17. Cuntas Iasachtaí Náisiúnta (Foirceannadh)

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Nuair a bhíonn Iasacht Náisiúnta, Stoc nó Banna Rialtais le fuascailt, bíonn an tsuim iomlán gan íoc iníoctha leis an sealbhóir. Aistrítear aon suimeanna nach n-éilíonn an sealbhóir ar dháta na fuascailte chuig an gcuntas seo trí íocaíocht ón Státchiste. Dá bhrí sin, is ón gcuntas sin a fhreastalófar ar aon éilimh amach anseo a dhéanfar i dtaca leis na hiasachtaí aibithe seo. Áirítear sa chuntas seo freisin iarmhéideanna a bhí i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann agus na Roinne Airgeadais mar Ghníomhairí Íocaíochtaí i leith íocaíochtaí fuascailte nár glacadh leo, agus a aistríodh chuig an nGníomhaireacht.

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí 2015
€'000
2014
€'000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 3,075 3,089
Fáltais ón Státchiste 707 75
Fáltais ó Chuntas an Bhainc Ceannais 63 69
Íocaíochtaí le Cuntas an Bhainc Ceannais (69) (102)
Íocaíochtaí le Fuascailt ar Iasachtaí Náisiúnta (655) (56)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann 3,121 3,075

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >