1. Cúlra

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Cuireadh Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (“an Ciste”) ar bun an 22 Nollaig 2014 le tosach feidhme Chuid 6 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 2014 (“Acht GBCN 2014”). Is í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an “Ghníomhaireacht” nó an “Bainisteoir”) rialtóir agus bainisteoir an Chiste. Cuireann Alt 39(1) d’Acht GBCN 2014 d’iallach ar an nGníomhaireacht sócmhainní an Chiste (seachas infheistíochtaí faoi threoir) a choinneáil nó a infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach ar aidhm dó tacú le gníomhaíocht eacnamaíochta agus fostaíochta sa Stát. Ina theannta sin, féadfaidh an tAire treoir a thabhairt maidir le hinfheistíochtaí áirithe de réir ailt 42, 43 agus 47(4) d’Acht GBCN 2014. Sna ráitis airgeadais seo, is mar “Infheistíochtaí faoi Threoir” a thagraítear d'infheistíochtaí a choinnítear de thoradh treoracha ón Aire.

Is é seoladh an Chiste, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Foirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, D02 XN96

Ní thrádáiltear scaireanna an Chiste i margadh poiblí agus ní chomhdaítear a ráitis airgeadais le coimisiún urrús ná le heagras rialála ar bith eile d’fhonn aon chineál ionstraime a eisiúint i margadh poiblí.

< GACH NÓTAI

NÓTAÍ EILE >