5. Ioncam oibriúcháin

Nóta 2017
€000
2016
€000
Gnóthú speansas ó GNBS 7.1 38,089 46,697
Gnóthú speansas ó CISÉ 7.1 12,515 10,428
Gnóthú speansas ó CBSÉ 7.1 5,169 4,213
Ioncam urrús faoi chumhdach sócmhainne 224 279
Ioncam eile 2,076 675
58,073 62,292

Tá sé de cheanglas ar an nGníomhaireacht seirbhísí agus córais tacaíochta agus ghnó a sholáthar mar aon le foireann a shannadh chuig cuid de na feidhmeanna faoi reachtaíocht fhorordaithe mar seo a leanas:

  • Do GNBS faoi ailt 41 agus 42 d’Acht na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009.
  • Do CBSÉ faoi alt 10 den Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, 2014.

Ina theannta sin, faoi alt 48 den an tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014, glanfar speanais na Gníomhaireachta maidir le CISÉ ó CISÉ.

Eisítear Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne faoin Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne, 2001, arna leasú ag an Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne (Leasú), 2007. Sa chás go mainníonn banc atá cláraithe mar fhoras creidmheasa morgáiste sainithe nó mar fhoras creidmheasa poiblí sainithe faoin Acht (arna leasú), foráiltear leis an Acht (arna leasú) nach mór don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas, (i) iarracht a dhéanamh soláthraí seirbhísí eile a fháil chun na cistí cuí sócmhainní a bhainistiú, (ii) comhlacht corpraithe eile a fhostú chun a bheith ina mháthairaonán i leith na gcistí cuí, nó, (iii) na cistí a bhainistiú léi féin. Faigheann an Ghníomhaireacht ioncam urrús faoi chumhdach sócmhainne i gcomaoin, atá bunaithe ar shuim ainmniúil gach banna in eisiúint faoi chumhdach sócmhainne.

Cuimsíonn ioncam eile, go príomha, gnóthú táillí gairmiúla agus táillí áirithe foirne ar iasacht agus táillí áirithe riaracháin. Faoin treoir a eisíodh don Ghníomhaireacht faoi Ionstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 115 de 2010, rinne an tAire Airgeadais roinnt feidhmeanna a bhaineann leis an gcóras baincéireachta a tharmligean chuig an nGníomhaireacht. Rinneadh an tarmligean sin a aisghairm le héifeacht ón 5 Lúnasa 2011 faoi I.R. Uimh. 395 de 2011 agus ó shin tá baill foirne na Gníomhaireachta a bhí ag plé le soláthar feidhmeanna an chórais bhaincéireachta imithe ar iasacht go dtí Roinn Comhailreach Scairshealbhú agus Airgeadais na Roinne Airgeadais. Ar threoir ón Aire, tá na costais thabhaithe ghaolmhara a bhaineann le baill foirne agus comhairleoir gairmiúil á n-íoc ag an nGníomhaireacht go fóill. Gnóthaíodh costais de €1.9m a bhain le comhairleoir gairmiúil le linn 2017 (2016: €0.4m).

< NÓTA 4

NÓTA 6 >