4. Ioncam
Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn
4.1 Punann Lánroghnach
| 2015 €'000 |
2014 €'000 |
|
|---|---|---|
| Ioncam úis | 49 | 1 |
| Ioncam díbhinne | 38 | 2 |
| Ioncam réadmhaoine | 24 | 0 |
| Ioncam eile | 9 | 0 |
| Ioncam ó ghnáthscair phríobháideach | 1 | 0 |
| 121 | 3 |
Áirítear le hIoncam Eile aisíocaíochtaí dar suim €7m, iasachtú urrús dar suim €1m agus ioncam ilchineálach dar suim €1m.
4.2 Punann faoi threoir
| 2015 €'000 |
2014 €'000 |
|
|---|---|---|
| Ioncam díbhinne | 446 | - |
| Ioncam úis | 0 | 0 |
| 446 | 0 |
Is ionann an t-ús €18k a fuarthas agus an t-ús a fuarthas ó nótaí Státchiste na hÉireann a bhí á sealbhú in 2015 (2014: €16k).
Bhí scaireanna tosaíochta in AIB i seilbh an Chiste i rith na bliana. Mar gheall ar shealbhú na scaireanna tosaíochta seo, bhí an Ciste i dteideal díbhinn bhliantúil. Ar an 13 Bealtaine 2015, fuair an Ciste díbhinn dar suim €280m d’airgead tirim. Ar an 18 Nollaig 2015, i ndiaidh fhuascailt agus choinbhéartú na scaireanna tosaíochta, fuair an Ciste €166m eile d’ioncam díbhinne (Nóta 8.3).
