8. Maoiniú Chlár AE/CAI

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Rinne clár AE/CAI d’Éirinn soláthar do thacaíocht sheachtrach €67.5 billiún ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (“CAI”), ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (“EFSM”), ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (“EFSF”) agus d’iasachtaí déthaobhacha eile. Ba i mí an Mhárta 2014 a rinneadh an eisíocaíocht deiridh €0.80 billiún ón EFSM faoin gclár.

Tar éis comhaontú idir ballstáit AE agus iasachtóirí déthaobhacha i mí na Nollag 2014, rinne an Ghníomhaireacht aisíocaíochtaí luatha idir Nollaig 2014 agus Márta 2015, dar suim rud beag níos mó ná €18 billiún san iomlán (lena n-áirítear níos mó ná €9 billiún d’íocaíochtaí in 2015). Rinneadh na haisíocaíochtaí sin le comhaontú CAI agus níor tabhaíodh aon phionós ná muirear. Dá thoradh seo, comhlíonadh gach dualgas sceidealaithe aisíocaíocht bunairgid CAI a bhí le bheith dlite idir Iúil 2015 agus Eanáir 2021.

Is iad seo a leanas na dliteanais gan íoc faoi Chlár AE/CAI ag deireadh 2015, lena n-áirítear tionchar na n-idirbheart fálaithe airgeadra:

Iasachtóir 2015
€m
Ualaithe
Meán
Iarmharach
Aibíocht
Blianta
2014
€m
Ualaithe
Meán
Iarmharach
Aibíocht
Blianta
An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta 4,348 6.0 bliain 13,550 5.6 bliain
An tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais 17,881 17.1 bliain 17,881 18.1 bliain
An Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM) 22,500 11.1 bliain 22,500 9.1 bliain
Státchiste na Ríochta Aontaithe 4,018 4.2 bliain 3,862 5.2 bliain
Ríocht na Danmhairge 400 4.6 bliain 400 5.6 bliain
Ríocht na Sualainne 600 4.6 bliain 600 5.6 bliain
Iomlán 49,747 58,793

Léirítear thuas na síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSF a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2013. Cé gur comhaontaíodh síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSM in 2013 freisin, socrófar na dátaí athbhreithnithe aibíochta nuair a bheidh siad ag druidim ar a mbundátaí aibíochta. Le linn 2015, bhain iasacht EFSM amháin an dáta aibíochta amach agus rinneadh an dáta aibíochta sin a shíneadh. Dá réir sin, ní léiríonn aibíocht na n-iasachtaí EFSM atá nochta ach amháin na síntí aibíochta a comhaontaíodh go dtí seo. Ní mheastar go mbeidh ar Éire ceann ar bith de na hiasachtaí a fuair sí ó EFSM a athmhaoiniú roimh an mbliain 2027.

Tá an ghlaniasacht €17,881 milliún ó EFSF glan ar chorrlaigh áirithe réamhíoctha a baineadh ón tarraingt anuas bhunaidh in 2011. Is é €18,411 milliún an fiachas ainmniúil iomlán atá dlite do EFSF. Déanfar €485 milliún den chorrlach réamhíoctha €530 milliún a aisíoc le hÉirinn i mí Iúil 2016, mar aon leis an toradh gaolmhar infheistíochta carntha EFSF; tá an corrlach réamhíoctha €45 milliún atá fágtha dlite do na Ballstáit is Ráthóirí agus léireofar é mar chostas fónta fiachais i dtréimhsí amach anseo.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >