16. Teagmhais tar éis an dáta tuairiscithe

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Tá Straitéis um Chaomhnú Caipitil (“SCC”) ag an gCiste le riosca margaidh a mhaolú a fhad is a bhí cinneadh á dhéanamh ar conas a d’infheisteofaí na sócmhainní domhanda a fhad is a bheifí ag fanacht le hinfheistíocht chaipitil in Éirinn. D’fhaomh an Ghníomhaireacht an straitéis bainistiú sócmhainní domhanda, an Straitéis Aistrithe Punainne Domhanda (“SAPD”) i R3 2015.

I Lúnasa 2015, chuir an Ciste áis iasachta €450m ar fáil d’Uisce Éireann. Ar an 31 Nollaig 2015, tarraingíodh anuas €300m. De réir bheartais chuntasaíochta an Chiste, tomhaiseadh iasacht Uisce Éireann ag costas amúchta an 31 Nollaig 2015. Tugtar faoi deara go bhféadfadh athruithe a theacht ar shamhail ghnó Uisce Éireann de thoradh athruithe reachtaíochta feasta. Tá an Ciste ag leanúint dá infheistíocht a shealbhú ag costas amúchta agus athbhreithneofar an luacháil i leith tréimhsí tuairiscithe sa todhchaí de réir caighdeáin tuairiscithe airgeadais agus an eolais a bheidh ar fáil.

Níor tharla aon teagmhas eile ba ghá a choigeartú nó a nochtadh sna ráitis airgeadais tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >