2. Bonn Ullmhúcháin

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Rinneadh na ráitis airgeadais a réiteach don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015, bunaithe ar airgead agus faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil ach amháin nuair a shonraítear a mhalairt.

Is ionann an Ráiteas ar Fhiachas Náisiúnta agus ráiteas ar an tsuim iomlán de bhunairgead a fuair Éire ar iasacht nach raibh aisíoctha ag deireadh na bliana, lúide airgead agus sócmhainní airgeadais eile atá ar fáil d’fhuascailt na ndliteanas sin ar an dáta céanna. Déanann an tAire Airgeadais faoi reachtanna éagsúla iasachtaí an Stáit agus gníomhaireachtaí eile a ráthú freisin. Ní áirítear na ráthaíochtaí sin sna ráitis airgeadais seo.

2.1 Nósmhaireacht Tomhais

Is é an Euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €, arb é chomh maith airgeadra feidhmeach na Gníomhaireachta é. Rinneadh gach suim sna ráitis airgeadais a shlánú go dtí an milliún nó an míle is cóngaraí ach amháin má tá a mhalairt sonraithe.

2.2 Fáltais agus Íocaíochtaí

Is ag an am a fhaightear an t-airgead nó a dhéantar an íocaíocht a thaifeadtar fáltais agus íocaíochtaí a bhaineann leis an bhFiachas Náisiúnta tríd an gCuntas Státchiste, trí Chuntais Imréitigh Airgeadra Eachtraigh agus tríd an gCuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

2.3 Luacháil Dliteanais

Déantar iarmhéideanna fiachais a thaifeadadh sa Ráiteas ar an bhFiachas Náisiúnta ag a bparluach infhuascailte. Nuair a eisítear nó nuair a chealaítear fiachas meántéarmach nó fadtéarmach ar biseach nó ar lascaine, cuirtear aon bhiseach nó lascaine dá leithéid san áireamh sa Ráiteas ar Ghluaiseacht san Fhiachas Náisiúnta.

2.4 Díorthaigh

Déantar comhaontuithe babhtála agus ionstraim eile airgeadais chun críocha fálaithe mar chuid de phróiseas bainistithe an Fhiachais Náisiúnta. Aithnítear torthaí na ngníomhaíochtaí fálaithe seo atá nasctha le hidirbhearta sonracha iasachta de réir na mbun-idirbheart. Áirítear an glansreabhadh ciste a éiríonn as gníomhaíochtaí fálaithe nach bhfuil nasctha le hidirbhearta sonracha iasachta i gcostais as fónamh d’fhiachas nuair a fhaightear na cistí nó nuair a dhéantar íocaíocht. Sa chás go gcríochnaítear babhtálacha nó go n-aistrítear go hionstraim eile babhtála iad, bíonn tionchar ag an nglansreabhadh ciste ar fhónamh d’fhiachas de réir théarmaí na hionstraime leasaithe.

2.5 Airgeadraí Eachtracha

Aistrítear fáltais agus íocaíochtaí in airgeadra eachtrach go euro de réir an ráta malairte atá i bhfeidhm ar dháta an idirbhirt. Aistrítear dliteanais agus sócmhainní in airgeadra eachtrach go euro ag an ráta malairte atá i bhfeidhm ag deireadh na bliana.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >