15. Creidiúnaithe: méideanna a bheidh dlite tar éis 1 bhliain amháin

GBCN Chuntas Riaracháin

2015
€'000
2014
€'000
Ioncam Iarchurtha 158 627
Soláthairtí eile 672 672
830 1,299

Baineann ioncam iarchurtha le préimh aisiompaithe ar íocaíochtaí cíosa ar áitreabh léasach (nóta 17). Tá luach na préimhe aisiompaithe spréite thar shaolré an léasa. Is é ba thoradh leis an mbeart seo ioncam de €2.0m a chuirfear do shochar an Ráitis ar Ioncam agus Caiteachas ar bhonn bliantúil sa tréimhse Eanáir 2013 go hAibreán 2017.

Áirítear ar na soláthairtí eile costais áitribh (nóta 22). Seo a leanas sonraí maidir le gluaiseacht soláthairtí sa tréimhse:

2015
€'000
2014
€'000
Amhail an 1 Ean 672 672
Suimeanna Breise - -
Táillí - -
Aisiompuithe - -
Amhail an 31 Noll 672 672

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >