5. Costais oibriúcháin

Is mar seo a leanas atá an tsuim a theastaíonn chun freastal ar chostais bhainistíochta infheistíochta agus riaracháin an Chiste:

5.1 Punann Lánroghnach - táillí agus speansais

2017
€m
2016
€m
Táillí Bainisteoirí Infheistíochta 14 10
Athmhuirear GBCN 12 10
Táillí dlí 3 2
Táillí Caomhnóirí Domhanda 1 1
Córais agus seirbhísí 1 1
Táillí cánach 1 1
Táillí eile 0 1
32 26

Faoi alt 48 d’Acht GBCN 2014, is gá na speansais a thabhaíonn an Ghníomhaireacht agus a cuid feidhmeanna i leith an Chiste á gcomhlíonadh aici a ghlanadh ón gCiste. B’ionann iad sin agus €12.5m i 2017 (2016: €10.4m).

5.2 Punann Dírithe – táillí agus speansais

2017
€m
2016
€m
Úschostais 0 0

Léiríonn an úschostais thuas ús dhiúltach gearrtha ar chuntas an Banc Ceannais.

5.3 Táillí comhairle

I gcomhréir le ceanglais an Chóid Chleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú 2016 (“an Cód”), déantar táillí comhairle arna dtabhú ag an gCiste le linn na bliana a nochtadh thíos. Ós rud é go bhfuil an Cód á ghlacadh den chéad uair, cuirtear figiúirí na bliana reatha i láthair mar seo a leanas:

2017
€m
Dlí 3
Comhairle airgeadais agus cánach 1
Pinsin agus acmhainní daonna 0
Eile 0
4

Cuirtear na costais sin san áireamh i Nóta 5.1 Táillí agus costais agus cuimsítear aon táillí comhairle arna n-athghearradh trí GNBS leo.

< NÓTA 4

NÓTA 6 >