6. Ioncam oibriúcháin

GBCN Chuntas Riaracháin

2015
€'000
2014
€'000
Gnóthú speansas ó GNBS 53,495 53,838
Gnóthú speansas ó CISÉ 8,686 182
Gnóthú speansas ó SBCI 3,634 676
Ioncam urrús faoi chumhdach sócmhainne 289 390
Ioncam eile 253 415
66,357 55,501

Tá sé de cheanglas ar an nGníomhaireacht seirbhísí agus córais tacaíochta agus ghnó a sholáthar mar aon le foireann a shannadh chuig cuid de na feidhmeanna faoi reachtaíocht fhorordaithe mar seo a leanas:

  • Do GNBS faoi ailt 41 agus 42 d’Acht na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009. Ba é costas na seirbhísí sin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 ná €53.5m (2014: €53.8m).
  • Do CBSÉ faoi alt 10 den Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, 2014. Ba é costas na seirbhísí sin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 ná €3.6m (2014: €0.7m).

Ina theannta sin, faoi alt 48 den an tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014, glanfar speanais na Gníomhaireachta maidir le CISÉ ó CISÉ.

Eisítear Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne faoin Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne, 2001, arna leasú ag an Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne (Leasú), 2007. Sa chás go mainníonn banc atá cláraithe mar fhoras creidmheasa morgáiste sainithe nó mar fhoras creidmheasa poiblí sainithe faoin Acht (arna leasú), foráiltear leis an Acht (arna leasú) nach mór don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas, (i) iarracht a dhéanamh soláthraí seirbhísí eile a fháil chun na cistí cuí sócmhainní a bhainistiú, (ii) comhlacht corpraithe eile a fhostú chun a bheith ina mháthairaonán i leith na gcistí cuí, nó, (iii) na cistí a bhainistiú léi féin. Faigheann an Ghníomhaireacht ioncam urrús faoi chumhdach sócmhainne i gcomaoin, atá bunaithe ar shuim ainmniúil gach banna in eisiúint faoi chumhdach sócmhainne.

Cuimsíonn ioncam eile, go príomha, gnóthú táillí áirithe foirne ar iasacht, táillí áirithe riaracháin agus táillí gairmiúla áirithe. Gearradh táille seirbhíse ar an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe in 2014 i gcomhair iasachtaí a fháil thar a ceann faoi Chlár Páipéar Tráchtála.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >