2 Bonn ullmhúcháin

GBCN Chuntas Riaracháin

Réitíodh na ráitis airgeadais ar bhonn fabhraithe faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Tá foirm na ráiteas airgeadais ceadaithe ag an Aire Airgeadais faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, arna leasú.

Is é Euro an t-airgeadra tuairiscithe. Rinneadh gach suim sna ráitis airgeadais a shlánú go dtí an míle is cóngaraí ach amháin má tá a mhalairt sonraithe. In áiteanna a bhfuil siad in úsáid, seasann ‘000’ nó ‘k’ do ‘míle’, agus seasann ‘m’ do ‘milliún’.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >