13. Airgead agus Sócmhainní Airgeadais Eile

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

2015
€'000
2014
€'000
Iarmhéideanna Airgid
Cuntas Státchiste 7,963,751 4,089,063
Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitil (nóta 5.1) 489 451
Taiscí Airgid
Taiscí le Bainc Thráchtála 853,184 2,984,165
Taiscí Comhthaobhaithe 925,000 2,556,000
Maoiniú Comhthaobhach (nóta 15.1) 202,930 511,410
Sócmhainní Airgeadais Eile
Billí Státchiste 1,184,323 1,473,507
Nótaí Ráthaithe na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe 2,424,316 3,144,515
13,553,993 14,759,111

Cuireann an Ghníomhaireacht taiscí gearrthéarmacha i mBillí Státchiste, i dTaiscí Comhthaobhaithe agus i mBillí Státchiste le haghaidh aibíochtaí suas le bliain amháin chun críocha bainistiú leachtachta.

Cuirtear airgead ina chomhthaobhacht leis na contrapháirtithe, rud a eascraíonn as na riachtanais faoi na hIarscríbhinní Tacaíochta Creidmheasa, maidir le hidirbhearta díorthacha áirithe. Athraíonn na hiarmhéideanna seo, agus rochtain ar an gcomhthaobhacht airgid lena mbaineann, ar bhonn laethúil agus braitheann siad ar luach margaidh na ndíorthach seo (Féach Nóta 15).

Is féidir nach mbeidh Nótaí Ráthaithe na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe so-inréadaithe, ag brath ar choinníollacha an mhargaidh.

Cuntais Imréitigh Airgeadra Eachtraigh

Coimeádann an Ghníomhaireacht roinnt cuntas imréitigh airgeadra eachtraigh d’fhonn idirbhearta sna hairgeadraí seo a bhainistiú. B’ionann an t-iarmhéid sna cuntais seo an 31 Nollaig 2015 agus nialas (2014: Nialas). Ní raibh aon iarmhéideanna airgeadra eachtraigh eile á gcoimeád ag an nGníomhaireacht ag deireadh na bliana, diomaite de thaisce amháin de $0.2 milliún SAM (2014: $0.2 milliún SAM) atá á choimeád ag Banc Ceannais na hÉireann mar riachtanas de chuid Chlár Maoinithe AE/CAI.

Tá cuntas breise ar an ngluaiseacht sna cuntais Airgeadra Eachtraigh thíos:

Fáltais
€'000
Íocaíochtaí
€'000
Glan 2015
€'000
Glan 2014
€'000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2015 NIALAS NIALAS
Fónamh d’Fhiachas
Ús ar Iasachtaí Meántéarmacha agus Fadtéarmacha 241,984 (352,117) (110,133) (349,006)
Ús ar Fhiachas Gearrthéarmach - (10,614) (10,614) (1,185)
Gluaiseachtaí Eile 23,442,098 (21,468,888) 1,973,210 (916,667)
Táillí agus Speansais - (8,283) (8,283) (7,601)
Speansais na Gníomhaireachta 4 (1,500) (1,496) (1,367)
Gníomhaíocht Iasachtaíochta
Clár AE/CAI 9,641,721 (10,325,475) (683,754) (653,118)
Iasachtaí Gearrthéarmacha nó Fadtéarmacha Eile - - - (69,049)
Fiachas Gearrthéarmach 4,042,778 (5,201,708) (1,158,930) 1,997,993
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2015 37,368,585 (37,368,585) NIALAS NIALAS

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >