7. Costais na Gníomhaireachta

7.1. Speansais na Gníomhaireachta d’fheidhmeanna sonraithe

Nóta 2017
€000
2016
€000
An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát 20,780 19,376
Maoiniú agus Bainistiú Fiach 12,460 11,461
An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 10,147 9,457
Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn 5 12,515 10,428
RÉnua 5,384 5,304
61,286 56,026
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 5 38,089 46,697
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 5 5,169 4,213
Roinn Comhairleach Scairshealbhú agus Airgeadais 4,322 2,761
Coigeartú pinsin* 8.1 7,533 4,392
55,113 58,063
Speansais Iomlána 116,399 114,089
  1. * Is ionann an coigeartú pinsin agus an difear idir an soláthar le haghaidh costais phinsin sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais agus na ranníocaíochtaí pinsin iarbhír a rinneadh.

7.2.Costais na Gníomhaireachta

Nóta 2017
€000
2016
€000
Costais Foirne
Luach saothar 7.3 74,154 77,062
Costais foirne eile1 3,919 4,419
Athrú ar sheirbhís reatha scéime pinsin le sochar sainithe 9.5 15,915 13,120
Costas pinsin CCSP 7.4 24 26
94,012 94,627
Costais oibriúcháin
Costais oibriúcháin eile 7.5 13,381 13,726
Táillí gairmiúla 7.5 6,075 3,551
Dímheas 10 592 1,737
Amúchadh 11 227 64
Bearnúchan 11 746 -
21,621 19,078
Costas ghlan úis 9.5 766 384
Costais Iomlána na Gníomhaireachta 116,399 114,089
  1. 1Tá traenáil, earcaíocht, fostaí sealadacha agus táillí easachta san áireamh sna costais forne eile.

7.3. Luach saothair

Tá na nochtadh luach saothar a leanas riachtanach faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016) (”an Cód”). Léirítear na figúirí mar a leanas mar gur seo a chéad uair a glacadh leo:

Sochair Fostaí Comhiomlán
GNBS
€000
CBSÉ
€000
GBCN
€000
Iomlán
€000
Sochair foirne gearr-théarmach 23,531 1,776 41,285 66,592
Sochair foirceannadh 763 - - 763
Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa 2,425 177 4,197 6,799
26,719 1,953 45,482 74,154

Is 784 an uimhir iomlán foireann lán aimseartha coibhéis fostaithe ag 31 Nollaig 2017.

Sochair Foirne Gearr-Théarmach
GNBS
€000
CBSÉ
€000
GBCN
€000
Iomlán
€000
Bunphá 23,287 1,685 38,752 63,724
Pá i gcoibhneas le feidhmíocht - 53 1,544 1,597
Liúntais 244 38 989 1,271
23,531 1,776 41,285 66,592
Príomhphearsanra Bainistíochta
2017
€000
Táillí baill an ghníomhaireact agus baill coistí 200
Íocaíochtaí bainistíocht 3,150
Liúntais 165
Árachas sláinte 54
3,569

Cuimsíonn príomhphearsanra bainistíochta GBCN baill den Ghníomhaireacht agus den choiste dá dtagraítear sa Ráiteas Rialachais, an Príomhfheidhmeannach agus an Fhoireann Bhainistíochta Fheidhmiúcháin. Tá luach na sochar fostaí do phríomhphearsanra bainistíochta leagtha amach thuas (gan Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta san áireamh).

Ní áirítear leis sin luach na sochar scoir a saothraíodh le linn na tréimhse. Is baill iad na príomhphearsanra bainistíochta (seachas baill na Gníomhaireachta agus an Príomhfheidhmeannach) de scéim pinsin GBCN agus ní théann a dteidlíochtaí ina leith sin thar théarmaí scéim pinsin na seirbhíse poiblí.

Tuarastal agus Sochair an Phríomhfheidhmeannaigh

Cinntear luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh i gcomhréir le halt 7(2) agus alt 8 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.

Conor O’Kelly (Príomhfheidhmeannach) 2017
€000
2016
€000
Tuarastal bhliantúil 480 480
Sochair inchánach bhliantúil 5 5
Rannaíochtaí scéim scor 86 86
571 571

Cuimsíodh i luach saothair Conor O’Kelly tuarastal bunúsach agus sochair inchánacha (árachas sláinte). Ní bhfuair Conor O’Kelly íocaíocht lánroghnach fheidhmíocht-bhainteach i leith 2017.

Chomh maith le na nochtadh riachtanach faoin gCód, déantar nóta do na nochtadh luach saothair a leanas:

Nochtaí maidir le foirne an Gníomhaireacht le heisceacht oifigigh sannta do GNBS

Scéim iomarcaíochta deonaí

Ní raibh aon Scéim Iomarcaíochta Deonaí (‘VRS’) ann in 2017 nó 2016 le heisceacht oifigigh sannta le GNBS a nochtaítear ar leithligh.

Saoire Gharraíodóireachta

Cuireadh 4 ball foirne de chuid na Gníomhaireachta ar saoire gharraíodóireachta le linn 2017 (2016: 3) le costas inchurtha in 2017 de tuairim is €0.2m (2016: €0.1m). Ar an meán, mhair saoire gharraíodóireachta na 4 ball foirne 2 mhí (2016: 2 mhí). Rinneadh na cinntí maidir leis an 4 ball foirne a chur ar saoire gharraíodóireachta ar bhonn cás ar chás agus rinneadh measúnú, inter alia, ar ról an duine sin sa Ghníomhaireacht agus fostóir nua an duine sin.

Costais Foirne Eile

Níor aontaíodh aonsocrú coinneála ó lár 2014 agus níor leathnaigh na socraithe seo níos faide ná 2017. Maidir le socraithea bhí ann cheann rinneadh íocaíochtaí coinneála dar suim iomlán de €0.1m le beirt ball foirne i 2017 (2016: €0.1m le triúr bhall foirne amháin). Rinneadh na híocaíochtaí seo ar bhonn teoranta agus eisceachtúil chun saineolas agus taithí eochairbhaill foirne i réimsí gnó criticiúla a choinneáil. Táthar tar éis stad a chur leis an gcleachtas mar a ndéantar conarthaí fostaíochta ina bhfuil foráil le haghaidh íocaíochtaí coinneála.

Nochtaí maidir le hoifigigh sannta do GNBS

Scéim Iomarcaíochta Deonaí

I 2017 ghlac 10 fostaí sannta do GNBS páirt i VRS (2016: 41 fostaí). Aithníodh in 2017 costais de €0.8m (2016: €3.9m) a bhaineann leis an VRS. Bhí costais de €0.4 (2016: €1.7m ) inchurtha i leith íocaíochtaí reachtúla agus íocaíochtaí iomarcaíochta eile, bhain €0.2m (2016: €0.8m leis an “scéim choinneála” nua1, agus €0.2m (2016: €1.4m ) do shaoire gharraíodóireachta.

  1. 1Níl feidhm le scéim choinneála GNBS ach amháin i gcúinsí ina bhfuil baill foirne déanta iomarcach, ina bhfuil gach caighdeán feidhmíochta bainte amach acu, agus ina bhfuil an tréimhse atá riachtanach chun sainordú reachtúil GNBS a chomhlíonadh curtha isteach acu le GNBS.
Saoire gharraíodóireachta - GNBS

Cuireadh 9 ball foirne sannta do GNBS ar saoire gharraíodóireachta le linn 2017 (2016: 41) mar chuid den VRS. Ní costas incriminteach don Ghníomhaireacht atá i gceist leis an tsaoire gharraíodóireachta, ach cuid den chostas foriomlán tuarastail a bheadh tabhaithe ag an nGníomhaireacht cibé cinneadh a bheadh déanta maidir leis na baill foirne lena mbaineann a chur ar saoire gharraíodóireachta. Mhair an tsaoire gharraíodóireachta faoin VRS 3 mhí ar an meán (2016: 3 mhí). Chomh maith leo siúd ar glacadh leo don VRS, cuireadh 5 ball foirne (2016: 7) ar saoire gharraíodóireachta le linn 2017, lenar bhain costas inchurtha 2017 de €0.1m (2016: €0.2m ). Ar an meán, mhair saoire gharraíodóireachta an 5 ball foirne 2 mhí (2016: 2 mhí). Rinneadh na cinntí maidir leis an 5 ball foirne a chur ar saoire gharraíodóireachta ar bhonn cás ar chás agus rinneadh measúnú, inter alia, ar ról an duine sin sa Ghníomhaireacht agus fostóir nua an duine sin.

7.4. Sochair Scor

Bronntar teidlíochtaí aoisliúntais na foirne faoi scéim sochair shainithe aoisliúntais a bunaíodh faoi alt 8 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Aistrítear ranníocaíochtaí chuig ciste a bhainistítear go seachtrach. Cinntear ranníocaíocht na Gníomhaireachta bunaithe ar chomhairle achtúire neamhspleách I ndiaidh athbhreithniú achtúireach trí bhliantúil i 2016, coinníodh ranníocaíocht na Gníomhaireachta ag leibhéal 14.2% (2016: 14.2%) faoin gcéad den tuarastal i ndáil le daoine a raibh ballraíocht acu sa Scéim. B’ionann ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta leis an scéim sochair shainithe don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 agus €9.1m (2016: €9.1m).

Foráiltear do dhliteanais a eascraíonn faoin scéim sochair shainithe faoi na socruithe thuas, seachas do theidlíochtaí a eascraíonn i leith sheirbhís bhaill faoi leith na Gníomhaireachta a earcaíodh ó réimsí eile laistigh den earnáil phoiblí. Shainigh an tAire Airgeadais an Ghníomhaireacht mar an t-eagras ceadaithe chun críocha Scéim na hEarnála Poiblí (Aistriú Seirbhíse) an 7 Aibreán 1997. Forálann an t-ainmniúchán seo do ranníocaíochtaí a íoc as an Státchiste, i measc nithe eile, mar agus nuair atá sochair dlite i gcomhair íocaíochta mar is iondúil, i leith réamhsheirbhís iarfhostaithe sa tseirbhís phoiblí a bhí fostaithe ag an nGníomhaireacht. Ní dhearnadh aon fhoráil d’íocaíocht na dteidlíochtaí sin a mhaoiniú.

Déanann an Ghníomhaireacht ranníocaíocht le scéim scoir ar son an Phríomhfheidhmannaigh. Rinne an Ghníomhaireacht ranníocaíocht freisin de €24k (2016: €26k) le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta do roinnt fostaithe nár bhaill den scéim sochair shainithe iad in 2017.

7.5. Costais Oibriúcháin

Áirítear leis na costais oibriúcháin eile de €14.0m (2016: €13.7m) costais teicneolaíochta, costais áitíochta, costais seirbhísí gnó agus speansais taistil na foirne.

Leis na táillí gairmiúla de €6.1m (2016: €3.6m) airítear táillí comhairleoireachta de €4.8m nach mór a nochtadh faoin gCód agus táillí gairmiúla eile de €1.3m.

Áirítear leis na táillí comhairleoireachta an costas a bhaineann le comhairle sheachtrach don lucht bainistíochta agus ní áirítear feidhmeanna 'gnó mar is gnách'. Ós rud é gurb é seo an chéad uair ar glacadh an Cód, léirítear figiúirí na bliana reatha mar seo a leanas:

Nóta 2017
€000
Táillí comhairleoireachta san áireamh le táillí Gairmiúla 4,822
Táillí comhairleoireachta caipitlithe 10 1,365
6,187
Dlí 1,691
Cánachas agus airgeadas 1,751
Táillí Achtúireacha 394
Caidrimh phoiblí agus margaíocht 498
Pinsin agus acmhainní daonna 75
Saroáidí agus eile 1,778
6,187

Leis na táillí comhairleoireachta de €6.2m áirítear €1.9m a tabhaíodh agus a gnóthaíodh thar ceann na Roinne Comhairligh Scairshealbhaithe agus Airgeadais (Nóta 5). Ina theannta sin, rinne GNBS, CBSÉ agus CISÉ €0.2m de na táillí comhairleoireachta a aisíoc leis an nGníomhaireacht.

< NÓTA 6

NÓTA 8 >