15. Bainistíocht riosca airgeadais

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as bainistíocht riosca na Punainne Lánroghnaí. Maidir leis an bpunann faoi Threoir, tá sé de chúram ar an nGníomhaireacht treoracha an Aire Airgeadais a fheidhmiú agus urrúis ábhartha a luacháil i gcomhair ráitis airgeadais an Chiste.

Is é euro bunairgeadra an Chiste. Is in euro a thugtar na torthaí tomhaiste agus na rioscaí punainne monatóirithe.

I ngnáthchúrsa a chuid gníomhaíochtaí, déanann an Ciste bainistiú gníomhach ar raon éagsúil rioscaí airgeadais, lena n-áirítear riosca infheistíochta, riosca margaidh, riosca creidmheasa agus riosca leachtachta.

Sainmhíníonn Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca na Gníomhaireachta caighdeáin agus sainmhínithe íosta, éigeantacha, ardleibhéil bainistíocht riosca a bhaineann le gach cuid den Ghníomhaireacht agus ar fud gach catagóir riosca. Ansin, cuirtear na caighdeáin seo i bhfeidhm trí na mionpholasaithe agus mionghnáthaimh a rialaíonn bainistíocht catagóirí aonair agus/nó próisis bainistíochta riosca.

Tá Creatlach Bainistithe Riosca na Gníomhaireachta faoi réir mhúnla na dtrí-líne-cosanta, agus tá a struchtúr eagraíochtúil agus a struchtúr coiste riosca ailínithe d’fhonn úinéireacht agus cuntasacht shoiléir a bhunú ó thaobh bainistiú riosca de.

Ag an gcéad líne chosanta, is iad Aonaid Ghnó agus Feidhmeanna Corparáideacha na Gníomhaireachta go príomha atá freagrach as rioscaí a bhainistiú ar bhonn laethúil, ag cur san áireamh lamháltas agus fonn riosca na Gníomhaireachta, agus i gcomhréir lena cuid beartas, nósanna imeachta, rialuithe agus srianta.

Tá an dara líne, lena gcuimsítear Bainistíocht Riosca, Comhlíonadh agus feidhmeanna rialaithe eile de chuid na Gníomhaireachta, neamhspleách ar oibriúcháin agus ar an mbainistíocht líne thosaigh, agus is é an ról atá aici aon chinntí a mbíonn tionchar acu ar neamhchosaint na heagraíochta ar riosca a cheistiú agus eolas cuimsitheach sothuigthe ar rioscaí a sholáthar.

Soláthraíonn an Fheidhm Iniúchta Inmheánaigh, ar cuid den tríú líne chosanta í, deimhniú neamhspleách, réasúnach, rioscabhunaithe do phríomhpháirtithe leasmhara maidir le stóinseacht chóras bainistíochta riosca GBCN, maidir lena rialachas agus maidir le dearadh agus éifeachtacht oibríochtúil thimpeallacht an rialaithe inmheánaigh.

Comhtháthaíonn na trí Líne Chosanta uile ag leibhéal na Gníomhaireachta. Tacaíonn roinnt Coistí agus fochoistí Riosca de chuid GBCN leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna maidir le bainistíocht riosca.

Coiste Bainistíocht Punainne (CBP)

Áirítear an CBP leis an gcéad líne chosanta ar a bhfuil comhaltaí sinsearacha den fhoireann infheistíochta Ciste. Is iad príomhfheidhmeanna an CBP moltaí infheistíochta a mheas agus a dhéanamh le Coiste Infheistíochta na Gníomhaireachta agus maoirseacht bhainistíochta a dhéanamh ar infheistíochtaí an Chiste. Trí phróiseas infheistíocht inmheánach an Chiste, féachtar lena chinntiú go luacháiltear go hiomlán gach deis infheistíochta i dtéarmaí tráchtálachta, acmhainn tionchar eacnamaíochta agus cuibhiúlacht i gcomhthéacs foriomlán an Chiste.

Coiste Infheistíochta GBCN

Ar an gCoiste Infheistíochta tá comhaltaí neamhfheidhmiúcháin agus is iad atá freagrach as straitéis infheistíochta an Chiste a mhaoirsiú. Tá cur síos ar ról an Choiste i Nóta 14.2

Coiste Riosca na Gníomhaireachta (CRG)

Déanann CRG athbhreithniú ar na próisis sainaitheanta agus measúnaithe riosca ina n-iomláine atá ag an nGníomhaireacht. Leagann sé síos caighdeán maidir le monatóireacht chruinn thráthúil ar rioscaí criticiúla agus déanann athbhreithniú ar thuairiscí ar aon sárú ábhartha ar theorainneacha riosca agus ar leorgacht aon bhearta a bheadh molta.

Coiste Iniúchóireachta na Gníomhaireachta.

Is coiste bainistíochta é an CBRF a dhéanann maoirsiú ar fhorfheidhmiú fhonn riosca foriomlán na Gníomhaireachta agus ar lucht ardbhainistíochta agus iad ag bunú córas iomchuí (lena n-áirítear beartais, nósanna imeachta agus teorainneacha riosca) lena chinntiú go ndéantar rioscaí fiontair a shainaithint, a thomhas, a mhonatóiriú, a rialú agus a thuairisciú go héifeachtach.

An Coiste Bainistíochta Riosca Fiontair (CBRF)

Is coiste bainistíochta é an CBRF a dhéanann maoirsiú ar fhorfheidhmiú fhonn riosca foriomlán na Gníomhaireachta agus ar lucht ardbhainistíochta agus iad ag bunú córas iomchuí (lena n-áirítear beartais, nósanna imeachta agus teorainneacha riosca) lena chinntiú go ndéantar rioscaí fiontair a shainaithint, a thomhas, a mhonatóiriú, a rialú agus a thuairisciú go héifeachtach.

Coiste Riosca Creidmheasa Contrapháirtí (CRCC)

Maoirsíonn agus comhairlíonn an CRCC an CBRF maidir le neamhchosaint ar riosca creidmheasa contrapháirtí. Soláthraíonn sé clár rioscaí agus sonraí maidir le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa contrapháirtí ábhartha don CBRF. Foirmlíonn sé, cuireann i bhfeidhm agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh Bheartas Bainistíochta Riosca Creidmheasa Contrapháirtí na Gníomhaireachta agus cinntíonn go ndéantar gach beart is iomchuí maidir le sárú ar bith.

Coiste Riosca Margaidh agus Leachtachta (CRML)

Maoirsíonn agus comhairlíonn MLRC an CBRF maidir le neamhchosaint ar rioscaí margaidh agus leachtachta. Soláthraíonn sé clár rioscaí maidir le neamhchosaintí ar riosca margaidh agus leachtachta agus tugann sonraí don CBRF. Foirmlíonn sé, cuireann i bhfeidhm agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh Bheartais Bainistíochta Riosca Margaidh agus Leachtachta GBCN agus cinntíonn go ndéantar gach beart is iomchuí maidir leis an mBeartas ábhartha, nó maidir le sárú ar bith.

Coiste Riosca Oibríochtúil agus Rialaithe (CROR)

Is coiste bainistíochta é an CROR a dhéanann athbhreithniú ar an gcreatlach riosca oibríochtúil agus ar na beartais riosca oibríochtúil bhainteacha agus molann don CBRF iad lena bhfaomhadh. Faireann, athbhreithníonn agus ceistíonn an CROR rioscaí oibríochtúla GBCN agus tugann tuairisc ar bhainistiú rioscaí oibríochtúla don CBRF.

15.1 Riosca margaidh

Riosca infheistíochta is ea an riosca go n-imíonn feidhmíocht infheistíochta ó na straitéisí ábhartha. Tá acmhainn oscailte ag an nGníomhaireacht i leith riosca infheistíochta mar a bhfuil sí toilteanach gach rogha fhéideartha seachadta a bhreithniú agus an rogha is dóichí go n-éireoidh léi a phiocadh agus, lena chois sin, leibhéal inghlactha luacha atá coigeartaithe de réir riosca a chur ar fáil.

D’fhéadfadh brabús níos lú ná mar is féidir nó caillteanais iarbhír chaipitil ar bhunchaiteachas a bheith mar thoradh ar aon diall ó mhandáidí ábhartha infheistíochta. Is den ríthábhacht, mar sin de, go gcomhtháthaítear go hiomlán bainistíocht leanúnach riosca infheistíochta i ngníomhaíochtaí agus i gcuspóirí an Chiste. Cé go bhféadann riosca infheistíochta teacht aníos mar gheall ar phróisis measúnú inmheánach nó monatóireachta nach bhfuil stóinsithe go leor, féadann réimse foinsí seachtracha bheith taobh thiar de fosta amhail forbairtí diúltacha maicreacnamaíocha nó margaidh, athruithe gan choinne sa reachtaíocht, tearcfheidhmiú infheistíochtaí aonair nó calaois.

Áirítear le Riosca Infheistíochta na fo-chatagóirí seo a leanas:

  • Riosca próiseas infheistíochta: Riosca brabús níos lú ná mar is féidir a thabhú nó caillteanais chaipitil mar gheall ar phróisis measúnaithe nó faofa moltaí infheistíochta nó monatóireachta ina dhiaidh sin nach bhfuil stóinsithe go leor;
  • Riosca tionchair eacnamaíochta: Riosca nach mbainfear amach cuspóir tionchar eacnamaíochta na straitéise infheistíochta;
  • Riosca caillteanas buan caipitil: Riosca cailleadh rialaithe infheistíochta;
  • Riosca comhchruinniú punainne: Riosca a bhaineann le ró-chomhchruinniú mar gheall ar bheith ag gabháil do straitéis infheistíochta - lena n-áirítear earnáil eacnamaíochta / tionscail, tíreolaíochta, contrapháirtí etc.

15.2 Riosca margaidh

Is é atá i gceist le riosca margaidh an riosca go luaineoidh luach cóir nó sreafaí airgid amach anseo ionstraime airgeadais de bharr athruithe ar phraghsanna an mhargaidh. Áirítear le fochatagóirí riosca margaidh riosca ráta, riosca malairte eachtraí, riosca praghas margaidh agus riosca raon difríochta creidmheasa.

Tá Straitéis um Chaomhnú Caipitil i bhfeidhm ag an gCiste, rud lena soláthraítear roinnt cosanta ar an taobh thíos ar laghduithe sa mhargadh gnáthscaireanna agus lena soláthraítear roinnt cosanta ar an taobh thuas nuair a éiríonn go maith leis na margaí.

Úsáideann an Ciste díorthaigh chun a neamhchosaint ar airgeadra eachtrach, ráta úis agus rioscaí praghsanna eile a bhainistiú. Áirítear leis an hionstraimí a úsáidtear malairtí ráta úis, réamhchonarthaí, todhchaíochtaí agus roghanna. Ní fheidhmíonn an Ciste cuntasaíocht fhálaithe.

i) Riosca ráta úis

Is é is riosca ráta úis ann an riosca go mbeadh tionchar diúltach ag gluaiseachtaí rátaí úis ar luach bunionstraim airgeadais nó tionchar ar shreafaí airgid an Chiste.

Neamhchosaint ar ráta úis

Leagtar amach sa tábla seo a leanas luach na n-urrús lena bhfabhraítear ús seasta sa phunann lánroghnach agus a bhí neamhchosanta ar riosca athruithe sa luach cóir amhail an 31 Nollaig 2015:

Urrúis lena bhfabhraítear ús seasta 2015
€m
2014
€m
A thiocfaidh in aibíocht laistigh de bhliain amháin 1 194
A thiocfaidh in aibíocht idir bliain amháin agus cúig bliana 292 3009
A thiocfaidh in aibíocht tar éis cúig bliana 265 294
Iomlán na n-infheistíochtaí lena bhfabhraítear ús seasta 558 797

Léirítear sa tábla seo sciar na n-urrús airgeadais atá neamhchosanta ar riosca athruithe sa luach cóir de thoradh athruithe i rátaí úis. Chun críocha nochta, tá sócmhainní lena bhfabhraítear ús seasta ar áireamh sa neamhchosaint ar riosca praghais agus sa neamhchosaint ar riosca ráta úis araon. Ní léirítear sa tábla seo neamhchosaint fhéideartha ar bith ar athruithe i rátaí úis a bhaineann le hinfheistíochtaí a shealbhaítear i gcistí infheistíochta.

Mar aon leis na hurrúis lena bhfabhraítear ús sa tábla thuas, tá airgead infheistíochta i seilbh an Chiste freisin, lena n-áirítear airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim dar suim €1.7bn (2014: €1.7bn) (Nóta 12) agus cistí leachtacha dar suim €1.5bn (2014: €600m). Sócmhainní lena bhfabhraítear ús atá sna sócmhainní sin. Luaineoidh sreafaí airgid na sócmhainní sin sa todhchaí de réir athruithe i rátaí úis an mhargaidh.

Anailís íogaireachta

Léirítear san anailís íogaireachta thíos mar a rachfaí i bhfeidhm ar ghlansócmhainní trí athruithe san athróg bhainteach riosca a d’fhéadfadh, ar bhonn réasúnach, titim amach ar an dáta tuairiscithe. Tá cinneadh déanta ag an lucht bainistíochta go bhféadfadh, ar bhonn réasúnach, luainiú 50 bonnphointe i rátaí úis titim amach, nuair a chuirtear san áireamh an timpeallacht eacnamaíochta ina bhfeidhmíonn an Ciste.

Léirítear sa tábla thíos an tionchar ag méadú 50 bonnphointe i rátaí úis ar urrúis an Chiste a bhfuil ús seasta ag dul leo amhail 31 Nollaig. Bheadh tionchar comhionann ach malartach ar na méideanna atá ar taispeáint ag laghdú rátaí úis den mhéid céanna. Go príomha, is de thoradh laghdú i luach cóir urrúis ráta seasta atá an tionchar. Glactar leis san anailís seo gur ann do chuar líneach ráta úis agus go mbíonn gach athróg eile tairiseach..

Tionchar ar Ghlansócmhainní punainne lánroghnaí 2015 2014
Laghdú €m (28) (40)
% laghdú -0.36% -0.56%
ii) Riosca malairte eachtraí

Is é is riosca malairte eachtraí ann an riosca go rachadh gluaiseachtaí i rátaí malairte i bhfeidhm ar bhunluach sócmhainní, dliteanas agus ionstraimí díorthacha a ainmnítear in airgeadra eile seachas an euro. Athróidh luach reatha sreafaí airgid de réir mar a athróidh rátaí malairte agus féadann sé seo dul i bhfeidhm ar shreafaí airgid amach anseo fosta.

Tá ceangaltais amuigh ag an gCiste i leith infheistíochtaí réadmhaoine agus cothromais phríobháidigh dar luach USD 181m agus JPY 16m amhail an 31 Nollaig 2015 (USD 234m agus JPY 16m amhail an 31 Nollaig 2014).

Bainistíocht riosca malairte eachtraí

Féachann an Ciste a riosca airgeadra eachtraigh a bhainistiú trí úsáid a bhaint as réamhchonarthaí i malairt eachtrach agus malairtí trasairgeadra. Mar gheall ar ghluaiseachtaí sa ráta malairte, déanann an brabús / caillteanas ar na réamhchonarthaí i malairt eachtrach fritháireamh ar an athrú i luach infheistíochtaí an Chiste nach bhfuil ainmnithe in euro.

Neamhchosaint ar riosca malairte eachtraí

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na luachanna sócmhainní sa Phunann Lánroghnach a bhí neamhchosanta ar riosca airgeadra roimh an bhfálú airgeadra agus ina dhiaidh. Maidir le sealúchais i gcistí infheistíochta, tugann sé mionsonraí ar bhonnairgeadra an chiste iomchuí. Nuair is cuí, bainistíonn an Ghníomhaireacht an neamhchosaint a chruthaíonn buninfheistíochtaí ciste le cois a bhunairgeadra.

Airgeadra na Sócmhainní Infheistíochta: 31 Nollaig 2015
Airgeadra áitiúil
m
Bonn Airgeadra
€m
Neamhchosaint
Ghlan
€m
% de
Glan-Sócmhainní
Dollar SAM 2,087 1,917 538 6.84%
Eile * Éagsúil 35 28 0.35%
Punt Shasana 47 63 14 0.18%
Dollar Hong Cong 447 53 39 0.49%
Dollar Cheanada 53 35 6 0.08%
Dollar na hAstráile 28 19 9 0.12%
Yen na Seapáine 1,067 8 (15) -0.19%
Franc na hEilvéise 7 6 (6) -0.07%
Coróin na Sualainne 59 6 (0) -0.00%
Coróin na hIorua 19 2 (2) -0.03%
Won na Cóiré Theas 29,446 23 23 0.29%
Dollar Nua na Téaváine 630 18 18 0.22%
Rand na hAfraice Theas 169 10 10 0.13%
Real na Brasaíle 36 8 8 0.11%
Iomlán 2,203 670
Airgeadra na Sócmhainní Infheistíochta: an 31 Nollaig 2014
Airgeadra áitiúil
m
Bonn Airgeadra
€m
Neamhchosaint
Ghlan
€m
% de
Glan-Sócmhainní
Dollar SAM 2,603 2,144 824 11.49%
Eile* Éagsúil 146 140 1.95%
Punt Shasana 59 76 20 0.28%
Dollar Hong Cong 610 65 55 0.77%
Dollar Cheanada 70 50 16 0.22%
Dollar na hAstráile 29 19 9 0.13%
Yen na Seapáine 1,349 9 (27) -0.38%
Franc na hEilvéise 8 7 (3) -0.04%
Coróin na Sualainne 53 6 2 -0.03%
Coróin na hIorua 23 3 (2) -0.03%
Coróin na Danmhairge 19 3 (2) -0.03%
Dollar Shingeapór 5 3 (2) -0.03%
Iomlán 2,531 1,030

* Cuimsíonn ‘Eile’ roinnt airgeadraí éagsúla, lena n-áirítear Ringgit na Malaeisia, Rupian na hIndinéise agus Baht na Téalainne.

Anailís Íogaireachta

Leagtar amach sa tábla thíos an tionchar ar ghlansócmhainní (2015: €7,857m, 2014: €7,172m) ag lagú, atá féideartha ar bhonn réasúnach, an euro in aghaidh dhollar SAM faoi 5% (2014: 5%) amhail 31 Nollaig 2015. Glacann an anailís seo leis go bhfanfadh na hathróga eile, go háirithe rátaí úis, tairiseach.

Tionchar ar Ghlansócmhainní punainne lánroghnaí 2015 2014
Laghdú €m (27) (41)
% laghdú -0.34% -0.57%

Bheadh tionchar comhionann ach malartach ag neartú an euro in aghaidh dhollar SAM ar na méideanna atá ar taispeáint thuas.

iii) Riosca Praghas Margaidh

Is é is riosca praghas margaidh ann an riosca mar gheall ar athrú i luach sócmhainní de thoradh athruithe i bpraghsanna urrús nach mbaineann le hathruithe i rátaí úis ná rátaí malairte, amhail gnáthscaireanna agus tráchtearraí.

Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh

Is ionann an luach sócmhainní sa phunann lánroghnach a bhí neamhchosanta ar riosca praghais margaidh ag an 31 Nollaig 2015 agus luach na n-infheistíochtaí mar atá leagtha síos sa tábla seo a leanas:

Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh 2015
€m
2014
€m
Infheistíochtaí Luaite 3,989 3,559
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach 17 0
Infheistíochtaí Neamhluaite 572 602
Réadmhaoin 236 246
Gnáthscair Phríobháideach 367 240
Bonneagar 125 76
Foraoiseacht 30 27
Infháltais fhadtéarmacha 18 356
Sócmhainní ionstraim dhíorthach 2 -
Sócmhainní iomlána airgeadais FVTPL 5,356 5,106
Dliteanais ionstraim dhíorthach (1) (53)
Billí Státchiste 450 1,450
Nochta go hiomlán ar riosca praghas margaidh 5,805 6,503
Neamhchosanta ar riosca praghas margaidh
Taiscí agus Airgead 1,281 239
Iasachtaí agus infháltais 395 384
Neamhchosanta go hiomlán ar riosca praghas margaidh 1,676 623
Iomlán Sócmhainní agus Dliteanais Airgeadais na Punainne Lánroghnaí 7,481 7,126
Bainistíocht riosca praghas margaidh

Tá anailís gheografach ar phunann lánroghnach infheistíochta an Chiste atá neamhchosanta ar riosca praghas margaidh á léiriú thíos. Léirítear infheistíochtaí Ciste bunaithe ar a dtír ionchorpraithe iomchuí. Déanann an Ghníomhaireacht faireachán ar an riosca praghas margaidh, rud ar gné dhílis é den phunann infheistíochta, trí rochtain iomlán thráthúil a chinntiú ar fhaisnéis ábhartha ó Bhainisteoirí Infheistíochta an Chiste. Buaileann an Ghníomhaireacht go rialta leis na Bainisteoirí Infheistíochta agus déanann sí athbhreithniú ar fheidhmíocht infheistíochta ag gach cruinniú.

Anailís de réir rangú geografach 2015
€m
2014
€m
AN EORAIP 3,981 4,457
Meiriceá Thuaidh 1,635 1,740
Margaí atá ag teacht chun cinn 123 209
An Áise-an tAigéan Ciúin 66 97
Iomlán 5,805 6,503
Neamhchosaint

Leagtar amach sa tábla seo a leanas comhchruinniú shócmhainní agus dhliteanais infheistíocht lánroghnach an Chiste atá neamhchosanta ar riosca praghas margaidh de réir cineál ionstraime ar an dáta tuairiscithe.

Infheistíochtaí ciste cothromais agus bainistithe 2015
€m
2014
€m
Infheistíochtaí cothromais trádáilte ar an malartán 1,091 1,272
Infheistíochtaí cothromais neamhliostaithe 758 589
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach 17 0
Cistí Infheistíochta Neamhluaite 387 338
Cistí infheistíochta luaite ceannoscailte 806 1,122
Iomlán infheistíochtaí ciste cothromais agus bainistithe 3,059 3,321
Urrúis fiachais:
Urrúis fiachais trádáilte ar an malartán 581 534
Urrúis fiachais eile 185 264
Cistí infheistíochta luaite ceannoscailte 1,500 600
Infháltas fadtéarmach 18 356
Iomlán na n-urrús fiachais 2,284 1,754
Billí Státchiste 450 1,450
Sócmhainní díorthacha
Roghanna innéacs gnáthscaireanna liostaithe 11 31
Réamhchonarthaí airgeadra eachtraigh 2 -
Iomlán na sócmhainní díorthacha 13 31
Iomlán na sócmhainní infheistíochta 5,806 6,556
Dliteanais dhíorthacha
Réamhchonarthaí airgeadra eachtraigh - (47)
Conarthaí todhchaíochtaí in airgeadra eachtrach (1) (6)
Iomlán na ndliteanas díorthach (1) (53)
Iomlán 5,805 6,503
Anailís íogaireachta

Leagtar amach sa tábla thíos an tionchar ar ghlansócmhainní na punainne lánroghnaí (2015: €7,857m, 2014: €7,172m) ag lagú, atá féideartha ar bhonn réasúnach, praghsanna margaidh faoi 5% amhail 31 Nollaig 2015. Is ar bhonn infheistíocht aonair a dhéantar na meastacháin. Glacann an anailís seo leis go bhfanfaidh na hathróga eile, go háirithe rátaí úis, tairiseach.

Tionchar ar Ghlansócmhainní punainne lánroghnaí 2015 2014
Laghdú €m (290) (325)
% laghdú -3.7% -4.5%

15.3 Riosca creidmheasa

Tagann riosca creidmheasa aníos as an riosca nach n-éireoidh le hiasachtóir ná le contrapháirtí oibleagáid a chomhlíonadh agus is caillteanas príomhshuime nó leas airgeadais is toradh dó.

Is as infheistíochtaí in urrúis fiachais a thagann an príomhriosca creidmheasa ar a bhfuil an Ciste neamhchosanta. Chomh maith leis sin, bíonn an Ciste faoi réir riosca creidmheasa contrapháirtí ar airgead agus coibhéisí airgid, iarmhéideanna dlite ó bhróicéirí, trádáil táirgí díorthacha, trádáil agus infháltais eile agus iasachtaí agus infháltais.

Bainistíocht riosca creidmheasa

Is é an cuspóir atá le riosca creidmheasa a bhainistiú íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag mainneachtain chreidmheasa ar shócmhainní airgeadais an Chiste. Féachann an Ciste le maolú a dhéanamh ar a neamhchosaint ar riosca creidmheasa contrapháirtí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar mhéid a neamhchosanta creidmheasa ar chontrapháirtithe agus ar an acmhainneacht creidmheasa atá ag contrapháirtithe. Roghnaítear contrapháirtithe bunaithe ar a bhfeiliúnacht fhoriomlán, a neart airgeadais, ar a dtimpeallacht rialála agus ar chúinsí ar leith.

D’fhonn smacht a chur ar neamhchosaint an Chiste i gcás mainneachtana, déantar infheistíochtaí ar fud réimse earnálacha tionscail agus eisitheoirí ar mhaithe le comhchruinnithe riosca creidmheasa a laghdú.

Déanann Bank of New York Mellon, Caomhnóir Domhanda an Chiste, urrúis an Chiste a shealbhú i gcuntais leithscartha, nuair is féidir é, ar mhaithe le híoslaghdú a dhéanamh ar an mbaol go laghdóidh luach na n-urrús atá á sealbhú ag an gCaomhnóir Domhanda. I gcás chliseadh Chaomhnóir Domhanda an Chiste, d’fhéadfadh sé go mbeadh lagú sealadach ar chumas an Chiste na hurrúis a aistriú. Is comhalta de mhórmhalartán urrús é Caomhnóir Domhanda an Chiste. Bhí rátáil chreidmheasa fhadtéarmach A1 aige le Moodys an 31 Nollaig 2015. Déanann an Gníomhaireacht monatóireacht ar na rátálacha creidmheasa agus ar leorgacht chaipitil a chaomhnóra ar bhonn rialta.

Ar an 31 Nollaig 2015, bhí €1,169m á shealbhú le Banc Ceannais na hÉireann (2014 €176m) agus €112m leis an gCaomhnóir Domhanda (2014 €63m) (Nóta 12).

Is ionann an neamhchosaint dhíreach ar riosca creidmheasa sa phunann lánroghnach ag an 31 Nollaig 2015 agus luach anonn na n-urrús airgeadais mar atá leagtha amach thíos.

Tagairt 2015
€m
2014
€m
Airgead agus coibhéisí airgid (i) 1,731 1,689
BIarmhéid dlite ó bhróicéirí (ii) - 35
Urrúis fiachais (iii) 766 798
Iasachtaí agus infháltais (iv) 395 384
Suimeanna infhaighte trádála agus suimeanna infhaighte eile (v) 396 18
Sócmhainní díorthacha (vi) 2 -
Iomlán 3,290 2,924
i) Airgead agus coibhéisí airgid

Is le Banc Ceannais na hÉireann agus leis an gCaomhnóir Domhanda, a bhfuil rátáil AAA (2014 AAA) agus A1 (2014 A1) acu faoi seach, bunaithe ar rátálacha Moody’s, go príomha atá airgead agus coibhéisí airgid an Chiste á sealbhú.

ii) Iarmhéideanna dlite ó bhróicéirí

Is ionann iarmhéideanna dlite ó bhróicéirí agus cuntais éarlaise, comhthaobhacht airgid thirim i gcomhair urrús iasachta agus idirbhearta díolachán nár íocadh fós. Meastar riosca creidmheasa an chontrapháirtí a bhaineann le hidirbhearta nár íocadh fós a bheith beag mar gheall ar an tréimhse ghearr íocaíochta atá i gceist agus ardcháilíocht creidmheasa na mbróicéirí a úsáideadh. Amhail an 31 Nollag 2015, ní raibh aon iarmhéid dlite ó bhróicéirí.

iii) Infheistíochtaí in urrúis fiachais

Ar an 31 Nollaig, bhí infheistíocht déanta ag an gCiste in urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis a raibh an rátáil* sheachtrach seo a leanas acu:

Rátáil Sheachtrach 2015
€m
2014
€m
2015
%
2014
%
Aa1 go Aa3 / AAA go AA 116 125 15% 16%
A1 go A3 / A+ go A- 229 211 30% 26%
Baa1 go Baa3 / BBB+ go BBB- 385 438 50% 55%
Ba1 go Ba3 - 2 0% 0%
Gan rátáil sheachtrach 36 22 5% 3%
766 798 100% 100%

* Nuair nach mbíonn rátáil chreidmheasa Moody ar fáil, úsáidtear rátáil Standard and Poor.

iv) Iasachtaí agus infháltais
Gníomhaireacht 2015
€m
2014
€m
2015
%
2014
%
Gan rátáil sheachtrach 395 384 100% 100%

Athbhreithnítear riosca creidmheasa iasachtaí agus infháltais mar chuid den phróiseas athbhreithniú bearnúcháin.

v) Infháltais trádála agus eile

Is é atá anseo go príomha méideanna atá dlite laistigh de bhliain ó díoladh infheistíochtaí cothromais phríobháideacha.

vi) Díorthaigh

Leagtar amach sa tábla thíos anailís ar shócmhainní díorthacha agus ar dhliteanais dhíorthacha nár íocadh fós amhail 31 Nollaig:

2015 Luach cóir
€m
Barúlach
Comhlán
barúlach
€m
Luach cóir
%
Méid
barúlach
%
Trádáilte ar an malartán 10 1,283 83% 44%
OTC -déthaobhach eile 2 1,632 17% 56%
Iomlán 12 2,915 100% 100%
2014 Luach cóir
€m
Barúlach
Comhlán
barúlach
€m
Luach cóir
%
Méid
barúlach
%
Trádáilte ar an malartán 25 2,045 -109% 57%
OTC - déthaobhach eile (47) 1,546 209% 43%
Iomlán (22) 3,591 100% 100%
Feabhsúcháin chreidmheasa chomhthaobhacha agus eile, agus a dtionchar airgeadais

Maolaíonn an Ciste riosca creidmheasa díorthach agus comhaontuithe díolachán agus athcheannaigh droim ar ais trí mháistircomhaontuithe glanluachála agus cúlbhannaí a shealbhú i bhfoirm airgid agus urrúis inmhargaidh.

Díorthaigh

Déantar idirbhearta díorthacha ar mhalartán (trí bhróicéir) nó trí mháistir-chomhaontuithe glanluachála de chuid an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Bhabhtálacha agus Díorthaigh (ISDA). De réir mháistir-chomhaontuithe glanluachála ISDA i gcúinsí áirithe, m.sh. nuair a tharlaíonn eachtra creidmheasa amhail mainneachtain, déantar gach idirbheart de chuid an chomhaontaithe a scor, meastar luach an scoir agus níl dlite ná iníoctha ach glanluach aonair i leith ghlanadh gach idirbheart.

Tagann ionstraimí airgeadais díorthacha lena ngintear riosca creidmheasa contrapháirtí chun cinn ó réamhchonarthaí an Chiste i malairt eachtrach agus óna chonarthaí babhtála trasairgeadra. Ní dhearnadh réamhchonarthaí an Chiste i malairt eachtrach ach amháin le contrapháirtithe ceadaithe laistigh de theorainneacha sainithe. D’fhonn maolú a dhéanamh ar na rioscaí creidmheasa a thagann as idirbhearta díorthacha, déanann an Ciste, i gcásanna áirithe, Iarscríbhinní Tacaíochta Creidmheasa (ITCanna) lena chontrapháirtithe margaidh. I gcás ITCanna, is gá do chontrapháirtithe comhthaobhacht a thaisceadh in imthosca sonraithe.

Déantar réamhchonarthaí i malairt eachtrach agus babhtálacha trasairgeadra a shocrú trí Shocraíocht Leantach Nasctha (SLN), áit a réamh-mheaitseáiltear trádálacha roimh dháta na socraíochta le laghdú a dhéanamh ar an mbaol go mainneoidh an tsocraíocht.

D’fhéadfadh riosca socraíochta a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an Chiste, is é sin an riosca nach n-íocfaidh contrapháirtí ar dháta socraíochta leis an gCiste téarmaí comhaontaithe idirbhirt.

D’fhéadfadh riosca socraíochta a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an Chiste, is é sin an riosca nach n-íocfaidh contrapháirtí ar dháta socraíochta leis an gCiste téarmaí comhaontaithe idirbhirt.

15.4 Riosca leachtachta

Is é atá i gceist le riosca leachtachta an fhéidearthacht, thar thréimhse shonrach ama, nach mbeidh go leor airgid ag an gCiste chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite. Áirítear le fochatagóirí riosca leachtachta maoiniú riosca leachtachta, athmhaoiniú riosca agus riosca scoir. Is beag fonn riosca leachtachta atá ar an nGníomhaireacht. Is é beartas an Chiste maidir le leachtacht a bhainistiú a chinntiú, a oiread agus is féidir, go mbeidh go leor leachtachta i gcónaí aici, faoi dhálaí normálta agus faoi bhrú araon, gan caillteanais doghlactha a thabhú ná gan clú an Chiste a chur i mbaol.

Tá an Beartas um Bainistíocht Riosca Leachtachta infheidhme i dtaca leis an gCiste. Leagtar amach sa Bheartas seo na caighdeáin íosta inghlactha a chaithfidh siad siúd atá freagrach as idirbheartaíochtaí cisteáin arb iad is cúis le riosca leachtachta laistigh den Ghníomhaireacht a chomhlíonadh.

Meastar infheistíochtaí an Chiste in urrúis liostaithe a bheith inréadaithe toisc go trádáiltear iad ar mhórmhalartáin stoic.

Áirítear le sócmhainní airgeadais an Chiste infheistíochtaí cothromais neamhliostaithe, atá, go hiondúil, neamhleachtach. Lena chois sin, sealbhaíonn an Ciste infheistíochtaí i gcistí infheistíocht neamhliostaithe, a d’fhéadfadh bheith faoi réir srianta fuascailte. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an Ciste in ann cuid dá infheistíochtaí sna hionstraimí seo a leachtú in am i gcomhair cloí lena riachtanais leachtachta.

Amhail an 31 Nollaig 2015 is i sócmhainní inréadaithe a bhí bunús infheistíocht an Chiste.

15.5 Riosca oibríochtúil

Is é is riosca oibríochtúil ann, riosca a bhaineann le caillteanas mar gheall ar phróisis, daoine agus córais inmheánacha easnamhacha nó ar theip orthu nó mar gheall ar imeachtaí seachtracha a rachadh i bhfeidhm ar chumas an Chiste a straitéis ghnó a fheidhmiú. Áirítear le fochatagóirí riosca oibríochtúil, riosca a bhaineann le daoine, le rialachas, tríú páirtí, bainistíocht leanúnach ghnó agus riosca dlí agus comhlíontachta.

Tá Creat Bainistíochta Riosca Oibríochtúil agus Féinmheasúnacht Riosca agus Rialála infheidhme sa Ghníomhaireacht ina hiomláine. Is é cuspóir an Chreata a chinntiú go mbainistítear riosca oibríochtúil ar dhóigh chuí, chomhtháite ar fud na heagraíochta. Leagtar amach sa Chreat an straitéis, na próisis, critéir riosca, rialuithe agus struchtúir rialachais atá ar bun chun rioscaí oibríochtúla a bhainistiú laistigh den Ghníomhaireacht.

Leagtar amach sa Chreat fosta modheolaíocht an phróisis Riosca agus Féinmheasúnachta Rialaithe ina gcuirtear síos ar an bpróiseas le haghaidh sainaithint leorga agus thráthúil, measúnú, plé leo, monatóireacht agus tuairisciú i leith na rioscaí a thagann de bharr ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Is fochoiste den Choiste Riosca Oibríochtúil agus Rialaithe é Coiste Bainistíochta um Leanúnachas Gnó GBCN. Is é ról an choiste seo cur chuige cuí, comhleanúnach a chinntiú i leith bainistíocht leanúnachais ghnó ar fud na Gníomhaireachta agus ról tacaíochta a thabhairt ó thaobh bunú, feidhmiú, monatóireacht agus feabhsú gníomhaíochtaí bainistíochta i leanúnachas gnó.

Déantar an measúnú ar leorgacht na rialuithe agus na bpróiseas atá ar bun ag soláthraithe seirbhíse an Chiste maidir le riosca oibríochtúil trí phlé rialta leis na soláthraithe seirbhíse bainteacha agus trí athbhreithniú ar thuairiscí ar rialuithe inmheánacha Rialuithe Eagraíochta Seirbhíse (SOC 1) na soláthraithe seirbhíse, má tá a leithéid ar fáil. Athbhreithníonn an Ghníomhaireacht na torthaí a chuirtear ar fáil i dtuairisc SOC 1 ar rialuithe inmheánacha an chaomhnóra ar bhonn bliantúil.

15.6 Bainistíocht chaipitil

Níl an Ciste faoi réir riachtanais chaipitil arna gcur i bhfeidhm go seachtrach.

15.7 Luachanna córa na nIonstraimí Airgeadais

i) Samhlacha luachála

Faightear go díreach ó mhalartán ar a dtrádáiltear an hionstraimí luachanna córa sócmhainní agus dliteanais airgeadais a thrádáiltear i margaí gníomhacha a fhéadann an Ciste a rochtain ar dháta an tomhais. Maidir le gach ionstraim airgeadais eile, socraíonn an Ciste luachanna córa trí úsáid teicnící eile luachála.

Maidir le hionstraimí airgeadais a thrádálann go hannamh agus ar beag a dtrédhearcacht praghais, níl an luach cóir chomh hoibiachtúil agus tá breithiúnais éagsúla de dhíth, ag brath ar leachtacht, éiginnteacht tosca margaidh, toimhdí praghsála agus rioscaí eile a théann i bhfeidhm ar an ionstraim ar leith.

Tomhaiseann an Ciste luachanna córa trí úsáid an ordlathais luacha chóir seo a leanas a léiríonn suntas na n-ionchur a úsáidtear nuair a bhíonn tomhais á ndéanamh.

  • Leibhéal 1: Ionchuir ar phraghsanna luaite margaidh (neamhchoigeartaithe) i margaí gníomhacha d’ionstraimí chomhionanna.
  • Leibhéal 2: Ionchur seachas praghsanna luaite atá san áireamh laistigh de Leibhéal 1 atá inbhraite go díreach (is é sin, mar phraghsanna) nó go hindíreach (is é sin, díorthaithe ó phraghsanna). Áirítear leis an gcatagóir seo ionstraimí a luacháiltear trí úsáid; praghsanna luaite margaidh i margaí gníomhacha d’ionstraimí den chineál céanna; praghsanna luaite d’ionstraimí comhionanna nó den chineál céanna i margaí a meastar iad a bheith éighníomhach; nó teicnící luachála eile ina bhfuil gach ionchur suntasach inbhraite go díreach nó go hindíreach ó shonraí margaidh.
  • Leibhéal 3: Ionchuir atá dobhraite. Áirítear leis an gcatagóir seo gach ionstraim ina gcuimsítear an teicníc luachála ionchuir nach bhfuil bunaithe ar shonraí inbhraite agus a bhfuil tionchar suntasach ag na hionchuir dhobhraite ar luacháil na hionstraime. Áirítear leis an gcatagóir seo ionstraimí atá bunaithe ar luach ar phraghsanna inbhraite ar ionstraimí ach a bhfuil coigeartuithe nó toimhdí suntasacha de dhíth ina leith le difríochtaí idir na hionstraimí a léiriú.

D'fhéadfadh sé go n-áireofaí le teicnící luachála glanluach reatha agus samhlacha sreabhadh airgid thirim, comparáid le hionstraimí cosúla dá bhfuil praghsanna inbhreathnaithe margaidh agus samhlacha luachála eile. Áirítear le toimhdí agus ionchuir a úsáidtear i dteicnící luachála rátaí úis saor ó riosca agus tagarmharcála, réimsí difríochta chreidmheasa agus préimheanna eile a úsáidtear le meastacháin a dhéanamh ar rátaí lascaine, praghsanna bannaí agus cothromas, rátaí malairte airgeadra eachtraigh, innéacsanna cothromais, iolraigh agus iolraigh ioncaim agus luaineachtaí agus comhghaolta praghsanna a raibh súil leo.

Is é cuspóir teicnící luachála tomhas luacha chóir a shocrú a léiríonn an praghas a gheofaí chun an tsócmhainn a dhíol nó a íoctar chun an dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe margaidh ar dháta an tomhais.

Úsáidtear sa Chiste samhlacha tomhais a aithnítear go forleathan chun luach cóir ionstraimí coitianta simplí airgeadais nach n-úsáideann ach sonraí margaidh inbhraite a shocrú agus ar beag breith bainistíochta agus meastacháin a bhíonn de dhíth ina leith. Is iondúil go mbíonn praghsanna inbhraite agus samhlacha d’ionchuir ar fáil sna margaí airgeadais i gcomhair fiachais liostaithe agus urrúis cothromais, díorthaigh a thrádáiltear i malartán agus díorthaigh shimplí OTC. De thairbhe praghsanna inbhraite agus samhlacha d’ionchuir a bheith ar fáil, laghdaítear an gá atá le breithiúnas bainistíochta agus meastachán agus laghdaítear an éiginnteacht a bhaineann le socrú luachanna córa. Tá éagsúlacht ag baint le hinfhaighteacht praghsanna inbhraite agus ionchur ag brath ar na táirgí agus na margaí agus is minic athruithe i gceist bunaithe ar imeachtaí sainiúla agus dálaí ginearálta sna margaí airgeadais.

ii) Creat luachála

Tá creat rialú bainistíochta fadbhunaithe ag an gCiste i gcomhair tomhas luachanna córa. An Coiste Luachála (“an Coiste”) a mhaoirsíonn an próiseas luachála, is coiste bainistíochta é atá freagrach as forbairt phróisis agus ghnáthaimh an Chiste, déanann siad athbhreithnithe ar bhonn tréimhsiúil ar na gnáthaimh seo agus measann siad a bhfeidhmiú comhleanúnach. Ar an gCoiste tá an Príomhoifigeach Airgeadais agus Feidhmiúcháin, Príomhoifigeach Riosca, Stiúrthóir CISÉ agus pearsanra eile de chuid na bainistíochta sinsearaí.

Déantar sainmhíniú ar na próisis agus gnáthaimh luachála ag brath ar an gcineál ionstraime. Nuair a úsáidtear eolas tríú páirtí chun luach cóir a thomhas, déantar agus doiciméadaítear athbhreithnithe le tacú leis na luachálacha a thagann dá bharr. Áirítear leis sin:

  • a dheimhniú go bhfaomhann an Ciste an tseirbhís bhróicéara nó phraghsála lena úsáid i bpraghsáil an chineál ionstraime airgeadais iomchuí;
  • a thuiscint mar a shocraítear an luach cóir agus a mhéad a léiríonn sé idirbhearta iarbhír margaidh;
  • nuair a úsáidtear ionstraimí den chineál céanna chun luach cóir a thomhas, mar a choigeartaítear na praghsanna seo chun tréithe na hionstraime a léiriú faoi réir tomhais; agus
  • má fhaightear roinnt luachana ar an ionstraimí airgeadais chéanna, mar a shocraítear luach cóir trí úsáid na luachana sin.

Déantar anailís sa tábla thíos ionstraimí airgeadais a thomhaistear ag luach cóir ar an dáta tuairiscithe de réir an leibhéil san ordlathas luacha chóir ina ndéantar an tomhas luacha chóir a chatagóiriú. Tá na méideanna bunaithe ar na luachanna a aithnítear sa ráiteas ar staid airgeadais. Tá gach tomhas luacha chóir thíos athfhillteach.

2015 Leibhéal 1
€m
Leibhéal 2
€m
Leibhéal 3
€m
Iomlán
€m
Sócmhainní agus dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas
i) Cothromais agus Cistí Bainistithe
Gnáthscaireanna Luaite 1,091 - - 1,091
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach - - 17 17
Gnáthscaireanna Neamhluaite - - 0 0
Cistí Infheistíochta Luaite 2,306 - - 2,306
Cistí Infheistíochta Neamhluaite - 387 - 387
Infháltais Fhadtéarmacha - 18 - 18
ii)Urrúis Fiachais
Urrúis Fiachais Neamhliostaithe - 160 - 160
Urrúis Fiachais Liostaithe 581 - - 581
Bannaí Eile - - 25 25
iii) Comhpháirtíochtaí Teoranta/Iontaobhais
Infheistíochtaí Foraoiseachta - - 30 30
Réadmhaoin - - 236 236
Gnáthscair Phríobháideach - - 367 367
Bonneagar - - 125 125
iv) Sócmhainní Airgeadais Díorthach
Roghanna Cothromais 11 - - 11
Conarthaí i Malairt Eachtrach - 2 - 2
3,989 567 800 5,356
v) Dliteanais Airgeadais Díorthach
Todhchaíochtaí (1) - - (1)
Iomlán 3,988 567 800 5,355
Billí Státchiste 450 - - 450
4,438 567 800 5,805
vi) Infheistíochtaí faoi Threoir
Bainc-Aontas Éireann - 12,236 - 12,236
Banc na hÉireann 1,525 - - 1,525
1,525 12,236 - 13,761
2014 Leibhéal 1
€m
Leibhéal 2
€m
Leibhéal 3
€m
Iomlán
€m
Sócmhainní agus dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas
i) Cothromais agus Cistí Bainistithe
Gnáthscaireanna Luaite 1,272 - - 1,272
Gnáthscair Phríobháideach Dhíreach - - 0 0
Gnáthscaireanna Neamhluaite - - 0 0
Cistí Infheistíochta Luaite 1,722 - - 1,722
Cistí Infheistíochta Neamhluaite - 338 - 338
Infháltais Fhadtéarmacha - 356 - 356
ii) Urrúis Fiachais
Urrúis Fiachais Neamhliostaithe - 247 - 247
Urrúis Fiachais Liostaithe 534 - - 534
Bannaí Eile - - 17 17
iii) Comhpháirtíochtaí Teoranta/Iontaobhais
Infheistíochtaí Foraoiseachta - - 27 27
Réadmhaoin - - 246 246
Gnáthscair Phríobháideach - - 240 240
Bonneagar - - 76 76
iv) Sócmhainní Airgeadais Díorthach
Roghanna Cothromais 31 - - 31
3,559 941 606 5,106
v) Dliteanais Airgeadais Díorthach
Todhchaíochtaí (6) - - (6)
Conarthaí i Malairt Eachtrach - (47) - (47)
(6) (47) - (53)
Iomlán 3,553 894 606 5,053
Billí Státchiste 1,450 - - 1,450
5,003 894 606 6,503
vi) Infheistíochtaí faoi Threoir
Bainc-Aontas Éireann - 11,711 - 11,711
Banc na hÉireann 1,412 - - 1,412
1,412 11,711 - 13,123

Léirítear sa tábla a leanas réiteach cuntas ó na hiarmhéideanna tosaigh go dtí na hiarmhéideanna deiridh i leith meastacháin luacha chóir i Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir:

Iomlán
€m
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2015 606
Iomlán gnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó i gcaillteanas 91
Ceannacháin 229
Díolacháin (126)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2015 800
Iomlán
€m
Iarmhéid amhail an 22 Nollaig 2014 -
Iomlán gnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó i gcaillteanas 21
Ceannacháin -
Díolacháin (3)
Aistriú ó CNP 588
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2014 606
Bainistíocht riosca airgeadais - Punann faoi Threoir

Is faoi threoir an Aire Airgeadais a dhéantar gach infheistíocht agus diúscairt a bhaineann leis an bPunann faoi Threoir. Maidir leis an bpunann faoi threoir, tá sé de chúram ar an nGníomhaireacht treoracha an Aire Airgeadais a chur i bhfeidhm agus urrúis ábhartha a luacháil i gcomhair ráitis airgeadais an Chiste.

Ós rud é nach bhfágann gnáthshealúchas scaireanna 99.9% an Chiste i mBainc Aontas Éireann ach 0.1% de chomhlúthacht shaor, d’iarr an Ghníomhaireacht ar chomhlacht seachtrach luach neamhspleách cóir margaidh a sholáthar de shealúchas an Chiste amhail an 31 Nollaig 2015 d’fhonn an infheistíocht seo a luacháil ar aon dul le prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo.

Luacháladh gnáthshealúchas scaireanna an Chiste i mBanc na hÉireann ag a phraghas bainteach luaite margaidh amhail an 31 Nollaig 2015.

Déanann Bank of New York Mellon, Caomhnóir Domhanda an Chiste, infheistíochtaí an Chiste i mBanc na hÉireann agus i mBainc Aontas Éireann a shealbhú. I gcás chliseadh Chaomhnóir Domhanda an Chiste, d’fhéadfadh sé go mbeadh lagú sealadach ann ar chumas an Chiste na hurrúis a aistriú. Is comhalta de mhórmhalartán urrús é Caomhnóir Domhanda an Chiste agus bhí rátáil chreidmheasa fhadtéarmach A1 aige le Moody’s an 31 Nollaig 2015. Déanann an Ghníomhaireacht monatóireacht ar na rátálacha agus ar leorgacht creidmheasa ar bhonn rialta agus athbhreithníonn na torthaí atá i dtuairisc SOC 1 ar rialuithe inmheánacha an Chaomhnóra Dhomhanda ar bhonn bliantúil.

Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh

Is ionann an luach sócmhainní sa Phunann faoi Threoir a bhí neamhchosanta ar riosca praghas margaidh an 31 Nollaig 2015 agus luach na n-infheistíochtaí mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas:

2015
€m
2014
€m
Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh
Bainc-Aontas Éireann 12,236 11,711
Banc na hÉireann 1,525 1,412
Sócmhainní iomlána airgeadais FVTPL 13,761 13,123
Neamhchosanta ar riosca praghas margaidh
Airgead Tirim 240 1,109
Comhaontuithe Athcheannaigh - 765
Neamhchosanta go hiomlán ar riosca praghas margaidh 240 1,874
Iomlán na nInfheistíochtaí faoi threoir 14,001 14,997

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >