20. An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

GBCN Chuntas Riaracháin

Le héifeacht ón 27 Eanáir 2015, chomhlíon GBCN, ag feidhmiú mar an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta i gcomhréir le Cuid 4 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (arna leasú) 2014, feidhmeanna maoinithe agus comhairlithe maidir le tionscadail infheistíochta poiblí ar leith. Ba í GBCN a chlúdaigh costais na seirbhísí seo, arna cúiteamh ag an Údarás Stáit iomchuí lena mbaineann na tionscadail.

Sular díscaoileadh í an 27 Eanáir 2015, ba chomhlacht reachtach ar leithligh í an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta agus thuairiscigh sí aon chaiteachas dá leithéid ar leithligh i dtuarascáil bhliantúil GAFN. Tá gach nochtadh atá léirithe ag teacht leis na dátaí reachtúla tuairiscithe.

Le linn na tréimhse, thabhaigh GBCN, ag feidhmiú mar GAFN, na costais seo a leanas:

27 Ean 15
go 31 Noll 15
€'000
01 Ean 14
go 26 Ean 15
€'000
Táillí comhairliúcháin 1,909 4,160
Táillí dlí 950 787
Costais tionscadail eile 9 6
2,868 4,953

Seo a leanas na suimeanna atá infhaighte ó Údaráis Stáit amhail ar dháta an tuairiscithe:

31 Noll 15
€'000
26 Ean 15
€'000
An Roinn Dlí agus Cirt 183 80
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 84 113
An Roinn Oideachais 59 477
Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin 33 200
An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta - 98
359 968

Déantar suimeanna aisíoctha a chur ar ais chuig Ciste Bhanc Taisce an Phoist i gcomhréir le halt 30 d’Acht GBCN 2014. Amhail an 31 Nollaig 2015, tá €470k dlite do Chiste Bhanc Taisce an Phoist.

Bhí méid iomlán de €114k (26 Eanáir 2015: €761k) sa bhanc ag GAFN amhail an 31 Nollaig 2015. Níl sé seo san áireamh san iarmhéid airgead sa bhanc mar atá léirithe sa ráiteas maidir leis an staid airgeadais.

Níl an caiteachas agus an aisíocaíocht thuas san áireamh sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas ná sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais ar leathanaigh 82 agus 83.

I Meán Fómhair 2015, fógraíodh i bPlean Caipitil 2016-2021 go ndéanfar an comhlacht nuabhunaithe, Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), a neartú trí fheidhmeanna soláthair agus bainistithe tionscadail CPP GAFN a aistriú chuige. Tá GBCN ag plé faoi láthair leis na Ranna Rialtais iomchuí agus le BIÉ d’fhonn an t-aistriú a chur chun cinn.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >