16. Cuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Bannaí reatha Rialtas na hÉireann a chealú nó a eisiúint. Cuirtear na hidirbhearta sin i bhfeidhm trí dhíolachán nó trí cheannach a dhéanann Ciste Bhanc Taisce an Phoist (“CBTP”). Socraíonn CBTP leis an Státchiste é ansin. Áirítear sa tsuim shocraíochta do gach idirbheart banna an t-ús atá fabhraithe ag an am sin i dtréimhse an chúpóin. Is sa Chuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta a infheistítear an t-ús íoctha go dtí go mbeidh an t-ús iomlán dlite ar dháta an chúpóin. Ar dháta an chúpóin, úsáidtear an t-ús ansin chun costais ghaolmhara fónaimh an Státchiste a fhritháireamh.

Tá cúpón úis iomlán iníoctha leis an úinéir cláraithe sa chás go gcoinnítear an banna ar dháta ex-díbhinne. Is é cuspóir an chuntais seo gur féidir le CBTP an Státchiste a chúiteamh d’eilimint neamhshaothraithe an úis a eascraíonn as bannaí tráinse cum díbhinn nó ar bhannaí cealaithe ex-díbhinne.

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí 2015
€'000
2014
€'000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 48,810 5,344
Ús Fabhraithe a Fuarthas ar Iasachtaí Náisiúnta - Tráinsí agus Ceantanna 30,369 46,913
Ús Fabhraithe a Íocadh ar Iasachtaí Náisiúnta (55,055) (3,447)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann 24,124 48,810

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >