11. Aistrithe

11.1 Sócmhainní a dhí-aithin CNP

Ón 22 Nollaig 2014, is é atá i gCoimisiún CNP coimisinéir aonair (Príomhfheidhmeannach, GBCN) a gceanglaítear air le hAcht GBCN 2014 gach rud is indéanta go praiticiúil a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’aistriú aon sócmhainní atá fágtha arna rialú le dlí eachtrach. Ní mór aistriú dlíthiúil na sócmhainní seachtracha a dhéanamh i gcomhar leis an gcontrapháirtí iomchuí. Tá an próiseas beagnach críochnaithe, agus tá roinnt bheag sócmhainní eachtracha nach bhfuil aistrithe ó CNP go Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn faoi 31 Nollaig 2017. Rinne Coimisiún CNP na sócmhainní a bhí ag CNP a dhí-aithint cheana, agus ar aon dul le caighdeáin tuairiscithe chuntasaíochta, aithnítear agus cuirtear i láthair iad sa Phunann Lánroghnach i ráitis airgeadais an Chiste.

Liostaítear miondealú thíos ar na sócmhainní a bhí fágtha faoi úinéireacht dhlíthiúil CNP amhail an 31 Nollaig 2017, faoi mar a léirítear i Ráitis Airgeadais an Chiste:

2017
€m
2016
€m
Iomlán Na Sócmhainní a shealbhaítear go dlíthiúil in CNP 0.1 0.4

11.2 Aistrithe chuig an Státchiste agus an Aire

2017
€m
2016
€m
Aistrithe chuig an Státchiste 3,434 -

Le linn na bliana aistríodh €3.434bn ón AIB IPO chuig an Státchiste ón bPunann faoi Threoir faoi threoir an Aire Airgeadais.

2017
€m
2016
€m
Aistrithe chuig an Aire 25 -

I bhFeabhra 2017, rinneadh an iasacht €25m gan íoc ón gCiste go dtí Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann (CBSÉ) a athrú go dtí gnáth-scairchaipiteal an CBSÉ faoi threoir an Aire Airgeadais. Tá an scairchaipiteal sin i seilbh an Aire Airgeadais go díreach seachas i seilbh an Chiste.

11.3 Aistrithe ón Státchiste

Ní raibh aon aistriúcháin ón Státchiste chuig an gCiste le linn na bliana.

11.4 Aistrithe idir Punainn Lánroghnach agus Faoi Threoir

2017
€m
2016
€m
Aistriúcháin ín Punann faoi Threoir chuig Panann Lánroghnach 250 -

Rinneadh íocaíocht díbhinne de €250m a fuair an Ciste ó AIB an 9ú Bealtaine 2017 a aistriú ón bPunann Ordaithe go dtí an Punann Lánroghnach nuair a fuarthas í, de réir na treorach is infheidhme ón Aire go mbeadh fáltais airgid ó infheistíocht ordaithe AIB ina gcuid den Phunann Lánroghnach.

< NÓTA 10

NÓTA 12 >