14. Páirtithe Gaolmhara

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

14.1 An tAire Airgeadais

Dílsítear úinéireacht an Chiste don Aire Airgeadais de bhun alt 38(3) d’Acht GBCN 2014.

Faoi alt 46(1) agus 46(2) d’Acht GBCN 2014, féadfaidh an tAire Airgeadais íocaíochtaí a dhéanamh isteach sa Chiste ón bPríomh-Chiste. Sa chás go mbeartaíonn an tAire íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chiste, ní mór do Thithe an Oireachtais rún a rith ina bhfaomhtar an íocaíocht sular féidir leis an Aire an íocaíocht a phróiseáil (Nóta 11.4).

14.2 Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Is í an Ghníomhaireacht a dhéanann rialú agus bainistiú ar an gCiste de bhun alt 41(1) d’Acht GBCN 2014.

Is coiste reachtúil é Coiste Infheistíochta GBCN a bhfuil foráil dó san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú). Cuidíonn an Coiste leis an nGníomhaireacht maidir le rialáil agus bainistíocht an Chiste trí chinntí a dhéanamh maidir le fáil agus diúscairt sócmhainní taobh istigh de pharaiméadair a fhéadfaidh a bheith leagtha síos ag an nGníomhaireacht, ag cur comhairle ar an nGníomhaireacht maidir le straitéis infheistíochta an Chiste agus ag déanamh maoirseachta ar an straitéis infheistíochta. Tá cinntí infheistíochta suas le €150m tarmligthe ag an nGníomhaireacht don Choiste. Atreoraítear infheistíochtaí atá os cionn €150m chuig an nGníomhaireacht agus moladh ón gCoiste ag gabháil leo.

Iarrtar go mbeadh beirt chomhaltaí ceaptha de chuid na Gníomhaireachta ar an gCoiste Infheistíochta agus nach mó ná cúigear nach comhaltaí den Ghníomhaireacht iad ach a bhfuil saineolas ábhartha substaintiúil agus taithí acu agus a gceapannan Ghníomhaireacht iad le toiliú an Aire Airgeadais.

Faoi alt 48 d’Acht GBCN 2014, is ón gCiste a ghlantar speansais na Gníomhaireachta. Don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 €8.7m a bhí sna speansais seo (22 - 31 Nollaig 2014: €182k).

Príomhphearsanra bainistíochta

Is iad Comhaltaí na Gníomhaireachta a rialaíonn an Ghníomhaireacht agus is é an Príomhfheidhmeannach a bhainistíonn agus a stiúrann gnó na Gníomhaireachta. Tá údarás agus freagracht ar an bPríomhfheidhmeannach agus ar Chomhaltaí na Gníomhaireachta as pleanáil, stiúradh agus rialú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus, dá bhrí sin, is príomhphearsanra bainistíochta na Gníomhaireachta iad. Déan tagairt do ráitis airgeadais Chuntas Riaracháin GBCN maidir le cúiteamh an phríomhphearsanra bainistíochta.

14.3 Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

Tá an Ciste agus Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann araon faoi smacht an Aire Airgeadais.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >