8. Infheistíochtaí faoi Threoir

Sealbhaíonn an Ghníomhaireacht Infheistíochtaí faoi Threoir faoi réir treoracha arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais de bhun alt 43 d’Acht GBCN 2014. Ní mór sealbhú agus bainistiú na nInfheistíochtaí faoi Threoir, feidhmiú na gceart vótála agus na gceart eile a ghabhann leis na hInfheistíochtaí faoi Threoir ag an nGníomhaireacht agus diúscairt na nInfheistíochtaí faoi Threoir ag an nGníomhaireacht a dhéanamh de réir aon treoracha arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais.

8.1 Luacháil na nInfheistíochtaí faoi Threoir

2017
Aonaid
Milliúin
2016
Aonaid
Milliúin
Luacháil
(€)
2017
In Aghaidh
an Aonaid
Luacháil
(€)
2016
In Aghaidh
an Aonaid
2017
€m
2016
€m
Banc na hÉireann (BoI)
Gnáthscaireanna 1 150 4,512 7.124 0.234 1,072 1,056

Bainc-Aontas Éireann (AIB)
Gnáthscaireanna 2 1,930 2,711 5.421 4.277 10,465 11,595

Iomlán shócmhainní na
n-infheistíochtaí faoi threoir


11,537


12,651

Airgead (Nóta 12, 14.3)





215

215
Iasacht CBSÉ (Nóta 14.3) - 25
Iomlán na n-infheistíochtaí faoi
threoir

11,752

12,891
  • 1Tá luacháil gnáthscaireanna Bhanc na hÉireann (BÉ) bunaithe ar phraghsanna tairgthe luaite. Rinne Banc na hÉireann athstruchtúrú ar a gcuid scaireanna le linn 2017 chun líon na scaireanna atá eisithe aige a chomhdhlúthú; tá scairsheilbh an Chiste de 13.95% fós amhail is a bhí sí an 31 Nollaig 2016.

  • 2I bhfianaise mhéid na ngnáthscaireanna a bhí ag an gCiste in AIB amhail an 31 Nollaig 2016 (99.9%), d'fhostaigh an Ghníomhaireacht EY chun luach cóir neamhspleách na n-infheistíochtaí a chur ar fáil. Ós rud é go ndearna AIB Tairiscint Phoiblí Thosaigh (“TPT”) i Meitheamh 2017, tá scairsheilbh an Chiste amhail an 31 Nollaig 2017 bunaithe ar phraghsanna tairgthe luaite. Ag deireadh na bliana, bhí beagán os cionn 71% i scairsheilbh an Chiste in AIB toisc go ndearna an Ciste beagnach 29% dá scairsheilbh a dhiúscairt mar chuid den TPT.

8.2 Gluaiseacht luacháil na n-infheistíochtaí faoi threoir

Banc na hÉireann 2017
€m
2016
€m
Luacháil tosaigh 1,056 1,525
Gnóthachan/(caillteanas) infheistíochta le linn na tréimhse 16 (469)
Luacháil Deiridh 1,072 1,056
Bainc-Aontas Éireann
Luacháil tosaigh 11,595 12,236
Diúscairt gnáthscaireanna (3,434) -
Gnóthachan/(caillteanas) infheistíochta le linn na tréimhse 2,304 (641)
Luacháil Deiridh 10,465 11,595

Mar chuid de TPT an AIB i Meitheamh 2017, rinne an Ciste 780,384,606 scair a dhiúscairt agus fuair sé €3.43bn ina leith. Rinneadh na fáltais sin a aistriú ar ais go dtí an Státchiste ina dhiaidh sin (Féach nóta 11.2).

< NÓTA 7

NÓTA 9 >