairiscithe:

2017
€000
2016
€000
An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais 793 60
ÁitiúilAn Roinn Oideachais 133 424
Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin 90 -
An Roinn Dlí agus Cirt 42 12
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - 125
Comhairle Contae Átha Cliath Theas 6 -
1,064 621

Déantar suimeanna aisíoctha a chur ar ais chuig Ciste Bhanc Taisce an Phoist i gcomhréir le halt 30 d’Acht GBCN 2014. Amhail an 31 Nollaig 2017, tá €0.9m (2016: €2.8m) dlite do Chiste Bhanc Taisce an Phoist.

Bhí méid iomlán de €0.8 (2016: €2.3m) sa bhanc ag GNBS, ag breitheamh mar GAFN, amhail an 31 Nollaig 2017. Níl sé seo san áireamh san iarmhéid airgead sa bhanc mar atá léirithe sa ráiteas maidir leis an staid airgeadais.

Níl an caiteachas agus an aisíocaíocht thuas san áireamh sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile ná sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais ar leathanaigh 92 agus 93.

< NÓTA 19

NÓTA 21 >