5. Costais oibriúcháin
Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn
Is mar seo a leanas atá an tsuim a theastaíonn chun freastal ar chostais bhainistíochta infheistíochta agus riaracháin an Chiste:
5.1 Punann Lánroghnach - táillí agus speansais
| 2015 €'000 |
2014 €'000 |
|
|---|---|---|
| Táillí Bainisteoirí Infheistíochta | 3,224 | - |
| Táillí Caomhnóirí Domhanda | 634 | - |
| Córais agus Seirbhísí | 888 | - |
| Táillí Dlí | 650 | 33 |
| Táillí cánach | 251 | - |
| Táillí Gairmiúla | 475 | - |
| Clódóireacht agus Eile | 94 | - |
| Athmhuirear GBCN | 8,686 | 182 |
| 14,902 | 215 |
Faoi alt 48 d’Acht GBCN 2014, is gá na speansais a thabhaíonn an Ghníomhaireacht agus a cuid feidhmeanna i leith an Chiste á gcomhlíonadh aici a ghlanadh ón gCiste. B’ionann iad sin agus €8.7m in 2015 (2014 €182k).
5.2 Punann faoi Threoir - táillí agus speansais
| Táillí Comhairliúcháin | 93 | 78 |
|---|
