12. Scéimeanna Coigilteas Stáit

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

2015
€m
2014
€m
Cairteacha Coigiltis 5,915 6,041
Bannaí Coigiltis 4,366 5,110
Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 3,445 2,576
Duaisbhannaí 2,481 2,176
Tráthchoigiltí 483 479
Stampaí Coigiltis 2 2
16,692 16,384

Tá na suimeanna a thaispeántar i leith Cairteacha Coigiltis, Bannaí Coigiltis, Bannaí Dlúthpháirtíochta, Duaisbhannaí agus Tráthchoigiltí, glan ar iarmhéideanna airgid de €0.3 milliún (2014: €1.5 milliún) atá á gcoimeád ag An Post, ag Permanent TSB Bank agus ag an gCuideachta Duaisbhannaí. Gníomhaíonn An Post agus an Chuideachta Duaisbhannaí mar chláraitheoirí do na scéimeanna faoi seach.

Ós rud é go réitítear na ráitis airgeadais seo ar bhonn airgid, ní áirítear sna dliteanais suim de €504 milliún (2014: €599 milliún), arb ionann í agus meastachán ar shuim an úis fhabhraithe amhail an 31 Nollaig 2015 i leith Cairteacha Coigiltis, Bannaí Coigiltis agus Tráthchoigiltí.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >