5. An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Cuireadh an CFSC ar bun faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 (arna leasú) agus d’fhoráil sé do bhlianacht a bhí le muirearú ar an bPríomh-Chiste chun an phríomhshuim agus an t-ús ar iasachtaí le haghaidh seirbhísí caipitiúla vótáilte a íoc. Shonraigh Achtanna Airgeadais ina dhiaidh sin suim na blianachta sa chás go bhfuarthas airgead ar iasacht chun seirbhísí caipitiúla a mhaoiniú an bhliain sin. Féadfar suim sheasta a úsáid le fónamh a dhéanamh (íocaíochtaí úis) ar an bhfiachas náisiúnta, agus an t-iarmhéid a úsáid d’aisíocaíochtaí bunairgid (“Ciste Fiachmhúchta”).

Tar éis leasú alt 22 den Acht Airgeadais, 1950, le halt 99 den Acht Airgeadais, 2014, cuireadh an muirear bliantúil blianachta ar an bPríomh-Chiste agus an íocaíocht leis an CFSC ar ceal ó 2015 i leith.

Coimeádann an Ghníomhaireacht an t-iarmhéid sa CFSC ag leibhéal atá faoi réir treoirlínte arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais faoi alt 4(4) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990. Faoi threoir an aire dar dáta an 24 Meán Fómhair, 2014, bhí an t-iarmhéid sa CFSC ag deireadh na bliana 2015 le bheith níos lú ná €1 mhilliún. D’fhonn cloí leis na treoracha sin, aistríonn an Ghníomhaireacht cistí barrachais ón CFSC chuig Cuntas an Státchiste roimh dheireadh na bliana.

5.1 Gluaiseacht sa Chuntas don Tréimhse

2015
€'000
2014
€'000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 451 499
Fáltais
Blianacht Úis - 1,996,275
Blianacht Ciste Fiachmhúchta - 633,177
Idirbhearta Díorthacha 15,205,071 62,538,569
Ús ar Airgead agus ar Shócmhainní Airgeadais Eile 46,405 115,356
Ceangaltas agus Táillí Eile - 62
15,251,476 65,283,439
Íocaíochtaí
Íocaíochtaí Ciste Fiachmhúchta, Fuascailt:
- Bannaí Rialtas na hÉireann - (600,000)
- Ionstraimí Fiachais Eile - (33,177)
Idirbhearta Díorthacha (15,205,071) (62,566,218)
Ús ar an bhFiachas Náisiúnta (10,912) (1,997,608)
Speansais ar an bhFiachas Náisiúnta (1,455) (1,134)
Aistriú chuig an gCuntas Státchiste (34,000) (85,350)
(15,251,438) (65,283,487)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 489 451
Gluaiseacht sa Bhliain 38 (48)

5.2 Idirbhearta Díorthacha

Féadfaidh an tAire Airgeadais idirbhearta ar gnáthbhearta baincéireachta iad a dhéanamh de réir alt 54(7) den Acht Airgeadais, 1970.

I measc gnáthbhearta baincéireachta, tá gníomhaíochtaí amhail idirbhearta réamh-mhalairte, babhtálacha agus ús ar thaiscí a bhaineann le costais fóntas fiachais. Caithfear fáltais ó idirbhearta den chineál sin, seachas iad siúd atá in airgeadra dá bhfuil cuntas imréitigh airgeadra eachtraigh bunaithe faoi alt 139 den Acht Airgeadais, 1993, a ghlacadh i CFSC. Féadfar suimeanna dá leithéid a úsáid chun íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a dhéanamh i leith gnáthbhearta baincéireachta nó i dtreo ús agus speansais an fhiachais phoiblí a ghlanadh.

Ina theannta sin, áirítear le hidirbhearta ar gnáthbhearta baincéireachta iad, idirbhearta díorthacha a rinne an Ghníomhaireacht leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) (de réir alt 52 agus alt 235 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 agus Ionstraim Reachtúil Uimh. 203/2010) agus leis an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc (faoi Leachtú Speisialta) (“CÉRB”) (de réir alt 17(4) den Acht um an gCorparáid Éireannach um Réiteach Bainc 2013 agus Ionstraim Reachtúil Uimh. 57/2013). Déantar a leithéid sin d’idirbhearta a rinneadh le GNBS agus le CÉRB a fhritháireamh trí idirbhearta a mheaitseáil le contrapháirtithe margaidh. Mar thoradh air sin níl aon ghlanéifeacht ar an gcuntas.

Tugtar breac-chuntas thíos ar fháltais agus ar íocaíochtaí i leith idirbhearta díorthacha a rinneadh i leith an Fhiachais Náisiúnta, CÉRB agus GNBS sa tréimhse sin:

Fáltais
€'000
Íocaíochtaí
€'000
Glan 2015
€'000
Glan 2014
€'000
Díorthaigh a bhaineann le GNBS 5,097,530 (5,097,530) - -
Díorthaigh a bhaineann le CÉRB 10,107,542 (10,107,542) - -
Díorthaigh a bhaineann leis an bhFiachas Náisiúnta - - - (27,649)
15,205,072 (15,205,072) - (27,649)

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >