13. Gealltanais

13.1 Airgeadra eachtrach agus gealltanais todhchaíochtaí

Ba iad seo a leanas an phríomhshuim bharúlach agus an gnóthachan/(caillteanas) neamhréadaithe ar chonarthaí díorthacha airgeadra a rinne an Bainisteoir agus na bainisteoirí infheistíochta thar ceann an Chiste:

GBCN 2017
Méid
Príomhshuim
€m
2017
Neamhréadaithe
gnóthachan/
(caillteanas)
€m
2016
Méid
Príomhshuim
€m
2016
Neamhréadaithe
gnóthachan/
(caillteanas)
€m
Conarthaí i malairt eachtrach 1,234 10 799 (31)

Bainisteoirí Infheistíochta
Conarthaí i malairt eachtrach 2,159 23 2,110 (15)
Todhchaíochtaí airgeadais 504 11 1,973 9
44 (37)
Conarthaí i Malairt Eachtrach

Is é beartas an Chiste a riosca airgeadra eachtraigh a fhálú trí úsáid a bhaint as réamhchonarthaí i malairt eachtrach agus malairtí trasairgeadra. Ní éilítear ar bhainisteoirí infheistíochta an Chiste neamhchosaint ar airgeadra a fhálú. Tá cead acu spotchonarthaí agus conarthaí i malairt eachtrach a dhéanamh ar mhaithe le hidirbhearta urrús a ghlanadh agus a gcuid punanna a bhainistiú go heisiach ar aon dul leis an Ráiteas ar Chuspóirí agus ar Shrianta Infheistíochta arna chomhaontú leis an gCiste. Is ionann an luach barúlach agus iomlán na gconarthaí i malairt eachtrach a bhí amuigh ag deireadh na tréimhse.

Todhchaíochtaí Airgeadais

Tá cead ag bainisteoirí infheistíochta an Chiste todhchaíochtaí a fhorghníomhú go heisiach ar aon dul leis an Ráiteas ar Chuspóirí agus ar Shrianta Infheistíochta arna chomhaontú leis an gCiste.

13.2 Gealltanais infheistíochta neamhghlaoite

Rinne an Ciste ceangaltais i leith maoiniú infheistíochtaí. Is iondúil go mbíonn na gealltanais seo iníoctha ar éileamh bunaithe ar riachtanais ábhar na hinfheistíochta faoi réir théarmaí agus choinníollacha gach comhaontú. Amhail an 31 Nollaig, 20176 ba é €1.3bn (2016: €1.4bn) suim iomlán na ngealltanas gan íoc.

Rinne an Ciste gealltanais i leith cineálacha infheistíochtaí áirithe mar atá leagtha amach thíos.

Achar ama an
ghealltanais
Blianta
2017
€m
2016
€m
Iomlán na n-infheistíochtaí neamhluaite 0-9 839 866
Iomlán na n-iasachtaí agus na n-infháltas 0-2 437 527
Iomlán na ngealltanas neamhghlaoite 1,276 1,393
Maoiniú Gealltanais

Féachann an Ghníomhaireacht leis an gCiste a bhainistiú chun a chinntiú go mbeidh a dhóthain leachtachta aige, gan deiseanna tarraingteacha infheistíochta a fhágáil ar lár, chun a ngealltanais a mhaoiniú de réir mar a ghlaoitear iad.

Tá an Beartas um Bainistíocht Riosca Leachtachta GBCN infheidhme maidir leis an gCiste. Leagtar amach sa Bheartas seo na híoschaighdeáin inghlactha a chaithfidh siad siúd atá freagrach as idirbheartaíochtaí cisteáin arb iad is cúis le riosca leachtachta laistigh den GBCN a chomhlíonadh.

Níl an Ciste faoi réir riachtanais chaipitil arna gcur i bhfeidhm go seachtrach agus amhail an 31 Nollaig 2017 is i sócmhainní sodhíolta inréadaithe a bhí bunús infheistíocht an Chiste.

< NÓTA 12

NÓTA 14 >