14. Páirtithe Gaolmhara

14.1 An tAire Airgeadais

Dílsítear úinéireacht an Chiste don Aire Airgeadais de bhun alt 38(3) d’Acht GBCN 2014.

Faoi alt 46(1) agus 46(2) d’Acht GBCN 2014, féadfaidh an tAire Airgeadais íocaíochtaí a dhéanamh isteach sa Chiste ón bPríomh-Chiste. Sa chás go mbeartaíonn an tAire íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chiste, ní mór do Thithe an Oireachtais rún a rith ina bhfaomhtar an íocaíocht sular féidir leis an Aire an íocaíocht a phróiseáil. Tá mionscrúdú déanta ar idirbhearta idie an Chiste agus an tAire Airgeadais i nóta 11.

14.2 Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Is í an Ghníomhaireacht a dhéanann rialú agus bainistiú ar an gCiste de bhun alt 41(1) d’Acht GBCN 2014.

Is coiste reachtúil é Coiste Infheistíochta GBCN a bhfuil foráil dó san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú). Cuidíonn an Coiste leis an nGníomhaireacht maidir le rialáil agus bainistíocht an Chiste trí chinntí a dhéanamh maidir le fáil agus diúscairt sócmhainní taobh istigh de pharaiméadair a fhéadfaidh a bheith leagtha síos ag an nGníomhaireacht, ag cur comhairle ar an nGníomhaireacht maidir le straitéis infheistíochta an Chiste agus ag déanamh maoirseachta ar an straitéis infheistíochta. Tá cinntí infheistíochta suas le €150m tarmligthe ag an nGníomhaireacht don Choiste. Atreoraítear infheistíochtaí atá os cionn €150m chuig an nGníomhaireacht agus moladh ón gCoiste ag gabháil leo.

Iarrtar go mbeadh beirt chomhaltaí ceaptha de chuid na Gníomhaireachta ar an gCoiste Infheistíochta agus nach mó ná cúigear nach comhaltaí den Ghníomhaireacht iad ach a bhfuil saineolas ábhartha substaintiúil agus taithí acu agus a gceapann an Ghníomhaireacht iad le toiliú an Aire Airgeadais.

Faoi alt 48 d’Acht GBCN 2014, is ón gCiste a ghlantar speansais na Gníomhaireachta. Don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 €12.5m a bhí sna speansais seo (2016: €10.4m).

Príomhphearsanra bainistíochta

Déanann an Ghníomhaireacht an Ciste a rialú agus a bhainistiú. Déantar na príomhphearsanra bainistíochta agus a gcúiteamh a nochtadh i Ráitis Airgeadais Chuntas Riaracháin na Gníomhaireachta.

14.3 Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann

Tá an Ciste agus Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann (an “CBSÉ”) araon faoi rialú an Aire Airgeadais. Mar chuid de na hInfheistíochtaí Ordaithe, faoi stiúradh an Aire Airgeadais, chuir an Ciste saoráid iasachta dar luach €240m ar fáil don CBSÉ in 2015. Rinneadh €25m den tsaoráid sin a tharraingt anuas in 2016.

Rinneadh an iasacht de €25m a d'eisigh an Ciste do CBSÉ a aistriú chuig an Aire le linn 2017 (féach nóta 11.2).

Amhail an 31 Nollaig 2017, is é €215m atá sa cheangaltas amuigh ar an tsaoráid iasachta, agus coinnítear é sin laistigh d'iarmhéid airgid na nInfheistíochtaí Ordaithe (féach nóta 12).

14.4 Eintitis eile arna rialú ag an Rialtas

Tá Banc Ceannais na hÉireann agus Bainc-Aontas Éireann cpt ina bpáirtithe gaolmhara de chuid an Chiste toisc go bhfuil an dá cheann faoi rialú an Aire Airgeadais. Déantar an t-airgead atá á choinneáil ag an gCiste ag Banc Ceannais na hÉireann a nochtadh i nóta 12. Déantar infheistíocht an Chiste in AIB agus na hidirbhearta maidir le AIB le linn na bliana a nochtadh i nóta 8.

< NÓTA 13

NÓTA 15 >