17. Gealltanais

GBCN Chuntas Riaracháin

Sna blianta 1991, 2007 agus 2012, rinne an Ghníomhaireacht comhaontuithe léasa ar feadh tréimhsí éagsúla go 2017, go 2026 agus go 2027 i ndáil le cóiríocht oifige ag Foirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, D02XN96.

Is ionann an t-ollchostas bliantúil cíosa faoi na léasanna oibriúcháin sin agus €2.8m, gan préimh aisiompaithe ar fiú €0.5m in aghaidh na bliana í san áireamh agus a bhaineann leis an ioncam iarchurtha a áirítear i nóta 14 agus i nóta 15.

Seo a leanas na híoschíosanna ainmniúla todhchaí is iníoctha faoi léasanna oibriúcháin dochealaithe:

2015
€'000
2014
€'000
Laistigh d’aon bhliain amháin 2,793 2,828
Faoi cheann dhá bhliain go cúig bliana 7,245 8,457
Thar 5 bliana 9,143 12,104
19,181 23,389

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >