2. Bonn ullmhúcháin

Rinneadh na ráitis airgeadais a réiteach don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017. Is bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2016 an tréimhse chomparáideach. Rinneadh gach suim sna ráitis airgeadais a shlánú go dtí an milliún nó an míle is cóngaraí ach amháin má tá a mhalairt sonraithe. In áiteanna a bhfuil siad in úsáid, seasann ‘€'000’ nó ‘k’ do ‘míle’, seasann ‘m’ do ‘milliún’ agus seasann ‘bn’ do ‘billiún’.

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir Alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú), agus iad i bhformáid atá ceadaithe ag an Aire Airgeadais.

Ar thosach feidhme Chuid 6 d’Acht GBCN 2014, d’éirigh sócmhainní agus dliteanais an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean (“CNP”) ina sócmhainní agus ina ndliteanais de chuid an Chiste (faoi réir fhorálacha Sceideal 4 d’Acht GBCM 2014 i gcás sócmhainní agus dliteanais eachtracha áirithe). Ní mór aistriú dlíthiúil na sócmhainní seachtracha a dhéanamh i gcomhar leis an gcontrapháirtí iomchuí. Tá an próiseas beagnach críochnaithe, agus tá roinnt bheag sócmhainní eachtracha nach bhfuil aistrithe ó CNP go Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn amhail an 31 Nollaig 2017. Rinne Coimisiún CNP na sócmhainní sin (atá i seilbh Choimisiún CNP tríd an nGníomhaireacht) a dhí-aithint roimhe seo agus aithnítear agus cuirtear i láthair iad laistigh de ráitis airgeadais an Chiste don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 ar aon dul le Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais (“CTA”)..

Beag beann ar an sealúchas suntasach atá ag an gCiste i ngnáthscaireanna Bhainc-Aontas Éireann (“BAE”) mar chuid dá hInfheistíochtaí faoi Threoir, níl an Ghníomhaireacht (mar Bhainisteoir agus mar Rialtóir ar an gCiste) in ann rialú, tionchar ceannasach ná tionchar suntasach a fheidhmiú ar BAE óir tá an rialú vótála i leith na scaireanna forchoimeádta ag an Aire ionas gurb é/í féin amháin a thabharfaidh treoir. Mar sin, ní dhéanann an Ghníomhaireacht torthaí agus staid airgeadais BAE a chomhdhlúthú i ráitis airgeadais an Chiste.

Ráiteas Comhlíonta

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir reachtaíocht CTA 102 Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais atá infheidhme sa RA agus i bPoblacht na hÉireann faoi mar ag Comhairle Tuairiscithe Airgeadais sa RA le húsáid in Éireann.

< NÓTA 1

NÓTA 3 >