8. Costais na Gníomhaireachta

GBCN Chuntas Riaracháin

8.1. Costais na Gníomhaireachta

Nóta 2015
€'000
2014
€'000
Costais Foirne
Costais fostaíochta 82,920 72,564
Athrú ar sheirbhís reatha scéime pinsin le sochar sainithe 10.5 15,737 9,309
Costas pinsin CCSP 8.4 36 46
98,693 81,919
Costais oibriúcháin eile
Costais oibriúcháin eile 12,349 13,781
Táillí gairmiúla 3,966 3,829
Dímheas 11 1,707 1,405
18,022 19,015
Glanchostas úis 10.5 475 368
Costais Iomlána na Gníomhaireachta 117,190 101,302

Áirítear le costais fostaíochta luach saothair agus costais eile a bhaineann leis an bhfoireann. Ar na costais oibriúcháin eile, tá costais teicneolaíochta, costais áitíochta, costais seirbhísí gnó agus speansais taistil na foirne.

Faoin ordú a eisíodh don Ghníomhaireacht faoi Ionstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 115 de 2010, tharmlig an tAire Airgeadais roinnt feidhmeanna córais bhaincéireachta chuig an nGníomhaireacht. Cúlghaireadh an tarmligean sin le héifeacht ón 5 Lúnasa 2011 faoi I.R. Uimh. 395 de 2011 agus ó shin i leith, tá baill foirne na Gníomhaireachta, a bhfuil baint acu le feidhmeanna córais bhaincéireachta a sholáthar, ar iasacht ag an Roinn Airgeadais. Ar ordú an Aire, leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag freastal ar na costais foirne bhainteacha agus ar na costais a bhain le comhairleoir gairmiúil a thabhaítear. Tabhaíodh costais comhairleoirí gairmiúla de €78k ina leith sin in 2015 (2014: nialas).

8.2 Speansais na Gníomhaireachta d’fheidhmeanna sonraithe

Nóta 2015
€'000
An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát 15,674
Maoiniú agus Bainistiú Fiach 10,132
An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 9,149
Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn 6 8,686
RÉnua 6,233
49,874
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 6 53,495
Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 6 3,634
Aonad Baincéireachta 2,426
Coigeartú pinsin* 7,761
67,316
Speansais Iomlána 117,190

* Is ionann an coigeartú pinsin agus an difear idir an soláthar le haghaidh costais phinsin sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais agus na ranníocaíochtaí pinsin iarbhír a rinneadh.

8.3 Luach saothair agus costais

Táillí agus speansais chomhaltaí na Gníomhaireachta

Ceapadh comhaltaí na Gníomhaireachta an 22 Nollaig 2014. Is é an tAire Airgeadais a chinneann luach saothair chomhaltaí na Gníomhaireachta agus tá sé leagtha amach thíos:

Táillí chomhaltaí na Gníomhaireachta 2015
2014
Maeve Carton 30,000 815
Brendan McDonagh 30,000 815
Martin Murphy 30,000 815
Mary Walsh 30,000 815
Susan Webb 30,000 815
Agency fees 150,000 4,075

Fuair gach comhalta ceaptha luach saothair breise de €54 chomh maith in 2015 i leith suimeanna a gearríocadh in 2014.

Baineann luach saothair de €45,000 in aghaidh na bliana le post an Chathaoirligh agus luach saothair de €30,000 do Chomhaltaí Ceaptha eile. Tharscaoil Cathaoirleach na Gníomhaireachta (Willie Walsh) an luach saothair a bhí dlite dó le haghaidh 2015 agus 2014.

Oibríonn Derek Moran agus Robert Watt ar an nGníomhaireacht de bhrí oifige ina gcáil mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi seach. Oibríonn Conor O’Kelly (a ceapadh an 5 Eanáir 2015) agus d’oibrigh John Corrigan (a d’éirigh as an 4 Eanáir 2015) de bhrí oifige mar Phríomhfheidhmeannach ar an nGníomhaireacht. Ní bhfuair siad aon luach saothair i leith a gcomhaltais.

Speansais chomhaltaí na Gníomhaireachta

Tá speansais a tabhaíodh i leith chomhaltaí an Gníomhaireachta leagtha amach thíos:

Comhalta na Gníomhaireachta Taisteal
Cóiríocht
agus lena
mbaineann
speansais
Iomlán 2015
Iomlán 2014
Maeve Carton - - - -
Brendan McDonagh1 20,822 2,287 23,109 -
Martin Murphy - - - -
Mary Walsh - - - -
Susan Webb - - - -
Costais na gníomhaireachta 20,822 2,287 23,109 -

1 Tá cónaí ar Brendan McDonagh i mBeirmiúda.

Déantar speansais cheadaithe a aisíoc le comhaltaí na Gníomhaireachta ar bhonn deimhnithe. Baineann speansais le costais taistil agus chóiríochta chun freastal ar chruinnithe de chuid na Gníomhaireachta in oifigí na Gníomhaireachta i mBaile Átha Cliath. Is ionann an cháin iníoctha ag an nGníomhaireacht in 2015 leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis na speansais aisíoctha do Chomhaltaí na Gníomhaireachta agus €20,791 (2014: nialas).

Táillí agus speansais chomhaltaí an Choiste Infheistíochta

Ceapadh comhaltaí an Choiste Infheistíochta an 27 Feabhra 2015. Is é an tAire Airgeadais a chinneann luach saothair chomhaltaí an Choiste Infheistíochta agus tá sé leagtha amach thíos:

Táillí chomhaltaí an Choiste Infheistíochta 2015
Richard Leonard 16,750
John Herlihy 16,750
Julie Sinnamon2 -
Táillí an Choiste Infheistíochta 33,500

Is ionann luach saothair na gcomhaltaí seachtracha agus €20,000 sa bhliain.

2 Ní bhfuair Julie Sinnamon, a ceapadh ina cáil mar fhostaí sa tseirbhís phoiblí, aon luach saothair i leith a ballraíochta.

Speansais chomhaltaí an Choiste Infheistíochta

Tá speansais a tabhaíodh i leith chomhaltaí an Choiste Infheistíochta leagtha amach thíos:

Comhalta an Choiste Infheistíochta Taisteal
Cóiríocht
agus lena
mbaineann
speansais
Iomlán 2015
Richard Leonard 1,447 1,017 2,464
John Herlihy - - -
Julie Sinnamon - - -
Speansais an Choiste Infheistíochta 1,447 1,017 2,464

Déantar speansais cheadaithe a aisíoc le comhaltaí an Choiste Infheistíochta ar bhonn deimhnithe. Baineann speansais le costais taistil agus chóiríochta chun freastal ar chruinnithe de chuid an Choiste Infheistíochta in oifigí na Gníomhaireachta i mBaile Átha Cliath. Is ionann an cháin iníoctha ag an nGníomhaireacht in 2015 leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis na speansais aisíoctha do Chomhaltaí an Choiste Infheistíochta agus €1,821 (2014: nialas).

Luach Saothair an Phríomhfheidhmeannaigh
Conor O'Kelly (a ceapadh an 5 Eanáir 2015) 2015
2014
Tuarastal 476,364 -
Sochair incháinithe 2,183 -

John Corrigan (a d’éirigh as an 4 Eanáir 2015)
2015
2014
Tuarastal 18,705 416,500
Sochair incháinithe 248 29,075

Cuimsíodh i luach saothair Conor O’Kelly tuarastal bunúsach agus sochair inchánacha (árachas sláinte). Déanann an Ghníomhaireacht ranníocaíocht de 18% den tuarastal i dtreo socrú pinsin i leith Conor O’Kelly. Ní bhfuair Conor O’Kelly íocaíocht lánroghnach fheidhmíocht-bhainteach i leith 2015.

Tá teidlíochtaí pinsin John Corrigan ag teacht leis na teidlíochtaí caighdeánacha sa scéim pinsin le sochar sainithe de réir mhúnla na hearnála poiblí.

Chuimsigh luach saothair John Corrigan tuarastal bunúsach, sochair inchánacha (carr agus árachas sláinte) agus íocaíocht fheidhmíocht-bhainteach arbh fhiú suas le 80 faoin gcéad den tuarastal bliantúil í. Tharscaoil John Corrigan aon chomaoin maidir le pá feidhmíocht-bhainteach le haghaidh 2014 agus 2015.

Scéim iomarcaíochta deonaí

Ar dháta na tuarascála, bhí 79 bhfostaí (lena n-áirítear 50 ball foirne a bhí sannta chuig GNBS) rannpháirteach i Scéim Iomarcaíochta Deonaí (‘SID'). Sainaithníodh costais de €5.0m a bheith ag baint leis an SID in 2015, agus baint ag €3.6m díobh seo le GNBS. Maidir le SID GNBS, bhain €1.3m le híocaíochtaí reachtúla iomarcaíochta agus le híocaíochtaí iomarcaíochta eile, bhain €1.0 leis an “scéim choinneála”3, agus bhain €1.3m le saoire gharraíodóireachta. Cuireadh síos an €1.4m don chuid eile dá raibh fágtha d’fhoireann GBCN d’íocaíochtaí reachtúla iomarcaíochta agus d’íocaíochtaí iomarcaíochta eile. Ní raibh aon SID ann in 2014.

Saoire Gharraíodóireachta

Cuireadh 50 ball foirne de chuid na Gníomhaireachta (baill foirne a sannadh do GNBS) ar shaoire gharraíodóireachta le linn 2015, mar chuid den SID. Ní léiríonn sé seo costas incriminteach don Ghníomhaireacht; is cuid é de chostas tuarastail iomlán na Gníomhaireachta a thabhófaí beag beann ar an gcinneadh an fhoireann ábhartha a chur ar shaoire gharraíodóireachta. B’ionann meántréimhse na saoire garraíodóireachta don 50 ball foirne, faoin SID, agus trí mhí.

De bhreis orthu sin ar glacadh leo le haghaidh na SID, cuireadh 18 mball foirne (2014: 18) de chuid na Gníomhaireachta ar shaoire gharraíodóireachta le linn 2015, lenar bhain costas inchurtha i leith 2015 de thart ar €0.4m (2014: €0.4m). As na 18 mball foirne a cuireadh ar shaoire, ba bhaill foirne a bhí sannta chuig GNBS iad 15 acu (2014: 17). B’ionann meántréimhse na saoire garraíodóireachta don 18 mball foirne agus 2 mhí (2014: 2 mhí). Rinneadh an cinneadh maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart na 18 mball foirne seo a chur ar shaoire gharraíodóireachta cás ar chás agus cuireadh san áireamh breithniú, i measc nithe eile, ar ról an bhaill foirne laistigh den Ghníomhaireacht agus ar fhostóir nua an bhaill foirne.

Costais Foirne Eile

In 2015, rinne GBCN íocaíochtaí coinneála dar suim iomlán de €120,000 le ceathrar ball foirne (2014: €60,000 le 1 bhall foirne amháin). Rinneadh na híocaíochtaí seo ar bhonn teoranta agus eisceachtúil chun saineolas agus taithí eochairbhaill foirne i réimsí gnó criticiúla a choinneáil. Táthar tar éis stad a chur leis an gcleachtas mar a ndéantar conarthaí fostaíochta ina bhfuil foráil le haghaidh íocaíochtaí coinneála. Níl aon socrú coinneála déanta ó bhí lár 2014 ann agus ní mhairfidh aon socrú dá leithéid níos faide ná 2017.3

3 Níor baineadh feidhm as an scéim choinneála ach amháin i gcásanna inar cuireadh na baill foirne ar iomarcaíocht, inar chomhlíon siad gach caighdeán feidhmíochta agus inar fhan siad le GNBS ar feadh na tréimhse is gá le sainordú GNBS a chomhlíonadh.

8.4 Aoisliúntas

Bronntar teidlíochtaí aoisliúntais na foirne faoi scéim sochair shainithe aoisliúntais a bunaíodh faoi alt 8 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Aistrítear ranníocaíochtaí chuig ciste a bhainistítear go seachtrach. Cinntear ranníocaíocht na Gníomhaireachta bunaithe ar chomhairle achtúire neamhspleách I ndiaidh athbhreithniú achtúireach ag deireadh 2013, socraíodh ranníocaíocht na Gníomhaireachta ag leibhéal 14.2% faoin gcéad den tuarastal i ndáil le daoine a raibh ballraíocht acu sa Scéim. B’ionann ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta leis an scéim sochair shainithe don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 agus €8.5m (2014: €8.6m).

Foráiltear do dhliteanais a eascraíonn faoin scéim sochair shainithe faoi na socruithe thuas, seachas do theidlíochtaí a eascraíonn i leith sheirbhís bhaill faoi leith na Gníomhaireachta a earcaíodh ó réimsí eile laistigh den earnáil phoiblí. Shainigh an tAire Airgeadais an Ghníomhaireacht mar an t-eagras ceadaithe chun críocha Scéim na hEarnála Poiblí (Aistriú Seirbhíse) an 7 Aibreán 1997. Forálann an t-ainmniúchán seo do ranníocaíochtaí a íoc as an Státchiste, i measc nithe eile, mar agus nuair atá sochair dlite i gcomhair íocaíochta mar is iondúil, i leith réamhsheirbhís iarfhostaithe sa tseirbhís phoiblí a bhí fostaithe ag an nGníomhaireacht. Ní dhearnadh aon fhoráil d’íocaíocht na dteidlíochtaí sin a mhaoiniú.

Rinne an Ghníomhaireacht ranníocaíocht freisin de €36k (2014: €46k) le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta do roinnt fostaithe nár bhaill den scéim sochair shainithe iad in 2015.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >