16. Bainistíocht riosca airgeadais - Punann faoi Threoir

16.1 Luachanna córa na nIonstraimí Airgeadais

i) Creat luachála

Is faoi threoir an Aire Airgeadais a dhéantar gach infheistíocht agus diúscairt a bhaineann leis an bPunann faoi Threoir. Maidir leis an bpunann faoi threoir, tá sé de chúram ar an nGníomhaireacht treoracha an Aire Airgeadais a chur i bhfeidhm agus urrúis ábhartha a luacháil i gcomhair ráitis airgeadais an Chiste.

Luacháladh gnáthshealúchas scaireanna an Chiste i mBanc na hÉireann agus AIB ag a phraghas bainteach luaite margaidh amhail an 31 Nollaig 2017.

Déanann Bank of New York Mellon, Caomhnóir Domhanda an Chiste, infheistíochtaí an Chiste i mBanc na hÉireann agus i mBainc Aontas Éireann a shealbhú. I gcás chliseadh Chaomhnóir Domhanda an Chiste, d’fhéadfadh sé go mbeadh lagú sealadach ann ar chumas an Chiste na hurrúis a aistriú. Is comhalta de mhórmhalartán urrús é Caomhnóir Domhanda an Chiste agus bhí rátáil chreidmheasa fhadtéarmach A1 aige le Moody’s an 31 Nollaig 2016. Déantar monatóireacht ar na rátálacha agus ar leorgacht creidmheasa an Chiste ar bhonn rialta agus athbhreithníonn na torthaí atá i dtuairisc SOC 1 ar rialuithe inmheánacha an Chaomhnóra Dhomhanda ar bhonn ráithiúil.

Sa tábla thíos tá anailís ar ionstraimí airgeadais ag luach cóir ar an dáta tuairiscithe de réir an leibhéil san ordlathas luacha chóir. Tá na méideanna bunaithe ar na luachanna aitheanta sa Ráiteas ar Staid Airgeadais. Tá gach tomhas luacha chóir thíos athfhillteach.

2017 Leibhéal 1
€m
Leibhéal 2
€m
Leibhéal 3
€m
Iomlán
€m
Bainc-Aontas Éireann 10,465 - - 10,465
Banc na hÉireann 1,072 - - 1,072
11,537 - - 11,537
2016 Leibhéal 1
€m
Leibhéal 2
€m
Leibhéal 3
€m
Iomlán
€m
Bainc-Aontas Éireann - 11,595 - 11,595
Banc na hÉireann 1,056 - - 1,056
1,056 11,595 - 12,651
Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh

Is ionann an luach sócmhainní sa Phunann faoi Threoir a bhí neamhchosanta ar riosca praghas margaidh an 31 Nollaig 2015 agus luach na n-infheistíochtaí mar atá leagtha amach sa tábla seo a leanas:

2017
€m
2016
€m
Neamhchosaint ar riosca praghas margaidh
Bainc-Aontas Éireann 10,465 11,595
Banc na hÉireann 1,072 1,056
11,537 12,651
Gan neamhchosaint ar riosca praghas margaidh
Airgead Tirim 215 215
Iasacht CBSÉ - 25
215 240

Iomlán na nInfheistíochtaí faoi threoir 11,752 12,891

< NÓTA 15

NÓTA 17 >