6. Cánachas ar an bPunann Lánroghnach

Tá ioncam agus brabús an Chiste díolmhaithe ó Cháin Chorparáide na hÉireann de réir alt 230(1) agus 230 (1A) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, arna leasú. Mar sin féin, féadfaidh an Ciste bheith faoi dhliteanas i leith cánacha i ndlínsí thar lear.

Féadfaidh díbhinní agus ús bheith faoi réir cánacha siarchoinneálacha do-aisghabhála eachtracha arna bhforchur ag an tír óna bhfaightear an t-ioncam infheistíochta. Leithdháiltí ioncaim agus gnóthachain a fhaigheann an Ciste óna chuid infheistíochtaí i gcistí réadmhaoine agus gnáthscair phríobháidigh, féadfaidh siad bheith faoi réir cánacha siarchoinneálacha eachtracha freisin. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Ciste bheith faoi réir cánacha eachtracha breise a bhíonn iníoctha gach bliain ar infheistíochtaí áirithe réadmhaoine agus cothromais phríobháidigh, agus iad bunaithe ar a luachanna sócmhainní ag an dáta tuairiscithe.

2017
€m
2016
€m
Cánacha eachtracha ar ioncam (2) 10
Athéileamh cánach siarchoinneálaí 0 0
(Glanchostas)/Glan Ioncaim Cánach (2) 10

Is ionann na cánacha coigríche atá iníoctha ar ioncam dar luach (€2m) (2016: fáltas €10m) agus léiriú ar an gcáin shiarchoinneálach choigríche arna gearradh ar ioncam agus leithdháiltí arna bhfáil ag an gCiste le linn an bliana. Fuair an Ciste aisíocaíocht dar luach €13m ó na Stáit Aontaithe in 2016 maidir leis an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean (CNP). Fuair an Ciste €0.1m (2016: €0.3m) in aiséilimh ar cháin shiarchoinneálach maidir le haiséilimh chánach arna gcur isteach i leith na bliana dar críoch 31 Nollaig 2017.

< NÓTA 5

NÓTA 7 >