8. Infheistíochtaí faoi Threoir

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Sealbhaíonn an Ghníomhaireacht Infheistíochtaí faoi Threoir faoi réir treoracha arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais de bhun alt 43 d’Acht GBCN 2014. Ní mór sealbhú agus bainistiú na nInfheistíochtaí faoi Threoir, feidhmiú na gceart vótála agus na gceart eile a ghabhann leis na hInfheistíochtaí faoi Threoir ag an nGníomhaireacht agus diúscairt na nInfheistíochtaí faoi Threoir ag an nGníomhaireacht a dhéanamh de réir aon treoracha arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais. De bhun Acht GBCN 2014, rinneadh gach sócmhainn de chuid CNP arna rialú le dlí na hÉireann, na hInfheistíochtaí faoi Threoir ina measc, a aistriú go huathoibríoch ó Choimisiún CNP chuig GBCN an 22 Nollaig 2014 (agus rinneadh sócmhainní de chuid CISÉ díobh).

8.1 Luacháil na nInfheistíochtaí faoi Threoir

2015
Aonaid
Milliúin
2014
Aonaid
Milliúin
Luacháil
(€)
2015
In Aghaidh
an Aonaid
Luacháil
(€)
2014
In Aghaidh
an Aonaid
2015
€m
2014
€m
Banc na hÉireann (BoI)
Gnáthscaireanna 1 4,512 4,512 0.338 0.313 1,525 1,412
Bainc-Aontas Éireann (AIB)
Gnáthscaireanna 2 2,711 522,556 4.5138 0.013699 12,236 7,159
Scaireanna Tosaíochta 3 - 3,500 - 1.300667 - 4,552
12,236 11,711
Iomlán shócmhainní na n-infheistíochtaí faoi threoir 13,761 11,711
Infheistíochtaí faoi Threoir - Airgead (Nóta 12) 240 1,109
Comhaontuithe Athcheannaigh 4 - 765
Iomlán na n-infheistíochtaí faoi threoir 14,001 14,997

1 Tá luacháil na scaireanna in BoI bunaithe ar phraghsanna luaite.

2 Mar gheall ar an méid gnáthscaireanna atá ag an gCiste in AIB (99.9%), cheap an Ghníomhaireacht EY chun luach cóir neamhspleách a chur ar na hinfheistíochtaí.

3 Ar an 18 Nollaig 2015, de bhun treorach ón Aire, fuasclaíodh 1.36bn de scaireanna tosaíochta AIB agus coinbhéartaíodh an 2.14bn scair eile ina ngnáthscaireanna AIB. Ina dhiaidh sin, rinne AIB comhdhlúthú ar bhonn 1-ar-250 leis an líon gnáthscaireanna atá á n-eisiúint a laghdú. De thoradh choinbhéartú an 2.14bn de scaireanna tosaíochta ina ngnáthscaireanna agus an comhdhlúthú dá éis, laghdaíodh an sealbhú infheistíochta faoi threoir i ngnáthscaireanna AIB ó 522.6bn in 2014 go 2.7bn in 2015 (Féach Nóta 8.3 le haghaidh níos mó mionsonraí).

4 Is ionann an comhaontú athcheannaigh freaschurtha agus comhaontú chun bannaí na hÉireann a cheannach agus iad a dhíol ar ais leis an díoltóir bunaidh ar phraghas níos airde ag dáta socraithe amach anseo.

8.2 Gluaiseacht luacháil na n-infheistíochtaí faoi threoir

Banc na hÉireann 2015
€m
2014
€m
Luacháil tosaigh 1,412 -
Aistrithe ó CNP - 1,421
Gnóthachan/(caillteanas) infheistíochta le linn na tréimhse 113 (9)
Luacháil Deiridh 1,525 1,412

Bainc-Aontas Éireann
2015
€m
2014
€m
Luacháil tosaigh 11,711 -
Aistrithe ó CNP - 11,698
Fuascailt scaireanna tosaíochta (1,700) -
Gnóthachan infheistíochta le linn na tréimhse 2,225 13
Luacháil Deiridh 12,236 11,711

Agus luacháil an Chiste ar AIB á cinneadh aige, rinne EY breithniú ar roinnt modheolaíochtaí luachála, lenar áiríodh luacháil a bhí bunaithe ar thorthaí cuideachtaí inchomparáide, anailís ar chuideachtaí inchomparáide agus anailís ar idirbhearta ar fasaigh iad.

Bhíothas den tuairim go raibh anailís ar chuideachtaí inchomparáide ar an modheolaíocht ba chuí maidir leis na Gnáthscaireanna in AIB a luacháil. Mar chuid den anailís sin, baineadh úsáid as iolraí margaidh a bhí inchomparáide agus ar fáil go poiblí - mar shampla, an leabharluach inláimhsithe i gcoibhneas leis an toradh ar chothromas - ar mhaithe le luach a chur ar na gnáthscaireanna. Rinne EY breithniú ar iolraí eile freisin amhail an praghas i gcoibhneas an tuillimh agus an praghas i gcoibhneas an leabharluacha.

Tá an méadú i luach na n-infheistíochtaí idir an 31 Nollaig 2014 agus an 31 Nollaig 2015 bunaithe go príomha ar thrí thoisc, is iad sin;

  1. Méadú sa ghlanluach de réir na leabhar ar AIB thar an tréimhse;
  2. méadú in iolra margaidh roghnaithe, bunaithe ar fheabhas a chur ar fheidhmíocht trádála na cuideachta agus ar an ionchas ar fud na hearnála;
  3. fuascailt agus coinbhéartú na scaireanna tosaíochta i mí na Nollag 2015.

Ba chóir a thabhairt faoi deara gurb ann do roinnt íogaireachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don luacháil ar AIB, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Athruithe i meon agus i ndearcadh infheisteoirí i leith na mbanc agus san ionchas atá ann don tionscal baincéireachta agus don mhórgheilleagar intíre agus do mhórgheilleagar na hEorpa;
  • Tá AIB neamhchosanta go mór ar gheilleagar intíre na hÉireann. D’fhéadfadh athrú i dtosca geilleagracha difear a dhéanamh do na luachálacha atá tugtha.

Dá bhfanfadh na tosca eile uile mar atá, m.sh. gluaiseacht 1% i luacháil an phiarghrúpa inchomparáide, bheadh athrú de thart ar €122.4m i luacháil na nGnáthscaireanna in AIB amhail an 31 Nollaig 2015 (2014: 72m).

8.3 Achoimre ar an infheistíocht faoi threoir

Amhail an 31 Nollaig 2015, ba iad 99.9% agus 13.95% an úinéireacht chéatadánach a bhí ag an gCiste in AIB agus in BoI faoi seach. (2014 AIB: 99.8%, BoI:13.98%).

Roimh atheagrú caipitil AIB a rinneadh an 18 Nollaig 2015, íocadh, san am atá caite, díbhinn bhliantúil neamhcharnach sheasta 8% i leith na scaireanna tosaíochta in AIB. Murar íocadh an díbhinn i bhfoirm airgid, is i bhfoirm gnáthscaireanna a gheobhaidh an ciste an díbhinn. D’fhéadfadh AIB na scaireanna tosaíochta a athcheannach ar ráta €1 in aghaidh na scaire laistigh den chéad cúig bliana agus ar ráta €1.25 in aghaidh na scaire ina dhiaidh sin. Tá éifeacht leis an gcéim in airde go €1.25 in aghaidh na scaire ó mhí na Bealtaine 2014. Ní dhearna an méid sin aon difear don ioncam díbhinne.

D’íoc AIB an díbhinn scaire tosaíochta €280m i bhfoirm airgid leis an gCiste an 13 Bealtaine 2015 agus aistríodh é sin chuig an bpunann Lánroghnach.

De bhun treorach dar dáta 12 Márta 2015, threoraigh an tAire Airgeadais don Ghníomhaireacht €1.6bn a aistriú ó phunann Faoi Threoir an Chiste go dtí an Státchiste. Feidhmíodh é seo an 19 Márta 2015.

De bhun treorach dar dáta 20 Samhain 2015, threoraigh an tAire Airgeadais don GBCN (mar rialaitheoir agus bainisteoir Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn) comhaontuithe áirithe a dhéanamh agus bearta áirithe a dhéanamh, chun coinbhéartú agus fuascailt a scaireanna in AIB a éascú. De bhun na treorach seo, threoraigh an tAire Airgeadais don GBCN fosta bearta áirithe a dhéanamh maidir le fáltais an choinbhéartaithe agus na fuascailte sin (lena n-áirítear Nóta Gealltanais EBS a chealú). Fuair Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn fáltais dar suim €1.7bn, díbhinní dar suim €166m agus 155bn de ghnáthscaireanna mar chuid den fhuascailt agus coinbhéartú seo. (Nóta 11.3).

8.4 Forbairtí ó dheireadh na bliana

Níor tharla aon teagmhas ba ghá a choigeartú nó a nochtadh sna ráitis airgeadais deiridh tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >